You are currently viewing An Néalfartach

An Néalfartach

Dath Bláth:
Cineál Planda:
Fine:
Géineas:
Gnáthóg: , ,
Faoi Bhláth:
Stádas:
Úsáid: , ,
Fairsinge:

Niamhnaid; Lus an Chodlata

Potentilla erecta

Tormentil

Is in Aibreán a thosaíonn bláth ag teacht ar an Néalfartach (Potentilla erecta), agus coinneoidh sí uirthi ag bláthú go deireadh an tsamhraidh. Tá sí le fáil go forleathan i gCois Farraige – sa bhféar glas, ar leataobh an bhóthair, sa gcriarthrach ar thalamh portaigh – b’fhéidir mar go dtaitníonn créafóg aigéadach an cheantair léi.

Tá sí éasca go maith le haithint – ilbhliantóg le bláth beag buí ina bhfuil cheithre pheitil i bhfoirm croise uirthi (tá cúig pheitil ag Cam an Ime, bláth beag buí eile atá ag teacht amach anois). Tá an bláth sa bhfine Rosaceae, agus sa ngéineas céanna leis an Sú Talún Bhréige (P. sterilis).

Tá na seipil ghlasa, faoin na peitil bhuí, feiceálach, agus scaití fágtar crois bheag glas nuair a thiteann na peitil go léir den bhláth.

Tá Lus an Chodlata ag Niall Mac Coitir (2006) don phlanda seo, tagairt don úsáid a bhíodh á baint as an bplanda fadó, más fíor, chun faoiseamh chodlata a thabhairt d’othair. Seans gur uaidh sin a tháinig an fréamh “Néal” sa “Néalfartach” freisin. Ceaptar gur ón Laidin “tormentilla” – pian bheag – a tháinig an t-ainm Béarla, “Tormentil”.