Béarla: Coastal Redwood, Coast Redwood,
Tréithe Suntasacha an Chrainn
- Buaircíneach síorghlas.
- An chéad 2/3 de stoc chrainnte lánfhásta gan aon chraobh.
- Na crainnte is airde ar domhan.
Ollchrainnte Chalafornia
Tá an chrónghiúis, nó an sequoia mar a thugtar air go minic, ar cheann de na crainnte is mó ar domhain. Is minic dóibh 90m in airde a bhaint amach agus is crónghiúis an crann is airde ar domhan. Tá ‘Hyperion’, a fhásann i bPáirc Náisiúnta Redwood, California, 116m ar airde. Is ag fás i gCill Mhantáin atá ann chrónghiúis is airde in Éirinn, atá 45m ard. Is crainnte fadsaolacha iad, freisin. Tógann sé 500 bliain sula mbíonn an chrónghiúis lánfhásta, agus maireann siad ar feadh 1,500 bliain.
Ní fhaightear an buaircíneach síorghlas seo mórán níos faide ná 25 míle ón gcósta ina cheantar dúchais in iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh. Tugtar an crios ceomhar ar an stráice seo, mar go gcruthaítear ceo nuair a bhuaileann aer tais ón Aigéan Ciúin an t-uisce fuar atá amach ó chósta California. Is níos minice a tharlaíonn sé seo sa samhradh, agus is ar an gceo seo a bhíonn an chrónghiúis ag brath lena chuid uisce a fháil.
Cuma na Crónghiúise
Bíonn cruth pirimidiúil ag crónghiúiseanna óga, agus éiríonn crainnte níos sine colúnach. Leathann an barr amach i gcrainnte lánfhásta agus sleabhcann na craobhacha anuas ón stoc.[1] Is iondúil nach mbíonn aon chraobh ag fás ar an gcéad 2/3 den stoc.[2] Is dath deargdhonn a bhíonn ar an gcoirt spúinseach, snáithíneach. Bíonn an choirt dófhriotaíoch, tréith a chosnaíonn é ó thinte foraoise atá coitianta ina cheantar dúchais. Cé nach mbíonn tine ag teastáil uaidh na buaircíní sula n-osclóidh siad (bíonn sé seo amhlaidh le cineálacha crainnte eile), bíonn na síolta ag brath ar na coinníollacha a bhíonn ann tar éis loiscthe foraoise – créafóg lom, neart solais, agus gan aon iomaíocht le plandaí eile – le gur féidir leo péacadh agus fás.
Bíonn dhá ró de dhuilleoga spíonlacha, leacaithe, biorracha, ar chaon taobh den ghéag. Is dath glas a bhíonn siad in uachtar agus bíonn dhá bhanda bán ar an taobh íochtair. Is buaircíní ubhacha na torthaí, a bhíonn ina n-aonar ag deiridh na géaga. Forbraíonn siad i gcaitheamh an tsamhraidh agus osclaíonn na buaircíní chun na síolta a scaoileadh ó Mheán Fómhair go Nollaig.[3] Tá an chrónghiúis ar cheann de bheagán buaircíneacha a ghlacann le bunscoitheadh, agus is féidir le craobhacha a thiteann ón gcrann fréamhacha a fhás agus crainnte nua (clóin) a ghiniúint.
Crainnte Ailbíneacha
Tá an chrónghiúis ar cheann de bheagán speiceas de chrainnte gur féidir le plandaí ailbíneacha den speiceas sin maireachtáil. Mar nach bhfuil plandaí ailbíneacha in ann clóraifill (a thugann dath glas do na duilleoga) a ghiniúint, níl siad in ann solas na gréine a athrú go fuinneamh don phlanda, agus is iondúil nach mbíonn na plandaí in ann maireachtáil gan an fuinneamh sin. Ach, mar go roinneann crónghiúiseanna ailbíneacha a gcuid rútaí lena mháthair phlanda, éiríonn leo fás.[4] Is iondúil go mbriseann na crainnte atá á gcothú an ceangal le codanna den chrann nach bhfuil an giniúint dóthain siúcra. Ní fios cén fáth nach ndéanann na crainnte é seo, agus go nglacann siad leis na crainnte ailbíneacha.
An t-ainm eolaíoch
Ceaptar gur in onóir do Sequoyah (c.1770-1843), ball do na bundúchasaigh Seiricíoch agus ileolaí aitheanta a bhunaigh córas scríbhneoireachta do Sheiricis, a ainmníodh an crann seo.[5] Is luibheolaí ón Ostair, Stephen Endlicher, a thug an t-ainm eolaíoch don chrónghiúis, ach cailleadh go gairid ina dhiaidh sin é gan taifead ar bhrí an ainm a fhágáil ina dhiaidh. Tuigeadh go raibh spéis ag Endlicher i dteangacha, agus luíonn sé le réasún go n-ainmneodh sé an crann sin in ómós do theangeolaí a rinne an oiread do theangacha na Seiricíoch.[6]
Tugadh an chrónghiúis isteach go hEoraip in 1840[2] agus cuireadh é i bpáirceanna, in eastáit, agus i gcrannlanna ó shin i leith. Tá créafóg dhomhain, thais, ag teastáil ón gcrann le go bhfásfaidh sé go maith. Tá aeráid na hÉireann in oiriúint don chrónghiúis agus is in oirthuaisceart na tíre is mó atá na crainnte seo curtha anseo, cé go bhfuil siad le feiceáil anseo agus ansiúd in áiteanna eile freisin.[7]
Tuilleadh Íomhánna
Tagairtí
1. Johnson, O., Collins tree guide. 2004: HarperCollins Publishers.
2. Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.
3. Olson, D., D.F. Roy, and G.A. Walters, Sequoia sempervirens (D. Don) Endl. Redwood. Silvics of North America, 1990. 1: p. 541-551.
4. Pittermann, J., et al., The water relations and xylem attributes of albino redwood shoots (Sequioa sempervirens (D. Don.) Endl.). PLoS One, 2018. 13(3): p. e0191836.
5. Lowe, G., Endlicher’s sequence: the naming of the genus Sequoia. Fremontia, 2012. 40(I-2): p. 25-35.
6. Hartesveldt, R.J., et al., The giant sequoia of the Sierra Nevada. The giant sequoia of the Sierra Nevada., 1975.
7. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.