You are currently viewing  An tSaileach Bhriosc <br><span style='font-size:16px;'>Salix x fragilis</span>

An tSaileach Bhriosc
Salix x fragilis

Dath Bláth:
Cineál Planda: , , ,
Ord:
Fine:
Géineas:
Duilleog: ,
Faoi Bhláth:
Stádas:
Airde:
Pailniú:
Scaipeadh Síolta:

Béarla: Crack Willow

Tréithe an Chrainn

  • Crann mór, duillsilteach
  • Bláthanna (Caitíní) baineanna agus fireanna ar chrainnte difriúla.
  • Briseann géaga an chrainn go héasca (tá siad briosc).

Dáileadh an Chrainn

Go dtí le gairid, aithníodh an tsaileach bhriosc mar speiceas as fhéin. Ach aithnítear anois gur hibrid atá ann idir an tsaileach bhán (Salix alba) agus Salix euxina, crann as an Tuirc agus na sléibhte Chugais[2] agus atá ag fás i dtuaisceart agus i ndeisceart na tíre seo. Ní ar aon tinn atá luibheolaithe faoin gceist seo, rud a léiríonn cé chomh casta agus atá sé saileacha difriúla a rangú.[3]

Tá an tsaileach bhriosc fairsing in Éirinn, seachas san iarthar agus san iarthuaisceart.[4] Crann ard is ea an tsaileach bhriosc, a bhreathnaíonn cosúil leis an tsaileach bhán, ceann dá chuid tuismitheoirí.

Caitín baineann na sailí

Cuman na Sailí

Caol, mín, agus lonrach, le dath buídhonn a bhíonn na géaga. Is furasta na géaga a bhriseadh den chrann– ceaptar gur ón tréith seo a fuair an crann an t-ainm eolaíoch fragilis, cé go ndeireann foinsí eile gur ag tagairt do na scoilteanna domhain a bhíonn sa gcoirt dhonn.

Bíonn na bachlóga buídhonn, neamhchlúmhach agus brúite isteach ar an ngéag. Dath glas dhorcha lonrach a bhíonn ar thaobh uachtair na nduilleog lansacha, gormghlas agus níos gile a bhíonn siad in íochtar. Bíonn na duilleoga níos faide ná duilleoga na sailí báine. Titeann na stípeoga go luath sa séasúr fáis[5] Bíonn na duilleoga aibí neamhchlúmhach,[6] ach d’fhéadfadh go mbeadh ribí gruaige ar na duilleoga óga.

Caitín fireann na sailí.

Bláthanna agus Torthaí

Dath buí a bhíonn ar staimíní na gcaitíní fireanna agus dath glas a bhíonn ar na caitíní baineanna. Osclaíonn na caitíní in éineacht leis na duilleoga,[5] timpeall mí Aibreán. Pailníonn feithidí na caitíní baineanna, agus scaiptear na síolta sa ngaoth.

An tSailí agus an tSochaí

Fásann an tsaileach bhriosc in aice le fíoruisce – ar bhruacha locha agus aibhneacha, nó i gcoillte fliucha. Cuirtear é chun bhruacha a chobhsú agus a láidriú, agus is minic a bhíonn sé bunscoite chun solas a scaoileadh tríd má chuirtear mar sin é.

Thugtaí sail na mbaintreach ar an tsaileach bhriosc i Sasana, mar go raibh sé de nós ag an crann géaga a bhriseadh anuas ar fhir chéile gan aon fhógra.[7]

Tuilleadh Íomhánna

Tagairtí

1. Stace, C., New Flora of the British Isles. 4ú ed. 2019: C&M Floristics.

2. Belyaeva, I., Nomenclature of Salix fragilis L. and a New Species, S. euxina (Salicaceae). Taxon, 2009. 58(4): p. 1344-1348.

3.  Marchenko, А.M. and Y.A. Kuzovkina, Notes on the nomenclature and taxonomy of Salix fragilis (Salicaceae). Taxon, 2022. 71(4): p. 721-732.

4.  Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

5.  Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.

6. Rose, F., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. 2006: Frederick Warne.

7.   Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.