You are currently viewing An Chaor Chon

An Chaor Chon

Dath Bláth:
Cineál Planda: , ,
Ord:
Fine:
Géineas:
Gnáthóg:
Faoi Bhláth:
Stádas:

Viburnum opulus

Ainmneacha Eile: Ceiriochán,[6, 9] Rós Ollannach,[31]
Béarla: Guelder Rose, Water Elder, Marsh Elder[9], Dogberry, Snowball Tree
An Chaor Chon ag fás ag bhruach Loch Coirib

Is sceach dúchasach duillsilteach an chaor chon atá idir 2-4m ar airde. Duilleoga bosacha a bhíonn air, le idir 3-4 maothán fiaclacha, agus bíonn siad ar aghaidh a chéile ar an ngas. Dath glas dorcha a bhíonn ar na duilleoga, a athraíonn go dearg sa bhfómhar. Braislí de bhláthanna bána a bhíónn air – bíonn na bláthanna ar an taobh istigh torthúil, agus na bláthanna ar an taobh amuigh neamhthorthúil. Is drúp dearg atá sa toradh, a bhreathnaíonn cosúil le caor. [2, 32] Fásann sé ar fud na hÉireann, seachas an chósta iarthair.[1] Faightear i scrobarnach é, i bhfálta seacha, agus ar bhruach aibhneacha agus locha.[2]

Ainmneacha ar an gChaor Chon

Is féidir dul in aimhréidh le hainmneacha difriúla an phlanda seo. Thugtaí dogberry ar an gcaor chon i mBéarla, ach tá crann eile, an coinbhile nó an conbhaiscne (Cornus sanguinea), ar a dtugtar an dogberry-tree (tá dogwood níos mó in úsáid anois). Is sceach dúchasach, ach annamh, é seo. Tosaíodh ansin ag tabhairt Guelder rose ar an gcaor chon (cé nach rós é), seachas dogberry, mar gur ceapadh gur ó Gelderland san Ísiltír a tháinig saothróg choitianta den planda sin (tugann Moloney an Rós Holóndach ar an gcaor chon).[4]Guelder rose in úsáid níos minice ná dogberry anois don chaor chon i mBéarla. Deireann Lane gur ionann dogberry agus berry of the dogbrier, agus tá caorchon, sgeachóidí madra, agus braoileóg na gcon aige do na focail seo.[9] Ach is dóigh gurb í an fheirdhris (Rosa canina) an dogbrier (tá an t-ainm dog-rose níos coitianta), agus go deimhin tugtar sceachóidí ar mhogóirí, nó torthaí, an róis úd. Le rudaí a dhéanamh níos casta fós, tugtar dogberry ar speicis éagsúla den ghéineas Sorbus – an géineas céanna ina bhfuil an caorthann (Sorbus aucuparia). Tá céir-íocan i nGaeilge na hAlban ag Cameron ar an bplanda – deir sé go dtagann an t-ainm ó chuma chéiriúil na mbláthanna[33]. Tá ceiriochán ar an bplanda in Éirinn freisin.

Duilleoga an chrainn.

Níl na hainmneacha seo luaite i mBailiúchán na Scol, ná na leaganacha éagsúla Gaeilge den phlanda seo ach an oiread. Tugann sé seo le fios nach raibh mórán úsáide ag daoine don phlanda seo in Éirinn, agus go deimhin ní planda é le go leor béaloidis sa tír seo, ná go deimhin in iarthar na hEorpa.[34] Ach tá go leor úsáide á baint as in oirthear na hEorpa, go háirithe sa Úcráin, áit gur siombail den tír sin atá sa gcaor chon in amhráin phobail Úcráinise.[35]

Torthaí ar an gCaor Chon.

Úsáid an Phlanda

Tá na torthaí inite, cé go bhfuil na torthaí a bhíonn ar an gcaor chon crapthach agus géar. Cuireann na torthaí as don bholg. Is le linn an gheimhridh, nuair a ardaíonn an méid siúcra a bhíonn sna torthaí, a bhíonn na torthaí níos inite.[36] Úsáidtear iad le blas a chur i mil i dtuaisceart na hEorpa[3], agus déantar glóthán leo i gCeanada.[37] Déantar subh, coirdial, tae luibhe, agus licéar astu sa Rúis agus sa Úcráin. [38] Sa Tuirc, úsáidtear na coara mar chógas leighis do bhreoiteachtaí amhail galar croí, brú fola ard, fuiliú, slaghdáin, agus diaibéiteas.[39] Déantar deoch traidisiúnta, gilaburu, as na caora sa Tuirc freisin. Stóráiltear na torthaí in uisce, in áit dhorcha, ar feadh 4 mhí chun iad a choipeadh agus an blas géar a mhaolú.[40]

Ní léir go dtaitníonn torthaían phlanda seo le héanacha an oiread sin, mar gur minic iad fós ar an gcraobh i lár an gheimhridh. Ach, nuair a thagann an crua ar an tairne agus gan mórán eile ar fáil, itheann síodeiteacha[41], smólaigh, spideoga, agus corcráin coille iad. Itheann sionnaigh agus luchain na síolta freisin agus scaipeann an planda dá thoradh seo.[42]

An géineas Viburnum

Tá speicis eile sa ngéineas Viburnum ag fás in Éirinn chomh maith leis an gcaor chon. Tá Viburnum tinus (nó Viburnum laurustinus) ar cheann acu, sceach síorghlas a bhfuil an-tóir air i ngairdíní na tíre mar gheall ar na bláthanna geimhridh a bhíonn air. D’éalaigh sé ó na gairdíní sin agus é ag fás go fiáin anois in oirdheisceart na tíre.[1]

Tá an chraobh fhiáin (Viburnum lantana) neamhdhúchasach agus annamh in Éirinn. Is Viburnum an Laidin atá ar an gcraobh fhiáin, seach 3m (nó crann 6m i gcoinníollacha maithe)[7] a fhásann ar fud na hEorpa agus sa mBreatain. Bláthra de bhláthanna beaga bána a bhíonn air agus braislí de chaora a athraíonn ó ghlas go dearg go dubh de réir mar a aibíonn siad.[2] Is de dhéanamh na craoibhe fiáine a bhí saigheada Ötzi, fear a mhair sa tréimhse Neoiliteach agus a fritheadh sna sléibhte idir an Ostair agus an Iodáil. Bhí ábhar plandaí eile ar a phearsa. Bhí a chuid bróga ceangailte le sreangán ón gcrann teilinn (Tilia spp.), is as an iúr (Taxus baccata) a bhí bhogha agus lámh a thua déanta, bhí a bholg saighead treisithe le coll (Corylus avellana), agus bhí feirc fuinseoige (Fraxinus excelsior) a bhí ar a mhiodóg. Bhí soitheach déanta as coirt beithe (Betula spp.) aige, slata learóige (Larix spp) a bhí mar chuid dá mhála droma, agus sa soitheach bhí fioghual de phéine (Pinus spp.) agus fearnóg ghlas (Alnus viridis) fillte i nduilleoga den mhailp Lochlannach (Acer platanoides).[8] Léiriú é seo ar thábhacht na gcrainnte do na daoine a mhair níos mó ná 5000 bliain ó shin.


Íomhánna den Chaor Chon


Tagairtí

1.           Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

2.           Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.

3.           Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.

4.           Moloney, M.F., Irish ethno-botany and the evolution of medicine in Ireland. 1919: MH Gill.

5.           Hogan, E., Luibhleabhrán: Irish and Scottish Gaelic Names of Herbs, Plants. Trees (Dublin, 1900). 50.

6.           Dinneen, P.S., An Irish-English Dictionary. 1927: Educational Company of Ireland.

7.           Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.

8.           Oeggl, K., The significance of the Tyrolean Iceman for the archaeobotany of Central Europe. Vegetation History and Archaeobotany, 2009. 18: p. 1-11.

9.           Lane, T.O.N., Lane’s English-Irish Dictionary…: Compiled from the Most Authentic Sources. 1904: D. Nutt.

10.         Ó Dónaill, N. and T. De Bhaldraithe, Foclóir Gaeilge-Béarla. 1992: An Gúm.

11.         Enescu, C., T. Durrant, and G. Caudullo, Sambucus nigra in Europe: distribution, habitat, usage and threats. 2016.

12.         Fossitt, J.A., A Guide to Habitats in Ireland, A.C. Oidhreachta, Editor. 2000.

13.         Atkinson, M.D. and E. Atkinson, Sambucus nigra L. Journal of Ecology, 2002. 90(5): p. 895-923.

14.         Scott-Brown, A.S., et al., Mechanisms in mutualisms: a chemically mediated thrips pollination strategy in common elder. Planta, 2019. 250(1): p. 367-379.

15.         Charlebois, D., et al., Elderberry: botany, horticulture, potential. Horticultural Reviews, Volume 37, 2010. 37: p. 213-280.

16.         Moore, D.M., Flora Europaea Vol. 4, edited by TG Tutin, VH Heywood, NA Burges, DM Moore, DH Valentine, SM Walters, and DA Webb. Cambridge University Press,£ 25. Oryx, 1977. 14(1): p. 77-77.

17.         Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.

18.         Jarić, S., et al., An ethnobotanical study on the usage of wild medicinal herbs from Kopaonik Mountain (Central Serbia). Journal of Ethnopharmacology, 2007. 111(1): p. 160-175.

19.         Schmitzer, V., R. Veberic, and F. Stampar, European elderberry (Sambucus nigra L.) and American Elderberry (Sambucus canadensis L.): Botanical, chemical and health properties of flowers, berries and their products. Berries Prop. Consum. Nutr, 2012. 2012: p. 127-144.

20.         Trinseach, T., TOY GUNS. Béaloideas, 1949. 19(1/2): p. 124-124.

21.         Salamon, I. and D. Grulova, Elderberry (Sambucus nigra): from Natural Medicine in Ancient Times to Protection against Witches in the Middle Ages – a Brief Historical Overview. 2015.

22.         Metcalfe, C.R., The Elder Tree (Sambucus nigra L.) as a Source of Pith, Pegwood and Charcoal, with Some Notes on the Structure of the Wood. Kew Bulletin, 1948. 3(2): p. 163-171.

23.         Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.

24.         Wood, C., Science and Politics in the War on Cattle Diseases: The Kansas Experience, 1900-1940. Agricultural History, 1980. 54(1): p. 82-92.

25.         Skowrońska, W., et al., Wound healing potential of extract from Sambucus nigra L. leaves and its fractions. Journal of Ethnopharmacology, 2024. 320: p. 117423.

26.         Młynarczyk, K., D. Walkowiak-Tomczak, and G.P. Łysiak, Bioactive properties of Sambucus nigra L. as a functional ingredient for food and pharmaceutical industry. Journal of Functional Foods, 2018. 40: p. 377-390.

27.         Mac Coitir, N., Ireland’s Trees–Myths, Legends & Folklore. 2016: Gill & Macmillan Ltd.

28.         Ó Cléirigh, T., Gleanings in Wicklow. Béaloideas, 1928. 1(3): p. 245-252.

29.         Mac Coitir, N., Ireland’s Wild Plants–Myths, Legends & Folklore. 2017: Gill & Macmillan Ltd.

30.         Mc Loughlin, J., Trees and woodland names in Irish placenames. In. Irish Forestry, 2016. 73: p. 239-257.

31.         de Bhaldraithe, T., English-Irish Dictionary. 2004, Baile Átha Cliath: An Gúm.

32.         Rose, F., et al., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. (No Title), 2006.

33.         Cameron, J., The Gaelic Names of Plants: (Scottish, Irish and Manx). 1883, Dún Éireann, Londain: William Blackwood and Sons.

34.         Kozlowska, W., et al., Botanical provenance of traditional medicines from Carpathian mountains at the Ukrainian-Polish border. Frontiers in pharmacology, 2018. 9: p. 295.

35.         Bukhnieva, O. and W. Chen, Ukrainian Folklore: Historical and Artistic Aspects. Journal of Danubian Studies and Research, 2023. 13(2): p. 94-100.

36.         Rop, O., et al., Antioxidant Properties of European Cranberrybush Fruit (Viburnum opulus var. edule). Molecules, 2010. 15(6): p. 4467-4477.

37.         Sedat Velioglu, Y., L. Ekici, and E.S. Poyrazoglu, Phenolic composition of European cranberrybush (Viburnum opulus L.) berries and astringency removal of its commercial juice. International Journal of Food Science & Technology, 2006. 41(9): p. 1011-1015.

38.         Kajszczak, D., M. Zakłos-Szyda, and A. Podsędek, Viburnum opulus L.—A review of phytochemistry and biological effects. Nutrients, 2020. 12(11): p. 3398.

39.         Karaçelik, A.A., et al., Antioxidant components of Viburnum opulus L. determined by on-line HPLC–UV–ABTS radical scavenging and LC–UV–ESI-MS methods. Food chemistry, 2015. 175: p. 106-114.

40.         Baschali, A., et al., Traditional low-alcoholic and non-alcoholic fermented beverages consumed in European countries: a neglected food group. Nutrition Research Reviews, 2017. 30(1): p. 1-24.

41.         Witmer, M.C., Nutritional Interactions and Fruit Removal: Cedar Waxwing Consumption of Viburnum opulus Fruits in Spring. Ecology, 2001. 82(11): p. 3120-3130.

42.         Kollmann, J. and P.J. Grubb, Viburnum lantana L. and Viburnum opulus L. (V. lobatum Lam., Opulus vulgaris Borkh.). Journal of Ecology, 2002. 90(6): p. 1044-1070.