Béarla: Giant Redwood; Sierra Redwood; Giant Sequoia
Tréithe Suntasacha an Chrainn
- Buaircíneach síorghlas.
- Na crainnte is mó ar domhan.
Gnáthóga na Mórghiúise
Is buaircíneach síorghlas é an mhórghiúis dhúdach. D’fhás na crainnte móra seo ar fud an leathsféar thuaidh le linn Tréimhse an Chailcigh (145m-66m bliain ó shin), ach le hathrú aeráide thosaíodar ag cúlú an oiread sin nach bhfuil fágtha anois ach dáileadh iarmharach – clampaí beaga iargúlta scaipthe ar shléibhte Nevada i gCalifornia. Is ansin a fhaigheann siad na coinníollacha uathúla atá ag teastáil uathu le maireachtáil – sneachta trom, séasúr fáis measartha, talamh saibhir, agus tine, le go n-osclóidh na buaircíní chun na síolta laistigh a scaoileadh.[1]
Ollchrainnte
Glactar leis gurb í an mhórghiúis dhúdach an planda aon-stocach is mó ar domhain. Cé go bhfuil clampa de 47,000 crainn chreathacha (Populus tremuloides) i Colarado a chlúdaíonn 106 acra, is clóin dhá chéile iad, agus áirítear mar aon phlanda amháin iad. Tá na mórghiúiseanna chomh mór sin go mbreathnaíonn crainnte lánfhásta eile ar nós cipíní in aice leo. Cé nach é an crann is airde (is ag an gcrónghiúis (Sequoia sempervirens) atá an onóir sin), ná an crann is tiubha, is ag ‘General Sherman’, mórghiúis dhúdach atá ag fás 2,109m os cionn leibhéal na farraige i gCalifornia, atá an toirt is mó (1,487 m3) de chrann ar bith ar domhan.[2] Is 31m atá imlíne stoc an chrainn chéanna, agus tá sé 83m ar airde. Meastar go bhfuil sé 2,150 bliain d’aois, cé go mbíonn sé deacair aois na gcrainnte móra seo a thomhais go cruinn.
Cuma na Mórghiúise
Is coirt dheargdhonn a bhíonn ag na crainnte ollmhóra seo. Bíonn an choirt thiubh spúinseach, snáithíneach, agus an-scoilteach. Bíonn sé dófhriotaíoch, le go mbeidh an crann in ann ag na tinte a loisceann go rialta na sléibhte ina mbíonn sé ag fás. Bíonn na duilleoga gormghlasa gainneacha brúite in aghaidh na ngéag. Is buaircíní pailine (fireanna) beaga (2-5mm) a bhíonn ag an gcrann. Pailnítear na buaircíní baineanna idir Aibreán agus Bealtaine agus tagann na buaircíní baineanna chun aibíochta an bhliain dar gcionn.[3, 4]
An Mhórghiúis sa tSochaí
Cé go bhfuil adhmad na mórghiúise dúdaí an-bhog agus an-bhriosc, tá an t-adhmad marthanach agus ní lobhann sé go héasca. In ainneoin nach raibh margadh mór don adhmad seo, bhítí ag lománú na mórghiúiseanna dúdacha idir deireadh an 19ú aois agus tús an 20ú aois. Dheiridís go raibh níos mó adhmaid i mórghiúis amháin agus a bheadh in acra de chrainnte péine, nó go bhféadfaí 3000 cuaille sconsa agus 650,000 slinne anuas air sin a fháil ó stoc amháin.
Ní obair éasca a bhí ann. D’fhéadfadh na logálaithe seachtain a chaitheamh ag gearradh anuas mhórghiúis amháin. Bhí na crainnte chomh mór sin, agus an t-adhmad chomh bog agus chomh briosc, go mbrúití agus go mbristí iad faoina meáchain fhéin nuair a thitidís go talamh. Bhí obair mhór i gceist ansin chun an t-adhmad tite a shaothrú. Bhí an oiread sin sábhadóireachta i gceist, go mbainfidís úsáid as dinimít mar aicearra, agus chaillidís 80% den adhmad. In ainneoin na hoibre crua, agus an ioncaim íseal, lean an lomaíochta ar aghaidh go dtí gur facthas go raibh an crann i mbaol díothaithe. Caomhnaíodh na crainnte a bhí fágtha i bpáirceanna náisiúnta.[5]
Ainm an Chrainn
Nuair a chonaic coilínigh de bhunú na hEorpa i Meiriceá na crainnte móra seo den chéad uair (dár ndóigh bhí cleachtadh mhaith ag na Meiriceánaigh Dúchasach orthu) bhí uathu Washingtonia gigantea a thabhairt ar an ngéineas, in ómós do George Washington. Ach nuair a seoladh síolta an chrainn seo in 1853 chuig John Lindley, luibheolaí ag Ollscoil Londain, spréach luibheolaithe Mheiriceá nuair a thug Lindly Wellingtonia gigantea ar an gcrann, in onóir Arthur Wellesley, diúc Wellington a fuair an ceann is fearr ar Napolean i gcath Waterloo.
Ach bhí an t-ádh leis na Meiriceánaigh, mar fritheadh amach nach raibh an t-ainm sin bailí, mar gur úsáideadh an t-ainm Wellingtonia cheana fhéin chun géineas de chrann duillsilteach ón Áis a ainmniú. Moladh an mhórghiúis dhúdach a chur sa ngéineas Sequoia, in éineacht leis an gcrónghiúis (Sequoia sempervirens). Ach níor ceapadh go raibh an mhórghiúis sách cosúil leis an gcrónghiúis le go mbeidís sa ngéineas céanna. Socraíodh, mar sin, géineas nua a chruthú don chrann ollmhór seo, Sequoiadendron.[6]
An Mhórgiúis in Éirinn
Nuair a tháinig an crann seo go dtí an Bhreatain, bhí an-tóir air mar an crann is mó ar domhan. Cuireadh in eastáit agus crannlanna é. Ní hé an crann is mó fós ar na hoileáin seo –tá crainnte de na speicis an ghiúis Dhúghlais (Pseudotsuga menziesii) agus an ghiúis gheal (Abies alba) níos airde – ach tá na mórghiúiseanna dhúdacha a cuireadh sa 19ú aois fós ag fás.[7]
Tuilleadh Íomhánna
Tagairtí
1. Vale, T.R., Ecology and Environmental Issues of the Sierra Redwood (Sequoiadendron giganteum), Now Restricted to California. Environmental Conservation, 1975. 2(3): p. 179-188.
2. Stephenson, N.L., ESTIMATED AGES OF SOME LARGE GIANT SEQUOIAS: GENERAL SHERMAN KEEPS GETTING YOUNGER. Madroño, 2000. 47(1): p. 61-67.
3. Watson, F., Flora of North America North of Mexico. Vol. 2. 1993: Oxford University Press.
4. Weatherspoon, C.P., Sequoiadendron giganteum (Lindl.) Buchholz Giant Sequoia. Silvics of North America, 1990. 1: p. 552-562.
5. Hartesveldt, R.J., et al., The giant sequoia of the Sierra Nevada. The giant sequoia of the Sierra Nevada., 1975.
6. Buchholz, J.T., The Generic Segregation of the Sequoias. American Journal of Botany, 1939. 26(7): p. 535-538.
7. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.