Ainmneacha Eile: Saileach Choiteann
Béarla: Grey Willow, Large Grey Willow, Common Sallow, Pussy Willow
Tréithe suntasacha an chrainn
- Crann beag, sceachach, duillsilteach.
- Stríocaí le feiceáil ar adhmad na géige nuair a bhaintear an choirt dhe.
- Duilleoga fada, spúnógacha (go iondúil).
- Ní bhíonn ribí gruaige rua ar íochtar na nduilleog sa bhfómhar.
- Duilleoga clúmhacha in uachtar agus in íochtar.
Saileacha Liath agus Rua
Aithnítear go bhfuil dhá fhospeiceas de Salix cinerea ann, an tsaileach rua (Salix cinerea fosp. oleifolia) agus an tsaileach liath (Salix cinerea fosp. cinerea). Glaoitear Salix atrocinerea ar an tsaileach rua freisin.
Is in oirthear, i dtuaisceart, i lár na hEorpa, agus isteach go oirthear Shasana a fhásann an tsaileach liath go dúchasach. Is in iarthar na hEorpa, ón Spáinn go dtí an Fhrainc agus suas go dtí an Bhreatain agus Éirinn a fhásann an tsaileach rua.[1] Tá an dá speiceas den tsaileach seo ionrach san Astráil, sa Nua Shéalainn, agus i Meiriceá Thuaidh.[2]
Tá an tsaileach rua forleathan agus an-choitianta in Éirinn, agus fásann an tsaileach liath in oirthuaisceart an oileáin, den chuid is mó.[3] Tá difríochtaí beaga idir an dá chineál le feiceáil sna duilleoga agus sna géaga, ach seachas sin tá an dá chineál crann an-chosúil lena chéile.
Cuma na Sailí
Is sceacha nó crainnte beag géagacha iad na saileacha seo. Mar phlanda bruachánach, fásann an tsaileach rua i gcoillte fliucha, in aice sruthchúrsaí, i riasca agus i bhfálta sceach. Scaipeann sé go tapa agus ní thógann sé i bhfad air seilbh a ghlacadh ar thalamh tréigthe.
Bíonn an choirt liath-dhonn agus, ar nós an tsailchearnach (Salix caprea), tagann pátrún de diamaintí air nuair a scoilteann sé le haois. Bíonn stríocaí ag rith fad na ngéag nuair a bhaintear an choirt den tsaileach liath. Ní bhíonn na stríocaí seo le feiceáil sa tsailchearnach, crann atá an-chosúil leis an tsaileach rua agus an tsaileach liath.[4]
Bíonn dath donn nó deargdhonn ar ghéaga óga an chrainn. Bíonn na géaga clúmhach ar an tsaileach rua ag tús an tséasúir fáis, ach cailleann siad na ribí gruaige seo níos deireanaí sa séasúr. Coinníonn an tsaileach liath na ribí gruaige ar an ngéag isteach sa dara bliain fáis.
Duilleoga na Sailí
Is minic go mbíonn cruth spúnógach ar dhuilleoga na sailí seo, cé go bhfuil siad in ann a bheith athraitheach,[5] agus uaireanta bíonn siad ubhach nó lansach freisin. Ní bhíonn mórán de bhior ar na duilleoga.
Bíonn na duilleoga aibí ar an saileach liath níos neamhlonraí agus níos clúmhaí (ar an dá thaobh) ná na duilleoga ar an saileach rua. Bíonn na stípeoga níos mó ar an saileach liath freisin, agus fanann siad ar an ngéag níos faide ná an saileach rua.[4]
Is dath glas neamhlonrach a bhíonn ar thaobh uachtair na nduilleog na sailí rua. Bíonn an taobh uachtair beagáinín clúmhach ach ní bhíonn sé rocach. Bíonn an taobh íochtair gormghlas agus beagáinín clúmhach. Tagann ribí gruaige rua ar an taobh íochtair freisin, ribí a bhíonn feiceálach ag deireadh an tsamhraidh. Is ón tréith seo a fhaigheann an tsaileach rua a ainm. Titeann na stípeoga luath sa tréimhse fáis.[4]
Bíonn scáil liath ar dhuilleoga an dá fhospeiceas, agus is uaidh sin a thagann cinerea, a chiallaíonn luaith, san ainm eolaíoch.
Bláthanna agus Síolta
Tagann na caitíní luath san Earrach, sula dtagann na duilleoga, ar an dá fhospeiceas. Bíonn na caitíní fireanna liath, ubhchruthach, agus ceartseasmhach ar an ngéag. Bíonn bior dubh ar scálaí na gcaitíní agus ní bhíonn gas idir iad agus an ghéag. Dath glas a bhíonn ar na caitíní baineanna.
Pailníonn an ghaoth na caitíní baineanna agus diaidh ar ndiaidh forbraítear síolta clúmhacha orthu nó go scaoiltear iad i mí Bealtaine.[5]
Úsáid na Sailí Léithe
Tá léirithe go bhfuil saileach mar seo in ann miotail throma ar nós arsanaic (As) a shú ón gcréafóg isteach ina chuid fréamhacha agus duilleoga.[6] Táthar ag ceapadh go mbeidh ról ag an gcrann i fítileasúchán – ag glanadh talamh atá truaillithe le ceimicí díobhálacha.
Tá níos mó eolais faoi shaileacha –béaloideas a bhaineann leo, úsáid sa bpobal, agus éiceolaíocht na saileach – le fáil ar an leathanach faoin ngéineas Salix.
Tuilleadh Íomhánna
Tagairtí
1. Kelly, D.L., Salix cinerea L. Subspecies Cinerea in Ireland, and Some Other New Records in Salix Subgenus Vetrix. The Irish Naturalists’ Journal, 1985. 21(9): p. 412-414.
2. Hopley, T. and A.G. Young, Knowledge of the reproductive ecology of the invasive Salix cinerea, in its invaded range, assists in more targeted management strategies. Australian Journal of Botany, 2015. 63(6): p. 477-483.
3. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
4. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
5. Rose, F., et al., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. (No Title), 2006.
6. Navazas, A., et al., Integrative response of arsenic uptake, speciation and detoxification by Salix atrocinerea. Science of The Total Environment, 2019. 689: p. 422-433.