Béarla: London Plane
Tréithe Suntasach an Chrainn
- Crann mór, duillsilteach
- Duilleoga bosacha, cosúil leis an seiceamóir.
- Torthaí sféaracha sa bhfómhar
- Curtha go forleathan mar chrann uirbeach.
An Crann in Éirinn
Ní fhéadfá crann níos neamhdhúchasaí a fháil ag fás in Éirinn ná plána London, in ainneoin go n-éiríonn go maith leis anseo. Is hibrid é idir dhá chrann eile neamhdhúchasach, an plána oirthearach (Platanus orientalis), a thagann ón nGréig agus an Mheánoirthear, agus an seiceamóir Meiriceánach (Platanus occidentalis), a fhásann go nádúrtha i Meiriceá Thuaidh.[1] Cé nach bhfuil dáileadh fairsing in Éirinn ag plána Londan ar bhunachar Chumann Luibheolaíochta na Breataine agus na hÉireann,[2] seans go bhfuil an crann faoi ghannionadaíocht ar na mapaí sin agus go bhfuil sé curtha níos forleithne ar an oileán ná mar a thugann siad le fios. Tá roinnt iontrálacha den chrann seo ar an Chlár Chrainn na hÉireann agus na Breataine[3] nach bhfuil ar bhunachar Chumann Luibheolaíochta na Breataine agus na hÉireann.
Stair Phlána Londan
Ní fios go cinnte cén uair a fásadh an hibrid seo den chéad uair. Maítear gur thug nádúraí Sasanach agus John Tradescant (1570-1638), ceann de gharraíodóirí Séarlas 1, an seiceamóir Meiriceánach (Platanus occidentalis) go Sasana in 1640, agus gur i ngairdín Tradescant, i Lambeth Londan, a tharla an hibridiú.[4] De réir taifid eile, is in Oxford, Shasana a tháinig an chéad phlána Londan ar an saol. Is i liosta de chrainnte agus sceacha a saothraíodh i nGairdín Lusanna Oxford, ó 1666, atá an chéad tagairt scríofa den phlána Londan.[5] Tá an Spáinn, atá le feiceáil in ainm eolaíoch an phanda (Platanus x hispanica), luaite freisin mar áit a saothraíodh an crann. Ach cibé bealach a síolraíodh an chéad crann den speiceas seo, is ó 1811 ar aghaidh a tosaíodh á chur mar chrann sráide.[2]
Crann Uirbeach
Cuirtear plána Londan go fairsing i mbailte agus i gcathracha chun scáth a thabhairt do choisithe mar gur iomaí buntáiste atá ag an gcrann sna gnáthóga seo thar chrainnte eile. Is crann fadmharthanach é plána Londan, agus fásann sé go tapaidh, fiú in aer truaillithe. Éiríonn go maith leis in ainneoin nach mbíonn mórán spáis ag a chuid fréamhacha i gceantair uirbeacha, agus ní chuireann prúnáil rialta isteach ar an gcrann ach an oiread.[2] Chuige sin, tá plána Londan ar cheann de na crainnte sráide is coitianta ar domhan. Is plánaí Londan iad aon tríú de na crainnte sráide i bPáras na Fraince, agus os cionn aon deichiú de na crainnte sráide i Nua Eabhrach.[6]
Cuireann cathracha crainnte ar scála mór anois, chun scáth a thabhairt, le gur féidir an teocht a chruthaíonn oileáin uirbeacha a laghdú, agus chun caighdeán an aeir a fheabhsú. Cuirtear iad freisin chun an t-athrú aeráide a mhaolú mar go stórálann siad carbón agus iad ag fás, cé go gceaptar go bhfuil teorainn leis an éifeacht seo.[7]
Éiríonn go maith leis plána Londan mar chrann uirbeach mar gheall gur hibrid é. Tugtar heatróis ar an bhfeiniméin ina mbíonn tréithe ar leith níos fearr ag hibrid ná mar a bhíonn ag ceachtar den dá thuismitheoir. Tá sé seo le feiceáil i gcás phlána Londan. Tá an crann níos frithsheasmhaí in aghaidh galracha. Coinníonn an crann a chuid duilleoga in Earrach fliuch freisin- tréith ach bhfuil ag an seiceamóir Meiriceánach, agus tá sé in ann ag aeráid fhuar iarthuaisceart na hEorpa, ceantar nach mbeadh an plána oirthearach in ann aige.[8] Tá heatróis le feiceáil freisin i hibrid coitianta eile in Éirinn – Cupressus x leylandii ,nó an leylandii mar a tugtar air. Sa gcás seo tá ráta fáis ag an leylandii nach bhfuil ag ceachtar den dá thuismitheoir.[9]
Cuma an Chrainn
Is crann ard é plána Londan. Tá trí chrann den speiceas seo- i gCo Longfoirt, i gCo. Thiobrad Árann, agus i gCo. Uibh Fhaille – atá os cionn 30m ar airde.[3] Is tiubh a bhíonn an stoc freisin. Tá plána Londan suntasach ag fás in Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath, agus cáil bainte amach aige mar go bhfuil an crann ag fás timpeall ar binse páirce, agus leath den bhinse slogtha ag stoc an chrainn.[10]
Briseann coirt an chrainn ina bplátaí móra de réir mar a fhásann sé, agus scamhann na plátaí ón stoc go rialta. Is duilleoga bosacha a bhíonn ar an gcrann, le maotháin bhioracha. Is braislí de 2-4 torthaí sféaracha guaireacha a thagann ar an gcrann sa bhfómhar.[11] Is iondúil go mbíonn hibridí aimrid (neamhthorthúil), ach is crann é an plána London atá torthúil agus síolraíonn sé go minic sna ceantair uirbeacha ina mbíonn sé curtha.[2]
Ag dul i ngleic le truaillí
Tá roinnt bealaí ag plána Londan dul i ngleic le truailliú.[12] Déanann crainnte gáis a mhalartú leis an taobh amuigh tríd a gcuid lionsacháin (poill bheaga) sa gcoirt. Má bhíonn an t-aer truaillithe le cáithníní beaga, éiríonn na lionsacháin blocáilte (feictear é seo uaireanta mar spotaí dubha ar an gcoirt). Déanfar dochar de chrann mura n-éiríonn leis an dúshlán seo a shárú. Scamhann plána Londan a choirt agus fásann sé coirt nua ag rata níos tapúla na crainnte eile, agus faightear réidh leis na truailleáin sa tsean-choirt.
Tá bealach eile ag plána London leis an aer a ghlanadh. Is i bhfoirm ábhair cháithníneach atá go leor den truailliú atá san aer i gcathracha móra. Greamaíonn na cáithníní seo de na ribí gruaige ar dhuilleoga an chrainn. Bailíonn na truailleáin le himeacht ama ar an duilleog go dtí go bhfaigheann an bháisteach réidh leis.[13, 14] Ní beag an méid truaillithe atá crainnte mar seo in ann a bhaint den aer. De réir taighde ó 2011, tógann crainnte i Mórcheantar Uirbeach Londan idir 850 agus 2,000 tonna de cháithníní a dhéanann dochar do dhaoine ón aer.[15]
Tá míbhuntáistí ag baint leis an gcrann seo freisin, áfach. Tá sé cruthaithe ag eolaithe go n-astaíonn plánaí Londan méid suntasach de chomhdhúile orgánacha bithghineacha so-ghalaithe (BVOC). Baineann go leor plandaí úsáid as na ceimicí nádúrtha seo chun fás, forbairt, iomadú, agus cosaint.[16] Ach ceaptar go gcuireann na gail seo, nuair a théann an gail seo suas san atmaisféar, síneadh le saolré meatáin atmaisféarach, ceann de na gáis ceaptha teasa is mó a imríonn tionchar ar an athrú aeráide.[17]
Cruthaíonn plánaí Londan méid mór pailine san Earrach, agus mar gur minic iad a bheith curtha i gceantair uirbeacha, san áit chéanna ina bhfuil na milliúin daoine ag cónaí, ceaptar go gcuireann siad as go mór do daoine a bhíonn ag fulaingt le hailléirge pailine freisin.[16] Chomh maith leis sin, sceitheann an crann ribí gruaige a bhíonn ar na síolta agus na duilleoga, agus cuireann siad seo as d’análú dhaoine leochaileacha.[18]
Tuilleadh íomhánna
Tagairtí
1. Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.
2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
3. The Tree Register of Britain and Ireland. 2024.
4. Harrison, M., Plant History: Expanding the Horizons of a Small Garden. Arnoldia, 1993. 53(1): p. 8-18.
5. Henry, A. and M.G. Flood, The History of the London Plane, Platanus Acerifolia, with Notes on the Genus Platanus. Proceedings of the Royal Irish Academy. Section B: Biological, Geological, and Chemical Science, 1919. 35: p. 9-28.
6. Roman, L.A. and T.S. Eisenman, Drivers of street tree species selection: The case of London planetrees in Philadelphia, in The politics of street trees. 2022, Routledge. p. 83-96.
7. Pataki, D.E., et al., The Benefits and Limits of Urban Tree Planting for Environmental and Human Health. Frontiers in Ecology and Evolution, 2021. 9.
8. Flemer, W. Questing for the Perfect Landscape Tree. in COMBINED PROCEEDINGS-INTERNATIONAL PLANT PROPAGATORS SOCIETY. 2000. IPPS; 1998.
9. Mitchell, A., The improvement of forest trees by selection and breeding. Irish Forestry, 1963.
10. Griffin, D., ‘Hungry tree’ is slowly eating a cast-iron bench in Dublin, in The Irish Times. 2017.
11. Stace, C., New Flora of the British Isles. 4ú ed. 2019: C&M Floristics.
12. Yang, J., Y. Chang, and P. Yan, Ranking the suitability of common urban tree species for controlling PM2.5 pollution. Atmospheric Pollution Research, 2015. 6(2): p. 267-277.
13. McIntosh, G., M. Gómez-Paccard, and M.L. Osete, The magnetic properties of particles deposited on Platanus x hispanica leaves in Madrid, Spain, and their temporal and spatial variations. Science of The Total Environment, 2007. 382(1): p. 135-146.
14. Baldacchini, C., et al., How Does the Amount and Composition of PM Deposited on Platanus acerifolia Leaves Change Across Different Cities in Europe? 2017.
15. Tallis, M., et al., Estimating the removal of atmospheric particulate pollution by the urban tree canopy of London, under current and future environments. Landscape and Urban Planning, 2011. 103(2): p. 129-138.
16. Vrinceanu, D., et al., Urban allergy review: Allergic rhinitis and asthma with plane tree sensitization (Review). Exp Ther Med, 2021. 21(3): p. 275.
17. Xiaoshan, Z., et al., Seasonal variations of isoprene emissions from deciduous trees. Atmospheric Environment, 2000. 34(18): p. 3027-3032.
18. Lu, S., et al., Isolation and expression analysis of a LEAFY/FLORICAULA homolog and its promoter from London plane (Platanus acerifolia Willd.). Plant Cell Reports, 2012. 31(10): p. 1851-1865.