Níl mórán gnáthóg nádúrtha fhéaraigh in Éirinn mar gheall ar aeráid na tíre agus tionchar na talmhaíochta. Nuair a ligtear garraí féir dul i bhfiántas, is iondúil go ndéantar scrobarnach, móinteach nó coillearnach de. Ach éiríonn le go leor plandaí éagsúla, nach féar iad, fás a dhéanamh sna garrantaí agus sna páirceanna má choinnítear beostoc amach astu ar feadh scaithimh.
Tugtar ‘seamróga’ ar go leor plandaí éagsúla mar gheall ar chruth na nduilleog, an tseamair bhuí, an dúmheidic , an tseamair bhán agus an tseamair dhearg ina measc, agus tá siad go léir le fáil i dtalamh féaraigh. Tá an nóinín coiteann héileatrópach — bíonn sé i gcónaí dírithe i dtreo na gréine. Tá riosóim aige, sin gas faoi thalamh a fhásann go cothrománach tríd an gcréafóg. Fásann plandaí nua ón riosóm agus is mar seo a scaipeann an nóinín go dtí go bhfuil an garraí iomlán brataithe leo.
Bíonn bláthanna móra bána flúirseach ar thalamh féaraigh freisin, amhail an pheirsil bhó, an feabhrán agus an cúlarán. Tá siad go léir sa gclann plandaí céanna, an fine Apiaceae, in éineacht le plandaí nimhneacha cosúil leis an moing mhear agus plandaí contúirteacha eile le fótatocsainí, amhail an feabhrán capaill.
Is ar imill gharraí nó plásóg féir a fheictear an chluas luchóige choiteann agus is ar thalamh féaraigh freisin a fheictear an caisearbhán ag fás go flúirseach. Tá os cionn 250 speiceas de chaisearbháin aimsithe in Éirinn, agus is plandaí tábhachtacha iad do phailneoirí nuair a thagann na bláthanna buí amach luath sa mbliain, ag am nuair nach mbíonn mórán beatha eile ar fáil.