Ainmneacha Eile: Biora Leacra[1], Iúr Creige, Iubhar Beinne[1], Beárnán Brighde,[1] Aiteann,[2] Aitiol,[2] Iubhar talmhan[2]
Béarla: Common Juniper
Tréithe Suntasacha an Chrainn
- Sceach íseal síorghlas
- Duilleoga géara, spíonlacha
- Buaircíní feolmhara mar thorthaí
Réamhrá
Deirtear go bhfuil an t-aiteal ar an gcrann is fairsinge ar domhan – síneann a réimse fáis ó Alasca, an Ghraonlainn agus an tSibéir, síos ó dheas go dtí an Mheánmhuir, an Meánoirthear, agus deisceart na hÁise.[3] Tá an t-aiteal ar cheann de na trí bhuaircíneacha dúchasacha atá in Éirinn – in éineacht leis an iúr (Taxus baccata) agus an péine Albanach (Pinus slyvestris). Is buaircíneach síorghlas é atá coitianta in iarthar, iarthuaisceart, agus iardheisceart na tíre.[4] Mar a thugann ainmneacha eile an chrainn – iúr creige agus biora leacra – le fios, fásann sé ar chréafóg thirim alcaileach ar phábháil aoilchloiche – in Árainn, sa mBoireann, in oirthear na Gaillimhe, i dTír Conaill, agus i gCo. Chiarraí. Tá sé le fáil freisin in ithir aigéadach ar fhánaí shléibhte thuaisceart Chonamara,[5] agus ar charraigeacha eibhir cheantar na nOileán, i ndeisceart Chonamara. Tá an t-aiteal an-mhall ag fás agus maireann sé ar feadh 200 bliain, ar a mhéid.[6]
Cuma an Chrainn
Tá cuma dhifriúil ar an aiteal ag brath ar na coinníollacha ina bhfuil sé ag fás. Is féidir leis crann 8m ar airde a dhéanamh,[7] nó, níos minice sna háiteanna feannta ina bhfásann sé in Éirinn, crann íseal sínte ar an talamh. Is mar seo a fhásann an t-aiteal in Árainn agus i gConamara.[8] Tugtar Juniperus communis fosp. communis ar an chrainnte ingearacha nó sínte a fhásann ar aolchloch. Tugtar Juniperus communis fosp. nana ar an gcrann sínte, atá níos coitianta ar thalamh ard, aigéadach in iarthar na tíre agus san iarthuaisceart,[4] cé nach léir go bhfuil aon difríocht géiniteach idir an dá speiceas.[3]
Dath donndhearg nó liathdhonn a bhíonn ar choirt snáithíneach an aitil agus déanann sé píosaí beaga a scamhann den chrann. Bíonn duilleoga deilgneacha síorghlasa ar an aiteal, le spíonlacha gormghlasa a fhásann i ngrúpaí de thrí cinn. Bíonn banda leathan bán ar an taobh atá iompaithe isteach ar gach spíonlach, agus bíonn bior géar ar chuile cheann.
Bláthanna agus Torthaí
Tá an t-aiteal dé-éiciach – bíonn buaircíní baineanna agus fireanna ar chrainnte dhifriúla (tá sé ar cheann de bheagán speiceas sa bhfine Cupressaceae atá dé-éiciach). Fásann na bláthanna ar na hascaill idir an spíonlach agus an gas. Dath glas a bhíonn ar na bláthanna baineanna. Dath buí a bhíonn ar na buaircíní pailin (fireanna) beaga, a thagann amach i mBealtaine agus Meitheamh. Is í an ghaoth a phailníonn na buaircíní baineanna.
Cé gur buaircíneach atá san aiteal, breathnaíonn na buaircíní an-chosúil le caora amhail airne an draighin (Prunus spinosa). Má bhreathnaítear go grinn orthu, is féidir rian scálaí na mbuaircíní a fheiceáil ar an gcaor. Tá na scálaí seo an-fheiceálach i mbuaircíneacha amhail cufróg Monterey (Hesperocyparis macrocarpa) nó an chróngiúis (Sequoia sempervirens), atá sa bhfine céanna leis an aiteal. Tosaíonn buaircíní na mbuaircíneach eile, amhail an péine Albanach (Pinus slyvestris), bog agus feolmhar, ach athraíonn siad adhmadach de réir a chéile. Fanann buaircín an aitil bog. Maireann na buaircíní seo dhá bhliain ar an gcraobh – is dath glas a bhíonn siad sa gcéad bhliain agus dath gorm nó corcra sa dara bliain. Is iondúil go mbíonn trí shíol laistigh de gach toradh.
Itheann fianna, coiníní, agus giorriacha aitil óga, agus is iad is cúis le meath an aitil an áiteanna éagsúla.[9] Is foinse bia iad na torthaí d’éanacha amhail smólaigh, sacáin, agus deargáin sneachta. Mar nach díleánn siad na síolta, tá ról tábhachtach acu ag scaipeadh an aitil.[10]
Úsáid agus Béaloideas an Aitil
Jin
Is é toradh an aitil an príomh-chomhábhar le blas a thabhairt don bhiotáille jin. Is ón Ísiltír a tháinig an deoch ó thús agus tagann an focal jin (gin i mBéarla) ón bhfocal Ollainais genever, a chiallaíonn aiteal. Dhéantaí an deoch genever ó thorthaí (glasa, neamhaibí) an aitil. Dhéantaí mar dheoch leighis ar dtús é, mar gur ceapadh go raibh tréithe teiripeacha ag na torthaí, ach níorbh fhada gur thosaigh daoine á ól go sóisialta mar dheoch spreagthach.[11] Deirtear gur ón deoch seo a tháinig an nath Béarla Dutch courage, nuair a thosaigh saighdiúirí Shasana ag déanamh aithrise ar na Dúitsigh a bhí ól jin roimh chathanna sna Cogaí Angla-Dúitseach sa 17ú aois.[12] Déantar fíon agus beoir as torthaí an aitil freisin.[13] Déantar bláthola as na torthaí chomh maith – deirtear go bhfuil tréithe frithmhiocróbacha[14] agus frithocsaídeora[15] acu – a úsáidtear i gcócaireacht, i gcumhráin, agus i gcumhartheiripe.[16] D’úsáidtí na caora chun blas a chur ar an bpoitín i dTír Chonaill.[2, 17]
Scaití bíonn cumhdach bán ar chaora an aitil, a thugann le fios go bhfuil giosta ar dhromchla an toraidh. Is féidir an giosta seo a úsáid chun tús gabhála taois ghéar a dhéanamh. Tá aigéad isocupressic san aiteal agus i mbuaircíneacha eile, amhail péinte (Pinus spp.). Is cúis cailleadh lao é i mbeithígh,[18] agus bhaineadh daoine úsáid caora an chrainn mar ghinmhillteán freisin.[19]
Adhmad an Aitil
Tá adhmad an aitil dlúth agus crua, i gcomparáid le bogadhmaid eile. Úsáidtear mar chuaillí é mar nach lobhann sé go héasca. Úsáidtear an t-adhmad in sníodóireacht agus deileadh adhmaid freisin. Déantar bia a dheatú ag úsáid sliseanna aitil. Dónn an t-adhmad go maith, agus bíonn deatach cumhraithe agus beagnach dofheicthe uaidh. Mar gheall ar seo, dhóití an t-adhmad in stiléireacht aindleathacha in Albain – ceann de na cúiseanna go bhfuil an crann neamhchoitianta anois i nGarbhchríocha na tíre sin.[9]
Béaloideas an Aitil
Cé go bhfuil an t-aiteal ar cheann de na chéad crainnte a tháinig go hÉireann, níl an oiread seanchais faoin bplanda seo agus atá faoi chrainnte dúchasacha eile. B’fhéidir go bhfuil sé seo amhlaidh mar go bhfuil raon teoranta ag an gcrann (cé go bhfuil sé coitianta sna ceantair sin). Áiríodh é i measc na fodla fedo, ísealaicme na coille, sa bhFéineachas. Ní raibh níos ísle ná iad ach na sceacha (losa fedo). Chuirtí pionós ar aon duine a dhéanadh damáiste den aiteal –an crann a bhunscoitheadh an chrainn nó í a bhaint ina iomlán.[20] Maíonn Kelly gurb é an t-aiteal an crann fir atá liostáilte sna fodla fedo cé go n-admhaíonn sé nach bhfuil sé cinnte.[17] Molann Mac Coitir gur ionann fir agus fiar, a chiallaíonn casta, a thugadh le fios gur aiteal atá i gceist, mar ar chuma casta an chrainn.[20]
Tá roinnt tagairtí don aiteal i mBailiúchán na Scol, formhór acu i mBéarla. Bhaintí úsáid as torthaí an aitil (iad a bhruith agus an sú a ól), mar leighis ar chasacht agus broincíteas,agus luaitear iad freisin mar chógas do bhreoiteachtaí amhail gúta, íorpais, agus galracha duáin.
Ceal ábhar eile, d’úsáidtí craobhacha aitil le linn searmanais Dhomhnach na Pailme (Domhnach an Iúir) in Árainn in ionad an iúir, nach raibh ag fás ar an oileán, agus d’fhulaing na crainnte go mór dá thoradh. Ní raibh dé ar an bplanda in Inis Oírr in 1893 nuair a thug Nathaniel Colgan cuairt ar an oileán.[21] Tá sé fós ag fás ar an dá oileán eile.[22]
Níl ainm an chrann le feiceáil i mórán logainmneacha ach an oiread. Tá Oileán an Aitil i gCo. an Chláir, ach is aistriú ar an mBéarla é sin.[23]
Ainmneacha an Aitil
Tá roinnt ainmneacha eile luaite leis an aiteal, rud atá spéisiúil ann fhéin do chrann nach bhfuil chomh fairsing sin. Tá aiteann, aitiol, bearnán Brighde, biora leacra, iubhar Craige , iubhar talmhan, agus iubhar beinne ar fad ag Lane[2] don aiteal (Juniper communis). Tá aitin, aiteil, aitiol, agus bior leacain ag Cameron mar ainm don chrann.[24] Tá iubhar–talamh ag Cameron freisin, don chrann sínte. Dar leis, gur tháinig bior leacain as ‘Arran’.[24] Tá dearc aitinn agus caor aitinn ag Lane do thorthaí an chrainn.
Seachas gur dhá seach shíorghlas, dheilgneach iad an t-aiteal agus an t-aiteann (Ulex spp), ní fhéadfá a rá go mbreathnaíonn an dá phlanda cosúil lena chéile. Ach luaitear an t-ainm aiteann agus focail chomhchosúla leis an aiteal. Tugtar aiteanach ar an aiteann agus ar an aiteal, glaoitear caora aiteanaigh (agus caor aitinn) ar bhuaircíní an aitil, i nDún na nGall.[17] Luaitear aiteannach a’Chnuic i mBailiúchán na Scol (as an Mhín Mhór, Co. Dhún na nGall). Tá aitinn, aitiunn agus aiteil ar an bplanda i nGaeilge na hAlban freisin.[25] Tá giuthas na beinne i nGaeilge na hAlban ag Kelly.[17] An t-iúr binne a úsáideann Tóibín – “tor dúchais ar arda agus ar bheanna Alban é agus is de sin an t-ainm”.[26]
Tuilleadh Íomhánna
Tagairtí
1. Moloney, M.F., Irish ethno-botany and the evolution of medicine in Ireland. 1919: MH Gill.
2. Lane, T.O.N., Lane’s English-Irish Dictionary…: Compiled from the Most Authentic Sources. 1904: D. Nutt.
3. Thomas, P., M. El‐Barghathi, and A. Polwart, Biological flora of the British Isles: Juniperus communis L. Journal of Ecology, 2007. 95(6): p. 1404-1440.
4. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
5. Harrison, A., G. Robb, and F. Cooper, New record of juniper (Juniperus communis L.) in Connemara National Park, Co. Galway. The Irish Naturalists’ Journal, 2010. 31(2): p. 147-148.
6. Ward, L.K., The Conservation of Juniper: Longevity and Old Age. Journal of Applied Ecology, 1982. 19(3): p. 917-928.
7. Johnson, O., Collins tree guide. 2004: HarperCollins Publishers.
8. Ó Ruairc, C., Dúlra Oileán Árann. 2011, Baile Átha Cliath: Cois Life.
9. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
10. Cooper, F., et al., The conservation status of juniper formations in Ireland. 2012: National Parks and Wildlife Service.
11. Van Schoonenberghe, E., GENEVER (GIN): A SPIRIT DRINK FULL OF mSTORY, SCIENCE AND TECHNOLOGY. Sarton Chair of the History of Sciences University of Ghent, Belgium, 1999. 500(1999/2249): p. 93.
12. Shaw, I.C., The chemistry of gin and tonic. Articles and features, 2018: p. 178.
13. Madej, T., et al., Juniper beer in Poland: the story of the revival of a traditional beverage. Journal of ethnobiology, 2014. 34(1): p. 84-103.
14. Angioni, A., et al., Chemical composition of the essential oils of Juniperus from ripe and unripe berries and leaves and their antimicrobial activity. Journal of agricultural and food chemistry, 2003. 51(10): p. 3073-3078.
15. Miceli, N., et al., Comparative study of the phenolic profile, antioxidant and antimicrobial activities of leaf extracts of five Juniperus L.(Cupressaceae) taxa growing in Turkey. Natural product research, 2020. 34(11): p. 1636-1641.
16. Bajac, J., et al., Juniper berry essential oils as natural resources of biological and pharmacological high-valuable molecules. Industrial Crops and Products, 2023. 204: p. 117248.
17. Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.
18. Wang, S., et al., Efects of the pine needle abortifacient, isocupressic acid, on bovine oocyte maturation and preimplantation embryo development. Anim Reprod Sci, 2004. 81(3-4): p. 237-44.
19. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
20. Mac Coitir, N., Ireland’s Trees–Myths, Legends & Folklore. 2016: Gill & Macmillan Ltd.
21. Colgan, N., Notes on the Flora of the Aran Islands (Concluded). The Irish Naturalist, 1893. 2(4): p. 106-111.
22. Webb, D.A., The flora of the Aran Islands. Journal of Life Sciences (Royal Dublin Society), 1980. 2: p. 51-83.
23. Mc Loughlin, J., Trees and woodland names in Irish placenames. In. Irish Forestry, 2016. 73: p. 239-257.
24. Cameron, J., The Gaelic Names of Plants: (Scottish, Irish and Manx). 1883, Dún Éireann, Londain: William Blackwood and Sons.
25. Macfarlane, A.M., Gaelic Plant Names: Study of Their Uses and Lore. 1924.
26. Tóibín, S., Troscán na mbánta: aistí simpli ar na crainn choitianta dúchais. 1967: Oifig an tSoláthair.