You are currently viewing  An tAiteann Gaelach <br><span style='font-size:16px;'>Ulex gallii</span>

An tAiteann Gaelach
Ulex gallii

Dath Bláth:
Cineál Planda: , ,
Ord:
Fine:
Géineas:
Duilleog:
Gnáthóg: ,
Faoi Bhláth:
Stádas:
Airde:
Pailniú: ,
Scaipeadh Síolta:
Úsáid: , ,

Ainmneacha Eile: Mionaiteann, Aiteann Mín; Mínaiteann[1]; Aitnín/Aitinnin Gaeldhealach,[1] Aitinne Bheag,[1] Aitinn Chaiteach[1]

Béarla: Western Gorse, Autumn Gorse, Mountain Furze[2]

Tréithe Suntasach na Sceiche

  • Sceach shíorghlas, dheilgneach.
  • Sceach níos ísle ná an t-aiteann gallda.
  • Coitianta san iarthar.
  • Bláthaíonn sé sa bhfómhar.
  • Dath buí órga ar na bláthanna.
  • Pléascanna faighneoga le síolta a scaipeadh.
  • Fosaíonn sé nítrigin sa talamh.              

Clúdaíonn an t-aiteann Gaelach sciar mhaith de bhratphortach Chonamara.

Réimse Dúchais an Aitinn

Is sceach íseal shíorghlas í an t-aiteann Gaelach a fhásann i gcréafóg bhocht, aigéadach. Tá an planda in ann ag talamh fhliuch nó thirim.[3] Faightear freisin ar ailltreacha é, ar thalamh gan saothrú, agus ar gharrantaí tréigthe. Is iondúil go bhfásann sé ar thalamh íseal, ach tá sé ag fás ag 670m sna Cruacha Dubha, i gContae Chiarraí.[4] Fásann an t-aiteann Gaelach i ndeisceart na tíre, agus in iarthar Chontae na Gaillimhe, le pócaí beaga eile ar shléibhte Chill Mhantáin agus sna Beanna Boirche i gContae an Dúin.[4] Fásann an sceach seo go dúchasach freisin in iarthar na Fraince agus tuaisceart na Spáinne.[3] Mar a bheifeá ag súil leis óna réimse dúchais, is aeráid aigéanach is mó atá luaite leis an bplanda seo.[3]

Bíonn an duilliúr óg bog
Géaga agus duilleoga deilgneacha ar an aiteann Gaelach.

Cuma na Sceiche

Tá an sceach níos ísle ná an t-aiteann gallda (Ulex europaeus). Ní minic a fhásann sé níos airde ná 1.5m, agus is iondúil go mbíonn sé sínte cuid mhaith níos ísle ná sin. Is dath glas dorcha a bhíonn ar duilliúr an phlanda.  Ní bhíonn na deilgní chomh fada ná chomh righin le deilgní an aitinn ghallda. Is dath órbhuí a bhíonn ar bhláthanna an aitinn Ghaelaigh, le hais an dath buí éadrom a bhíonn ar bhláthanna an aitinn ghallda. Is ag deireadh an tsamhraidh is mó a thagann bláthanna ar an aiteann Gaelach, agus is iondúil nach mbíonn mórán sceacha den aiteann gallda faoi bhláth ag an am sin.

Is taobh istigh d’fhaighneog a bhíonn na síolta – bíonn an fhaighneog fhéin timpeallaithe ag na bláthanna feoite donn. Osclaíonn na faighneoga san Earrach go pléascach chun na síolta a scaoileadh (tá an pléasc in ann iad a chaitheamh 18cm ón bhfaighneog), agus is féidir le seangáin iad a scaipeadh 4m níos faide ón sceach.[3]

Is mar a chéile a bhíonn blathanna an aitinn ghallda (Ulex europaeus) agus na bláthanna a bhíonn ar an aiteann Gaelach.
Maraon leis an aiteann gallda, bíonn go leor bláthanna ar an aiteann Gaelach agus é faoi bhláth.

Is iondúil go bhfeictear cineálacha fraoch, amhail an bhfraoch mór (Calluna vulgaris) agus an fraoch cloigíneach (Erica cinerea) ag fás in éineacht leis an aiteann Gaelach (agus sa mullach ann, ag fás tríd na deilgní). Maraon leis an aiteann gallda, cuireann an t-aiteann Gaelach meatháin nua aníos go luath tar éis loiscthe sléibhe.[3]

Is planda íseal é an aiteann Gaelach, agus fásann plandaí cosúil le fraoch, féar, agus bláthanna eile aníos tríd an sceach.

Is cosúil leis an aiteann Gaelacha atá Ulex minor, atá fairsing i ndeisceart Shasana agus atá feicthe anseo agus ansiúd in Éirinn.[4] Is í fad na cailíse an mhéadrach a úsáidtear le idirdhealú a dhéanamh idir an dá speiceas – bíonn cailís níos faide ná 9mm ag an aiteann Gaelach, agus bíonn sé níos giorra in Ulex minor.[5]

Is féidir níos mó a léamh faoi stair an aitinn in Éirinn anseo.

Tuilleadh Íomhánna

Tagairtí

1.  Lucas, A.T., Furze: A Survey and History of Its Uses in Ireland. Béaloideas, 1958. 26: p. 1-204.

2.  Mac Coitir, N., Ireland’s Trees–Myths, Legends & Folklore. 2016: Gill & Macmillan Ltd.

3.  Stokes, K.E., J.M. Bullock, and A.R. Watkinson, Ulex gallii Planch. and Ulex minor Roth. Journal of Ecology, 2003. 91(6): p. 1106-1124.

4.  Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

5.  Rose, F., et al., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. (No Title), 2006.