Béarla: White Willow
Tréithe an Chrainn
- Crann mór, ard, duillsilteach.
- Crann bruachánach.
Réamhrá
Tá an tsaileach bhán ar an tsail is mó agus is airde – chomh hard le 25m. Cé go bhfuil raon leathan tíreolaíochta ag an gcrann seo, ón Phortaingéil san iarthar, trasna na hEorpa agus na Rúise go dtí an tSín,[1] níl sí dúchasach in Éirinn. Ceaptar gur núíosach atá sa tsaileach bhán in Éirinn – is é sin gur tháinig an planda isteach tar éis AD1550.[2]
Duilleoga an Chrainn
Is ó dhath bán na ribí gruaige a chlúdaíonn na duilleoga liathghlasa a fhaigheann an planda a ainm. Bíonn dath glas nó buíghlas ar na bachlóga clúmhacha. Bíonn dath liath-ghlas ar na duilleoga lansacha, a bhíonn clúdaithe le ribí gruaige bána, go háirithe ar an taobh íochtair den dhuilleog. Tugann na ribí gruaige seo cuma geal nó bán do na duilleoga, toisc an t-ainm. Bíonn imeall na duilleoige fiaclach.[3]
Bláthanna agus Torthaí an Chrainn
Bíonn na caitíní fireanna caol, fada (go 5cm), sorcóireach, agus dath buí orthu. Bíonn na caitíní baineanna níos giorra agus buí-ghlas. Tagann na caitíní agus na duilleoga ar an gcrann ag an am céanna (Aibreán agus Bealtaine). Déanann feithidí na caitíní baineanna a phailniú, agus scaipeann an ghaoth na síolta.
Gnáthóga an Chrainn
Is crann bruachánach í an tsaileach bhán a fhásann, go hiondúil, in aice le huisce. Fásann sé in aice le aibhneacha, srutháin agus canáil, ach feictear freisin é i dtimpeallachtaí rudaracha amhail ráillí traentacha agus talamh thréigthe. Tá sé in ann ag cineálacha éagsúla créafóige, ach is níos compordaí atá sé in ithir thais, shaibhir, alcaileach. Tá solas ag teastáil uaidh agus ní sé in ann scáth a sheasamh.[1] Níos fairsinge atá an crann seo ag fás go fiáine in oirthear agus i lár na tíre ná san iarthar. Cuirtear an crann i bpáirceanna agus gairdíní freisin.[2] Tá cineálacha éagsúla de Salix alba saothraithe a bhfuil gasanna le dathanna éagsúla acu.[1]
Úsáid na Sailí
Is as an cineál saileach Salix alba var. caerulea a dhéantar an slacán cruicéid, chomh maith le huirlisí cistine agus canúnna. D’úsáidtí an crann seo ar fud na hEorpa, ar feadh na céadta bliain, chun pian a mhaolú, de dheasca an salicin atá ann.[4] Bhaintí úsáid as coirt an chrainn i gceird na súdaireachta freisin, agus dhéantaí fioghual as adhmad an chrainn, chomh maith.
An tSaileach Bhriosc
Go dtí le gairid, aithníodh an tsaileach bhriosc mar speiceas as fhéin. Ach aithnítear anois gur hibrid atá ann idir an tsaileach bhán agus Salix euxina, crann as an Tuirc agus na sléibhte Chugais[5] agus atá ag fás i dtuaisceart agus i ndeisceart na tíre seo. Ní ar aon tinn atá luibheolaithe faoin gceist seo, rud a léiríonn cé chomh casta agus atá sé saileacha difriúla a rangú.[6] Is cosúil leis an tsaileach bhán atá an tsaileach bhriosc, cé go bhfuil an tsaileach bhán níos mó, agus ní bhriseann na géaga chomh héasca sin.
Tuilleadh Íomhánna
Tagairtí
1. Durrant, T.H., D. de Rigo, and G. Caudullo, Salix alba in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European Atlas of Forest Tree Species; San-Miguel-Ayanz, J., de Rigo, D., Caudullo, G., Houston Durrant, T., Mauri, A., Eds, 2016: p. e01153e.
2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
3. Rose, F., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. 2006: Frederick Warne.
4. Harbourne, N., et al., Effect of drying methods on the phenolic constituents of meadowsweet (Filipendula ulmaria) and willow (Salix alba). LWT – Food Science and Technology, 2009. 42(9): p. 1468-1473.
5. Belyaeva, I., Nomenclature of Salix fragilis L. and a New Species, S. euxina (Salicaceae). Taxon, 2009. 58(4): p. 1344-1348.
6. Marchenko, А.M. and Y.A. Kuzovkina, Notes on the nomenclature and taxonomy of Salix fragilis (Salicaceae). Taxon, 2022. 71(4): p. 721-732.