You are currently viewing  An Crann Sníofa <br><span style='font-size:16px;'>Salix aurita</span>

An Crann Sníofa
Salix aurita

Dath Bláth:
Cineál Planda: , , ,
Ord:
Fine:
Géineas:
Duilleog: , ,
Gnáthóg: , ,
Faoi Bhláth:
Stádas:
Airde:
Pailniú:
Scaipeadh Síolta:

Ainmneacha Eile: Sliotharnach,[1] Crann Sníomhtha,[2] Saileán[3]

Béarla: Eared Willow

Tréithe an Phlanda

  • Sceach íseal, dhuillsilteach.
  • Duilleoga rocacha.
  • Stípeoga móra duán-chruthacha air, a bhreathnaíonn cosúil le cluasa.

An crann sníofa ar phortach Chonamara.

Cuma na Sceiche

In ainneoin ainm an phlanda seo, is sceach bheag, ghéagach, íseal (go hiondúil idir 60-200cm) is ea an crann sníofa. Is níos ísle fós, agus feosaí, a bhíonn sé in áiteanna feannta. Fásann sé ar chréafóg thais, aigéadach. Is ar phortaigh, ar chnoic, agus i gcoillte is mó a fhásann sé, ach feictear ar thaobh an bhóthair é amuigh faoin dtuath freisin. Tá sé an-fhairsing in Éirinn – níl mórán áiteanna ar an oileán nach bhfuil sé ag fás.[4]

Is dath donn nó deargdhonn a bhíonn ar na géaga óga clúmhacha. Cailleann géaga níos sine na ribí gruaige agus tagann dath donnliath orthu.[5] Bíonn stríocaí ag rith fad na ngéag nuair a bhaintear an choirt dóibh (tréith a bhíonn ag an tsaileach rua (Salix cinerea) freisin). Fásann na géaga ag uilleannacha difriúla óna chéile, tréith a thugann sé seo cuma sceachach, mí-shlachtmhar, don phlanda.

Duilleoga rocacha an chrainn sníofa.
Bíonn taobh íochtair na duilleoige clúmhach.

Duilleoga na Sceiche

Bíonn na bachlóga beag agus donn. Is furasta an crann sníofa aithint ó na saileacha eile mar go mbíonn dromchla na nduilleog rocach. Is cruth ubhach nó beagnach ciorclach a bhíonn orthu. Bíonn dath glas dorcha neamhlonrach ar an taobh uachtair, a bhíonn beagáinín clúmhach. Bíonn an taobh íochtair liath, féitheach, agus an-chlúmhach.

Stípeoga ar an ngas a bhreathnaíonn cosúil le péire cluasa.

Bíonn stípeoga móra duán-chruthacha, le himill fhiaclacha orthu, ag íochtar ghas na duilleoige. Is ar nós duilleoga beaga a bhíonn na stípeoga seo.[6] Bíonn cuma cluasa orthu, agus is uaidh seo a fhaigheann an planda an t-ainm Béarla, eared willow.

Amhail saileacha eile, is planda dé-éiciach is ea an crann sníofa, le bláthanna (caitíní) baineanna agus fireanna ar phlandaí difriúla. Bíonn na caitíní ceartsheasmach, ubhchruthach, agus dlúth. Tagann siad amach i Márta agus Aibreán. Bíonn cleiteoga ag na síolta agus scaiptear sa ngaoth iad.[7]

Saileach mhór i gConamara.
Tugann duilleoga rocacha agus stíopeoga móra na sceiche seo le fios go mb’fhéidir gur Salix x multinervis atá ann.

Salix x multinervis

Is hibrid é Salix x multinervis idir an tsaileach rua nó liath (Salix cinerea) agus an crann sníofa. Is crann níos mó é ná an crann sníofa, ach bíonn dromchla na nduilleoga rocach, mar a bhíonn ar an gcrann sníofa, agus bíonn na stíopeoga móra cluasacha ar an ngas freisin. Tá sé coitianta sna háiteanna a bhfásann Salix cinerea, fiú mura bhfuil an crann sníofa in aice láimhe.[4]

Tuilleadh Íomhánna

Tagairtí

1.            Ua Maoileoin, P., Dúlra Duibhneach. 2001, Baile Átha Cliath: Coiscéim.

2.            Dinneen, P.S., An Irish-English Dictionary. 1927: Educational Company of Ireland.

3.            Colgan, N. Part 4. Gaelic plant and animal names, and associated folk-lore. in Proceedings of the Royal Irish Academy. Section A: Mathematical and Physical Sciences. 1911. JSTOR.

4.            Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

5.            Stace, C., New Flora of the British Isles. 4ú ed. 2019: C&M Floristics.

6.            Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.

7.            Rose, F., et al., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. (No Title), 2006.