You are currently viewing  An Phoibleog Dhubh Atlantaigh <br><span style='font-size:16px;'>Populus nigra betulifolia</span>

An Phoibleog Dhubh Atlantaigh
Populus nigra betulifolia

Dath Bláth:
Cineál Planda: , , ,
Ord:
Fine:
Géineas:
Duilleog: , , ,
Faoi Bhláth:
Stádas:
Airde:
Pailniú:
Scaipeadh Síolta:

Béarla: Black Poplar

Tréithe an Chrainn

  • Crann ard, duillsilteach.
  • An-annamh in Éirinn agus sa mBreatain.

An phoibleog dhubh Atlantaigh ag fás i ngarraí i gCo. an Chláir. Tógadh an grianghraf i mí Dheireadh Fómhair.

Réamhrá

Is crann ard, duillsilteach í an phoibleog dhubh Atlantaigh (Populus nigra fosp. betulifolia). Tá sé le fáil ag fás fiáin in Éirinn, ach is crann annamh é. Déantar idirdhealú idir an phoibleog dhubh (Populus nigra fosp. nigra) a fhásann ar Mhór-roinn na hEorpa, agus an fospeiceas Atlantaigh (betulifolia), atá níos coitianta in iarthuaisceart na hEorpa.[2]

Faightear an phoibleog dhubh in Éirinn ar thuilemhánna agus ar bhruacha uiscebhealaí, aibhneacha, agus locha.[3] Mar a bheifeá ag súil leis ó chrann téisclime, ní dhéanann sí go maith sa scáth – bíonn neart gréine ag teastáil uaithi – agus is minic go bhfeictear crainnte mar iad ag fás astu fhéin, gan comhluadar ó chrainnte eile.

Bíonn go leor leadán ar stoc na poibleoige.

Cur Síos ar an gCrann

Is crann ard í an phoibleog dhubh Atlantaigh le barr cruinneogach uirthi. Is minic go mbíonn leadáin ar an stoc agus ar na craobhacha,[4] agus bíonn moil (píosaí den stoc a bhíonn ag gobadh amach) ar an stoc.

Bachlóga na poibleoige.

Bíonn na duilleoga croíchruthacha nó triantánacha (le hais na duilleoga ciorclacha a bhíonn ag an gcrann creathach). Bíonn bior ar gach duilleog freisin.[4, 5] Is dath glas lonrach a bhíonn ar na duilleoga. Bíonn ribí gruaige ar pheitín, nó gas duilleoige, Populus nigra fosp. betulifolia, tréith nach mbíonn ag Populus nigra fosp. nigra. Ní bhíonn moil ar stoc Populus nigra fosp. nigra ach an oiread, mar a bhíonn ar betulifolia.[6]

Amhail poibleoga eile, is crainnte dé-éiciacha iad na poibleoga dubha. Fásann caitíní baineanna agus fireanna ar chrainnte difriúla san Earrach. Pailnítear sa ngaoth iad agus scaiptear na síolta sa ngaoth freisin.

Duilleog na poibleoige.

Stádas na poibleoige duibhe in Éirinn

Tá sé beagnach dodhéanta réimse dúchais na poibleoige duibhe a mheas mar nach féidir idirdhealú a dhéanamh níos mó idir crainnte dúchais agus crainnte curtha.[3] Freisin, mar go bhfuil sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir an phoibleog dhubh hibrideach (Populus x canadensis) agus an phoibleog dhubh Atlantaigh, bíonn sé deacair líon na gcrainnte a chomhaireamh, agus freisin deacair a dhéanamh amach an bhfuil siad ag iomadú.

Tá an phoibleog dhubh Atlantaigh dúchasach sa Breatain, ach tá sé freisin ar an gcrann dúchasach is mó atá i mbaol sa mBreatain.[7] Ceaptar nach bhfuil ach 6,000 crann fágtha anois sa mBreatain,[6] agus is mionlach an-bheag dóibh siúd iad na crainnte baineanna. Tá crainnte fiáine chomh hannamh sin nach gceaptar gur féidir leis na ceanna atá fágtha iad fhéin a phailniú a thuilleadh. Agus fiú má phailnítear na caitíní baineanna, bíonn sé deacair ag na crainn iomadú. Is crainnte bruachánacha iad atá ag brath ar chréafóg fhliuch, lom, le gur féidir leis na síolta péacadh. Níl na coinníollacha sin fairsing níos mó sa mBreatain mar gheall go bhfuil talamh á dhraenáil don fheirmeoireacht. Tháinig meath ar an bpoibleog dhubh dá bharr.

Ní fios fós ar crann dúchasach í a phoibleog dhubh Atlantaigh in Éirinn. Glacadh leis, go dtí deireadh an 20ú aois, gur tugadh isteach an crann ón mBreatain. Ach tosaíodh ag ceistiú na teoirice seo nuair a aimsíodh os cionn 300 poibleog dhubh Atlantaigh i suirbhé ar bhruacha na Sionainne, ar bhruacha locha na Sionainne, agus ar bhruacha na Life ag tús na 1990aí.[8] Ó shin, fuarthas amach gur Populus x canadensis a bhí in aon triain dóibh siúd. Anuas ar sin, is léir nach bhfuil mórán éagsúlachta géiniteacha sna poibleoga dubha Atlantaigh atá ag fás go fiáin i lár na hÉireann, a thugann le fios go mb’fhéidir gur cuireadh iad i bhfad siar.[6] Bíodh sin mar atá, tá pobal de chrainnte uathúla ag fás go fiáin ar bhruacha na Sionainne agus aibhneacha eile na hÉireann ar bhfiú a chaomhnú.

An phoibleog Lombardach, i nGarraithe Náisiúnta na Lus.

An Phoibleog Lombardach

Is saothróg den phoibleog dhubh é an phoibleog Lombardach (Populus nigra var. italica). Is crann an-ard é (go 38m)[1] a fhásann go tapa. Is cruth uasfhásmhar (colúnach) a bhíonn air, cruth atá an-difriúil ón gcuma leathadh a bhíonn ar an bpoibleog dhubh. Ní bhíonn moil ar an stoc ach an oiread.

Ceaptar gur ag fás ar bhruacha an Po i Lombaird na hIodáile, am eicínt idir 1700-1720, a bhí bunchrann an fhospeicis seo.[9] Is furasta gearrthóga de phoibleoga a fhás mar chrainnte nua, agus cuireadh an crann nua seo ar fud na hEorpa ó lár an 18ú aois ar aghaidh. Cuireadh go forleathan é mar crann ascaill – línte fada den chrann ar chaon taobh de bhóthair. Bhí faisean ann ag an am crainnte colúnacha a chur sna heastáit mhóra – is ag lorg na haeistéitice céanna a bhíodar nuair a chuirtí an chufróg Iodálach (Cupressus sempervirens). Is crainnte fireanna iad na poibleoga Lombardacha go léir (mar gur crann fireann a bhí sa mbunchrann).

Tá cleachtadh ag an saothróg seo ar aeráid thirim na Meánmhara. Cuireadh iad for forleathan i gcathracha Mheiriceá Thuaidh agus tuaisceart na hEorpa nó gur tugadh faoi deara an dochar a bhí na fréamhacha ag déanamh de phíopaí uisce agus séarachais, agus go rabhadar ag titim mar go raibh stoc lag acu. Bhí siad leochaileach do ghalair fhungais freisin[10] agus, cé go gcuirtear fós an phoibleog Lombardach i gceantar na Meánmhara, níl siad chomh fairsing níos mó i dtuaisceart na hEorpa.[9]

Populus nigra ‘Plantierensis’

Is hibrid é Populus nigra ‘Plantierensis’ den phoibleog Lombardach agus an phoibleog dhubh Atlantaigh (Populus nigra fosp. betulifolia). Bíonn an chuma cholúnach céanna ag an saothróg seo agus a bhíonn ag an bpoibleog Lombardach, cé go mbíonn barr níos leithne agus duilliúr níos dlúithe aige.[11] Mar go bhfuil sé níos fearr in ann ag aeráid mheasartha na tíre seo, tosaíodh ag cur na saothróige seo nuair a chuaigh an phoibleog Lombardach as faisean.

Tagairtí

1.  Stace, C., New Flora of the British Isles. 4ú ed. 2019: C&M Floristics.

2.  Mac Lochlainn, C., Black poplar: Could it be native?, in Woodland, The Magazine of the Native Woodland Trust. 2023, Native Woodland Trust. p. 18-22.

3. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

4.  Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.

5.  Rose, F., et al., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. (No Title), 2006.

6.  Winfield, M. and F.M.R. Hughes, Variation in Populus nigra clones: Implications for river restoration projects in the United Kingdom. Wetlands, 2002. 22(1): p. 33-48.

7.  A’Hara, S., S. Samuel, and J. Cottrell, The role of DNA-fingerprinting in the conservation of the native Black Poplar. British Wildlife, 2009. 21(2): p. 110.

8. Hobson, D., The status of Populus nigra L. in the Republic of Ireland. Watsonia, 1991. 18: p. 303-305.

9.  Wood, C.D., “A Most Dangerous Tree”: The Lombardy Poplar in Landscape Gardening. Arnoldia, 1994. 54(1): p. 24-30.

10.  Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.

11. Johnson, O., Collins tree guide. 2004: HarperCollins Publishers.