Ainmneacha Eile: Saileog[1]
Béarla: Goat Willow, Great Sallow, Pussy Willow, Withies[2]
Tréithe suntasacha an chrainn
- Crann beag, sceachach, duillsilteach.
- Ní bhíonn stríocaí le feiceáil ar adhmad na géige nuair a bhaintear an choirt dhe.
- Duilleoga ubhacha (go iondúil).
- Ribí gruaige ar íochtar na nduilleog sa bhfómhar.
Cur síos ar an gcrann
Fásann an tsailchearnach i réigiúin mheasartha agus bhóireach ar fud na hEorpa agus na hÁise.[3] Is planda téisclime is ea an tsailchearnach, sceach mhór nó crann beag dúchasach. Tá sé fairsing in Éirinn, ach níl sé baileach chomh coitianta le saileach eile atá an-chosúil leis, an tsaileach rua (Salix cinerea).
Fásann an tsailchearnach i gcoillte, i scrobarnach, i bhfálta seacha, agus ar thalamh bhruachánach ar fud na hÉireann.[4] Mar phlanda téisclime, glacann sé seilbh ar thalamh bhriste go héasca, agus tá sé níos compordaigh ar thalamh tirim ná an chuid is mó de na saileacha eile. Maireann an tsailchearnach níos faide ná sailí eile – tá siad in ann idir 150 agus 300 bliain d’aois a bhaint amach sna coinníollacha feiliúnacha.
Stoc agus Coirt na Sailí
Is minic go mbíonn go leor stoic bheaga thanaí ar an gcrann seo. Bíonn dath liath-dhonn ar an gcoirt agus tagann scoilteacha i gcruth diamiante sa gcoirt i gcrainnte a bhíonn níos sine.
Bíonn na géaga glasa clúmhach san Earrach, ach neamhchlúmhach níos deireanaí sa séasúr. Ní bhíonn stríocaí ag rith fad na ngéag nuair a bhaintear an choirt den tsailchearnach – bíonn stríocaí le feiceáil ar adhmad na sailí rua (Salix cinerea fosp. oleifolia).[5]
Duilleoga na Sailí
Bíonn na duilleoga ailtéarnacha ubhach, dronuilleogach, nó beagnach ciorclach agus dath glas dorcha a bhíonn orthu. Is iondúil nach mbíonn siad chomh tanaí le duilleoga na sailí rua. Is minic go mbíonn bior ag deireadh na duilleoige, agus is minic freisin go mbíonn cor beag sa mbior. Bíonn taobh uachtair na duilleoige mín, lonrach, agus gan ribí gruaige, agus bíonn an taobh íochtair féitheach agus clúmhach (dath liath a bhíonn ar na ribí).[5]
Bláthanna agus Torthaí na Sailí
Is crann dé-éiciach é an tsailchearnach. Breathnaíonn na caitíní a bhíonn air cosúil leis na caitíne a bhíonn ar an saileach rua. Tagann na caitíní fireanna, a bhíonn ceartsheasmhach, bog, ubhchruthach, clúmhach agus dath an airgid orthu, amach ag deireadh an gheimhridh, sula dtagann na duilleoga amach.
Feictear dath buí na pailine i gcaitíní na gcrann fireanna nuair a bhláthaíonn siad idir Márta agus Aibreán. Bíonn idir 100-200 bláth i ngach caitín baineann, agus idir 200-300 bláth sna caitíní fireanna.[3] Is trí mhodh pailnithe atá ag an sailchearnach – an ghaoth, meachain i rith an lae, agus leamhain san oíche.[6] Tá gráinní pailine na sailchearnaí níos éadroime ná saileacha eile agus imíonn siad sa ngaoth níos éasca.[6]
I gcás na sailchearnaí, ceaptar go n-athraíonn na plandaí sin cumhra na mbláthanna idir lá agus oíche, le go mealltar leamhain san oíche agus meachain sa lá.[7] Ceaptar go bhfuil boladh na mbláthanna tábhachtach go shaileacha mar nach bhfuil dathanna suntasacha acu chun pailneoirí a mhealladh.[6]
Ní cosúil le saileacha eile atá an tsailchearnach mar nach bhfuil sé éasca ag an gcrann iomadú fásúil a dhéanamh – is minic nach bhfásann géag den tsailchearnach a sháitear isteach sa talamh.[3]
Eiceolaíocht na Sailí
Mar go bpailníonn siad an planda san oíche, tá lear mór leamhain ag brath ar a sailchearnach. Cuireann an sailchearnach pailin agus neachtar ar fáil do mheáchain, feithidí eile, agus éanacha amhail meantáin ghorma[8] ag am nuair nach bhfuil mórán eile beatha ar fáil.
Tá 839 cineál inveirteabrach luaite leis an tsaileach, níos mó ná aon chrann eile, an dair san áireamh. Tá 360 luaite leis an tsailchearnach (Salix caprea), agus ní fhaightear 129 de na speicis seo ach ar an tsailchearnach.[9] Meallann na feithidí seo éin eile, an ceolaire sailí (Phylloscopus trochilus) ach go háirithe.
Úsáid na Sailchearnaí
Tá adhmad an-bhog ag an tsailearnach. Is crann é a ghlacann go maith le bunscoitheadh, agus cuirtear é mar fhoinse bhithmhaise, agus cuirtear é i bhfálta sceach. Faightear fioghual maith ó adhmad na sailchearnaí freisin.
Ní hí an tsailchearnach an tsaileach is fearr don chaoladóireacht ach an oiread mar go mbíonn na géaga briosc. D’úsáidtí an tsailchearnach (Salix caprea) chun currachaí a dhéanamh i gCo. Chiarraí, cé gur coll atá in úsáid anois.[10]
Baintear úsáid as an sailchearnach, amhail saileacha eile, i bpróisis fhítileasúcháin. Is bealach é seo chun talamh atá truaillithe a ghlanadh. Cuirtear crainnte saileacha le go ndéanfaidh siad miotail throma – go háirithe caidmiam (Cd) agus sinc (Zn) – agus ceimicí contúirteacha eile a shú isteach sa gcrann.[11] D’úsáidtí an tsailchearnach mar chrios foscaidh, mar chógas leighis (go háirithe pianmhúchadh), mar chrapthach, agus mar antaiseipteán.
Mar gur meachain is mó a phailníonn an tsailchearnach, tá ról tábhachtach ag an sailchearnach i dtáirgiú meala. Bhaintí leas as an sailchearnach mar fhodar do bheithígh. Is caprea, a chiallaíonn gabhar sa Laidin, atá in ainm eolaíoch an phanda mar go ceaptar go dtugtaí duilleoga mar fhodar do ghabhair fadó.[3]
Tá níos mó eolais faoi shaileacha –béaloideas a bhaineann leo, úsáid sa bpobal, agus éiceolaíocht na saileach – le fáil ar an leathanach faoin ngéineas Salix.
Salix x reichardtii
Hibridíonn an tsaileach rua (Salix cinerea fosp. oleifolia) leis an sailchearnach go héasca, agus is minic go mbíonn tréithe atá idir eatarthu a dá chrann ag na hibridí seo. Is sceach nó crann beag é Salix x reichardtii (Salix cinerea x Salix caprea), a fhásann ar imill choillearnaí, bruacha aibhneacha agus locha, agus áiteanna tréigthe, fhad agus go bhfuil beirt de na tuismitheoirí ag fás in aice le chéile. In Éirinn, is san oirthuaisceart, i lár na tíre, agus san oirdheisceart is mó atá na taifid den hibrid ag fás.[4]
Tuilleadh Íomhánna
Tagairtí
1. Cameron, J., The Gaelic Names of Plants: (Scottish, Irish and Manx). 1883, Dún Éireann, Londain: William Blackwood and Sons.
2. Wilkinson, G., A History of Britain’s Trees. 1981: Hutchinson.
3. Enescu, C., et al., Salix caprea in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European atlas of forest tree species, 2016: p. 170-171.
4. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
5. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
6. Ohashi, K. and A. Jürgens, Three options are better than two: compensatory nature of different pollination modes in Salix caprea L. Journal of Pollination Ecology, 2021. 28: p. 75-90.
7. Jürgens, A., et al., Diel fragrance pattern correlates with olfactory preferences of diurnal and nocturnal flower visitors in Salix caprea (Salicaceae). Botanical Journal of the Linnean Society, 2014. 175(4): p. 624-640.
8. Kay, Q., Nectar from willow catkins as a food source for blue tits. Bird Study, 1985. 32(1): p. 40-44.
9. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
10. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
11. Opeña, J., et al., Phytoremediation of Potential Toxic Elements by Native Tree Species in Mined-Spoiled Soils in Mátraszentimre, Hungary. Journal of Environmental Science and Management, 2022. 25(2).