Béarla: Holm Oak; Evergreen Oak; Holly Oak
Tréithe Suntasacha an Chrainn
- Crann mór, síorghlas
- Duilleoga deilgneacha (uaireanta)
Is crann nó sceach síorghlas atá sa dair thoilm (Quercus ilex). Is é ceantar na Meánmhara – ón bPortaingéil agus Maracó go dtí an Ghréig agus iarthar na Tuirce – réigiún dúchais an chrainn.[2] Cé go bhfuil cosúlachtaí idir an dair thoilm agus an cuileann – is crann síorghlas é le duilleoga deilgneacha – tá sé sa ngéineas céanna, Quercus, leis na daracha dúchasacha atá in Éirinn.
Bíonn barr an chrainn leathan agus cruinneachánach, agus bíonn craobhacha ardaitheacha air. Tá sé ar an gcrann síorghlas neamhbhuaircíneach is mó in Éirinn. Is iondúil go bhfásann sé go 25m i gcoinníollacha fabhracha, cé go bhfuil crainnte eisceachtúla in ann 30m a bhaint amach.[2] Is planda fadsaolach é – níl crainnte den speiceas seo atá 1000 bliain d’aois neamhghnách.[2]
Bíonn dath donn dorcha ar an gcoirt,[3] a bhíonn scoilte ina bplátaí beaga, tanaí, cearnógacha. Bíonn na géaga clúmhach le ribí beaga donn orthu.[2] Is an-athraitheach a bhíonn duilleoga an chrainn seo. Is iondúil gur cuasach agus tiubh a bhíonn siad, le cruth lansach nó ubhchruthacha. Dath glas dorcha lonrach a bhíonn taobh uachtair na nduilleog. Bíonn dath níos gile ar an taobh íochtair, a bhíonn clúmhach.[2, 3] Bíonn na duilleoga óga deilgneach – is ó ainm eolaíoch an chuilinn, Ilex, a fuair an dair thoilm an t-ainm Quercus ilex. Ach bíonn duilleoga níos sine ubhchruthach agus gan deilgní. Is iondúil go bhfásann duilleoga nua ar an gcrann sa samhradh, ag an am céanna leis na caitíní buí a bhíonn air. Maireann na duilleoga idir 1-4 bliana ar an gcrann, ag brath ar choinníollacha éagsúla, sula dtiteann siad.[2]
Bíonn caitíní baineanna agus fireanna ar an gcrann moinéiciach seo. Is dath glas éadrom a bhíonn ar na caitíní fireanna (4-7cm ar fhad) a chrochann anuas ón gcrann, sula n-osclaíonn siad na staimíní ag tús an tsamhraidh. Maraon leis na daracha eile, bíonn na caitíní baineanna an-bheag.[2] Tar éis dóibh pailniú sa ngaoth, forbraíonn na caitíní baineanna i gcaitheamh an tsamhraidh go dearcáin donn a bhíonn suite istigh i gcupúl glas. Titeann na dearcáin sa ngeimhreadh agus, maraon le daracha eile, bíonn blianta measa acu gach 4-6 bliain.[2]
Saothraíodh an crann sa mBreatain ó 1557 ar aghaidh, agus cuireadh go fairsing é san 18ú aois.[4] Síolraíonn an dair thoilm go héasca anois i ndeisceart Shasana, áit a nglacann sé seilbh tapaidh ar an talamh sa gcaoi nach mbíonn plandaí dúchasach in ann dul in iomaíocht leis.[4] In Éirinn, is in oirthuaisceart agus in oirdheisceart na tíre is mó atá an dair thoilm ag fás, le dáileadh scaipthe sa gcuid eile den tír.[4] Mar gur crann mór galánta síorghlas é, cuirtear an dair thoilm in Éirinn agus sa mBreatain mar chrann ornáide i bpáirceanna, i reiligeacha, agus i ngairdíní móra.[4] Tá sé in ann ag an sáile[5] agus cuirtear go minic é mar fhál foscaidh ón ngaoth, ach ní crainnte iad atá in ann ag sioc crua. Cuirtear daracha thoilm i gcathracha freisin mar nach gcuireann scáth ná truailliú as dóibh.[6]
Tá adhmad an chrainn an-dlúth, an-chrua, agus deacair le hoibriú. Mar nach dtriomaíonn sé go héasca ní dhéantar ina cheantar dúchais leis an adhmad ach earraí beaga a fhaigheann go leor úsáide – uirlisí siúinéireachta agus ghiarfhiacaile, mar shampla.[2] Is acmhainn fioghuaile a bhí san adhmad, agus dhéantaí trasnáin traenacha agus cuaillí as an dair thoilm freisin.[2] Is ar dhearcáin na darach thoilm a bheathaítear na muice a tháirgeann liamhás Ibérico ar Leithinis na hIbéire.[7]
Íomhánna Eile
Tagairtí
1. Dinneen, P.S., An Irish-English Dictionary. 1927: Educational Company of Ireland.
2. De Rigo, D. and G. Caudullo, Quercus ilex in Europe: Distribution, habitat, usage and threats. European Atlas of Forest Tree Species; San-Miguel-Ayanz, J., de Rigo, D., Caudullo, G., Houston Durrant, T., Mauri, A., Eds, 2016: p. 152-153.
3. Rose, F., et al., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. (No Title), 2006.
4. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
5. Johnson, O., Collins tree guide. 2004: HarperCollins Publishers.
6. Blanusa, T., et al., Leaf trapping and retention of particles by holm oak and other common tree species in Mediterranean urban environments. Urban Forestry & Urban Greening, 2015. 14(4): p. 1095-1101.
7. García-Gómez, E., et al., The Consumption of Acorns (from Quercus spp.) in the Central West of the Iberian Peninsula in the 20th Century. Economic Botany, 2017. 71(3): p. 256-268.