You are currently viewing  An Céadar Crón Iartharach <br><span style='font-size:16px;'>Thuja plicata</span>

An Céadar Crón Iartharach
Thuja plicata

Cineál Planda: , ,
Ord:
Fine:
Géineas:
Duilleog:
Faoi Bhláth:
Stádas:
Airde:
Pailniú:
Scaipeadh Síolta:

Béarla: Western Red Cedar; Western Redcedar

Tréithe Suntasacha an Chrainn

  • Buaircíneach, ard, síorghlas.
  • Duilleoga beaga gainneacha.
  • Pátrún bán i bhfoirm féileacáin ar thaobh íochtair na nduilleog.
  • Boladh anainn uaidh na duilleoga brúite.

An céadar crón iartharach in iarthar Chontae na Gaillimhe.

Dáileadh an Chrainn

In ainneoin ainm an chrainn seo, ní fíor-céadar é an céadar crón iartharach (mar nach bhfuil sé sa ngéineas Cedrus), cé go bhfuil an géineas Thuja sa bhfine céanna, Cupressaceae, leis na céadair. Cúig speiceas atá sa ngéineas Thuja, péire dúchasach do Mheiriceá Thuaidh agus trí cinn ón Áis.[1] Tá an chrann seo ar an t-aon Thuja atá curtha go fairsing in Éirinn[2].

Maraon le buaircíneacha eile a fhásann go maith in Éirinn, amhail an sprús Sitceach (Picea sitchensis) agus cufróg Lawson (Chamaecyparis lawsoniana), is ó chósta tais iarthair Mheiriceá Thuaidh a thagann an crann seo ó dhúchas.

Cuma an Chrainn

Tá sé ar an Thuja is airde — is minic leo 60m a bhaint amach ina gceantar dúchais[3] agus tá crann i gCúirt an Phaoraigh i gCill Mhantáin atá os cionn 47m ar airde. Bíonn imlíne an stoic os cionn 6m i gcrainnte lánfhásta. Coinníonn siad orthu ag fás fiú nuair a bhriseann an ghaoth an stoc in uachtar an chrainn, rud a tharlaíonn go minic ina cheantar dúchais. Maireann siad idir ar feadh idir 800-1000 bliain.

Bíonn cuma cónúil ar chrainnte óga, cé go leathnaíonn barr an chrainn amach nuair a shroicheann sé os cionn 30m.[3] Leathann na craobhacha amach go cothrománach ón stoc. Bíonn dath donndhearg dorcha ar an gcoirt agus iomairí domhain ingearacha suas anuas ar an stoc.

Amhail céadair eile, ní scaoileann duilliúr dlúth an chéadair seo mórán solais tríd. Bíonn fáschoillte an chrainn seo dorcha agus gan mórán plandaí ag fás fúthu.

Duilleoga an Chrainn

Ní ionann duilleoga na gcufróga agus duilleoga buaircíneacha eile cosúil leis na sprúis agus na giúiseanna. Is duilleoga beaga iad (2-3mm ar fhad) cosúil le gainní a chlúdaíonn an ghéag. Cé go mbíonn siad biorrach, bíonn siad chomh brúite isteach in aghaidh na géige go n-airíonn an duilliúr mín, bog, agus cleiteach. Is ón bhfocal Laidine do fillte a thagann an t-ainm plicata, tagairt do na duilleoga a bhreathnaíonn cosúil le trilseán ar an ngéag.

Is duilleoga gainneacha a chlúdaíonn na géaga a bhíonn ar an gcéadar crón iartharach.
Bíonn pátrúin bhána, cosúil le féileacáin, tréith atá uathúil don chrann seo, ar thaobh íochtair na nduilleog.

Is dath glas lonrach a bhíonn duilliúr an chrainn agus bíonn marcanna bána ar thaobh íochtair na nduilleog. Is cosúil le cruth féileacáin atá na marcanna bána, agus is tréith uathúil iad na marcanna seo don speiceas (is níos cosúla le línte bána atá na marcanna ar dhuilleoga na cufróige Lawson). Bíonn cuma leacaithe ar dhuilliúr an chrainn agus cé go mbíonn siad sleabhctha go minic, bíonn deiridh na gcraobh íochtair (a fhanann ar an gcrann, go hiondúil) iompaithe suas i gcrainnte a bhíonn níos sine. Bíonn boladh milis anainn uaidh na duilleoga má bhristear iad — níl an boladh céanna ag comhchosúla, amhail cufróg Lawson agus cufróg Leyland.

Cóin bhaineanna an chrainn ag deireadh na ngéag.

Buaircíní an Chrainn

Is crann moinéiciach é an céadar crón iartharach  – bíonn bláthanna (tugtar cóin orthu) baineanna agus fireanna ar an gcrann céanna. Bíonn na cóin fhireanna beag agus neamhfheiceálach. Bíonn na cóin bhaineanna beag, bíonn dath dearg nó corcra orthu, agus fásann siad ag deireadh na ngéag.

Forbraíonn buaircín adhmadach san áit a raibh an cón baineann.

Tar éis dóibh pailniú, fásann na buaircíní beaga go ceartingearach ar deireadh na gcraobhacha. Bíonn siad níos lú agus bíonn cruth éagsúil orthu ó bhuaircíní na gcufróg eile a fheictear in Éirinn. Tosaíonn siad amach le dath glas orthu, agus tagann dath donn orthu sa bhfómhar. Osclaíonn siad chun na síolta a scaoileadh.

Úsáid an Chrainn

Is iomaí úsáid a bhaineann na treibheanna ar chósta iarthuaisceart Mheiriceá as an gcrann seo. Is uaidh an gcrann seo a fuair siad beatha, leigheas, éadach, agus foscadh, gan trácht ar an iomaí úsáide a bhain siad as an adhmad fhéin mar ábhar tógála.[4]

Tá adhmad an chrainn seo marthanach mar go bhfuil ceimiceach ann ar a dtugtar thujaplicin, ar fuingicíd é, agus a bhfuil tréithe frithbhaictéaracha aige.[5] Úsáidtear an ceimiceach seo i gcosmaidí, mar bhreiseán bhia, agus i dtionscal na talmhaíochta. Mar gurb é an inslitheoir teirmeach is fearr i measc na mbuaircíneach,[6] tá éileamh ar adhmad bog na cufróige seo mar chumhdach ballaí seachtracha. Úsáidtear adhmad an chrainn mar chuaillí sconsaí freisin mar go scoilteann sé go héasca.

Cuirtear an céadar crón iartharach i bhfáschoillte in Éirinn mar gur crann scáthfhulangach é— is féidir é a chur faoi chrainnte atá lánfhásta i bhfáschoillte.[7] Anuas ar seo, is planda caol é nach gcuireann isteach ar chrainnte eile sa bhfáschoill.

Cuirtear an céadar crón iartharach i ngairdíní mar chrann ornáide agus, mar go bhfásann sé níos moille, mar chrann fáil in ionad chufróg Leyland. Tá na céadair crón iartharacha ag Caisleán na Blarnan, Co. Chorcaí, a cuireadh in 1874, ar na crainnte den chineál seo is sine in Éirinn.

Tuilleadh Íomhánna

Tagairtí

.1.          Johnson, O., Collins tree guide. 2004: HarperCollins Publishers.

2.            Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

3.            Wilson, S., et al., The redwoods and red cedar. Quaterly Journal of Forestry, 2016. 110(4): p. 244-256.

4.            Stewart, H., Cedar: tree of life to the Northwest Coast Indians. 2009: D & M Publishers.

5.            Trust, T. and R. Coombs, Antibacterial activity of β-thujaplicin. Canadian journal of microbiology, 1973. 19(11): p. 1341-1346.

6.            Hao, H., C.L. Chow, and D. Lau, Effect of heat flux on combustion of different wood species. Fuel, 2020. 278: p. 118325.

7.            Bothwell, K., The potential of western red cedar (Thuja plicata D. Don) in Ireland. Irish Forestry, 1998.