You are currently viewing  An Cuileann <br><span style='font-size:16px;'>Ilex aquifolium</span>

An Cuileann
Ilex aquifolium

Dath Bláth:
Cineál Planda: , , ,
Ord:
Fine:
Géineas:
Duilleog: , , , ,
Gnáthóg:
Faoi Bhláth:
Stádas:
Airde:
Pailniú: , ,
Úsáid:

Ainmneacha eile: Crann Cuilinn, Craobh Chuilinn[3]

Béarla: Holly


Tréithe Suntasacha an Chrainn

  • Crann síorghlas dúchasach
  • Duilleoga lonracha deilgneacha
  • Caora beaga dearga, ar chrainnte baineanna amháin

Crann cuilinn i gcoill.

Cé go bhfuil os cionn 400 speiceas sa ngéineas Ilex, is é an cuileann an t-aon cheann atá dúchasach san Eoraip. Faightear é in iarthar na hEorpa, agus ó dheas sna Balcáin agus tuaisceart na Tuirce.[4] Tá an cuileann freisin ar an t-aon chrann síorghlas dúchasach in Éirinn nach buaircíneach é. Tá sé fairsing ar fud na hÉireann, agus fásann sé go 600m os cionn leibhéal na farraige.[5]

Is iondúil go ndéanann sé crann beag (c. 10m ar airde) ach maireann na crainnte ar feadh achar fada, roinnt céadta bliain i gcásanna eisceachtúla. Is 21 m ar airde atá an crann cuilinn is airde in Éirinn (i Loch Garman) agus is i gCo Chiarraí atá an crann leis an stoc is tiubha (547cm timpeall an stoic).[6]

Coirt thanaí mhín a bhíonn air, fiú i gcrainnte atá níos sine. Cruth ubhach, beagnach dronuilleogach, a bhíonn ar na duilleoga righin. Dath glas dorcha lonrach a bhíonn ar thaobh uachtar na nduilleog agus dath buíghlas níos éadroime agus neamhlonrach a bhíonn ar an taobh íochtair. Bíonn idir trí agus cúig dealg ar imeall na nduilleog deilgneacha, ach ní bhíonn gach duilleog deilgneach.[7]

Tá an cuileann in ann duilleoga difriúla a fhás ag braith ar chúinsí seachtracha éagsúla. Má thosaíonn ainmhithe ag ithe na nduilleoga in íochtar fásann an planda duilleoga deilgneacha mar straitéis cosanta. Ní ga dhó seo a dhéanamh leis na duilleoga in uachtar agus anseo bíonn imeall mín ar na duilleoga. Tugtar heterophylly ar gcumas seo atá ag planda duilleoga éagsúla a fhás.[8] Maireann na duilleoga idir 5-8 bliain sula dtiteann siad – éiríonn siad níos mó de réir mar a théann siad in aois.[9]

Duilleoga le himeall mín in uachtar na sceiche.
Duilleoga bioracha in íochtar na sceiche.

Tá an cuileann dé-éiciach — tá na bláthanna baineanna agus fireanna ar chrainnte difriúla – cé gur féidir leis an gcrann inscne a athrú. Ní thagann bláthanna air nó go bhfuil an crann timpeall 20 bliain d’aois.[10] Bláthanna beaga bána, le ceithre peitil, agus cón beag sa lár san áit a bhforbróidh an toradh, atá ag na crainnte baineanna. Tá ceithre staimin ag na bláthanna fireanna.  Osclaíonn na bláthanna fireanna idir Bealtaine agus Iúil, agus scaipeann meachain agus feithidí eile an pailin laistigh chuig na bláthanna ar na crainnte baineann. Forbraíonn na torthaí, caora (drúip) beaga dearga, ar na crainnte baineanna.

Bláthanna baineanna an chuilinn.
Caora an chuilinn.

Is crann crua é an cuileann agus é in oiriúint do suíomhanna feannta.  Fásann sé ar raon leathan coinníollacha ithreach freisin, ar chréafóg chailceach agus ar aolchloch[9], cé gur bhfearr fearr leis an gcrann ithir aigéadach.[4] Fásann cuileann i gcoillte in gcréafóg aigéadach atá tais nó tirim in éineacht leis an dair (Quercus spp) agus an bheith chlúmhach (Betula pubescens).[11] Fásann sé freisin ar thalamh portaigh le crainnte amhail an caorthann (Sorbus aucuparia), an péine albanach (Pinus sylvestris) agus saileánaigh éagsúla (Salix spp.). Fásann sé freisin ar phábháil aolchloiche na Boirne. Is crann scáthfhulangach é an cuileann agus fásann sé sa sraith mheánach i gcoillte na tíre. Tá sé le feiceáil ag fás go fiáin freisin ar thaobh an bhóthair, mar fhál sceach agus i ngarrantaí atá ligthe i bhfiántas.  Cuireann triomach as dó, ach tá sé in ann ag sáile agus gaoth chomh maith le hinnilt agus gearradh.

Ba léir go gcuirtí an cuileann mar sceach níos minice agus níos fairsinge ná mar a dhéantar anois. Bhí fál ag Iarla Haddington ag Tynynghame na hAlban a bhí 2699m ar fhad, 3-4m ar airde agus idir 3-8m ar airde.[9] Cheaptaí go dtabharfadh siad foscadh níos fearr acu agus go raibh siad in ann ag droch-choinníollacha. Seans gurb é an ráta fáis mall an t-aon mhíbhuntáiste a bhí leo.


Eiceolaíocht

Cuileann, ag léiriú duilliúr dlúth an chrainn.

Mar gur crann síorghlas é, tugann duilleoga deilgneacha agus géaga dlútha an chrainn seo tearmann d’éin agus d’ainmhithe i gcaitheamh an gheimhridh, agus is foinse beatha tábhachtach iad na caora freisin d’éanacha amhail an deargán sneachta (Turdus iliacus) agus an sacán (Turdus pilaris). Tógann sé roinnt blianta ar na duilleoga a thiteann lobhadh, agus úsáideann ainmhithe amhail an ghráinneog iad chun neadracha a dhéanamh.

In ainneoin gur cuid thábhachtach é an cuileann de bhithéagsúlachta na hÉireann, is crann ionrach é ar chósta iarthair Mheiriceá Thuaidh. Éiríonn go maith leis i bhforaoise dlútha an cheantair sin mar go bhfuil sé scáthfhulangach. Cosúil le go leor plandaí ionracha eile, athraíonn sé comhdhéanamh na foraoise agus laghdaíonn an bhithéagsúlacht mar nach bhfuil ainmhithe agus feithidí dúchasacha cleachtach ar an bplanda.

Níl an cuileann faoi bhagairt in Éirinn ná sa Eoraip,[12] cé go bhfuil an crann leochaileach don bhfungas Phytophthora ilicis, a chuireann spotaí dubha ar na duilleoga agus atá marfach don chrann. Buaileann fungais eile den ghéineas Phytophthora é ó am go am. Maraon le crainnte eile, beidh tionchar ag an athrú aeráide ar réimse fáis an chuilinn.[13] Ach tá sé feicthe sa Danmhairg go bhfuil saothróga den chuileann, atá níos cruaite ná an crann dúchasach, ag scaipthe níos faide ó soir ná gnáth-réimse fáis an chrainn.[14] Scaipeann an cuileann freisin nuair a chuirtear stop le hinnilt ó ainmhithe, agus ní i gcónaí a chuireann caomhantóirí fáilte roimh a leithéid.[15]


Úsáid agus Béaloideas an Chuilinn

Crann cuilinn ar chósta iarthair na Gaillimhe.

Tá adhmad geal (beagnach bán), trom, crua ag an gcuileann[9] ach mar go bhfreangann sé nuair a thriomaíonn sé is minic nach mbíonn sé feiliúnach ach le rudaí beaga a dhéanamh. D’úsáidtí é le heochracha pianó a dhéanamh mar go bhfuil an t-adhmad chomh geal.

Dhéantaí birdlime as coirt an chuilinn measctha le ola cnónna.[16] Is substaint ghreamaitheach é a d’úsáidí mar ghaistí chun éanacha a gabháil. Cuireadh deireadh leis an gcleachtas seo leis an Acht chun Éanacha Fiadhaine do Chaomhaint, 1930.

Thugtaí duilleoga cuilinn do bheostoc mar fhodar geimhridh, i Sasana[10] agus in Éirinn.[17] Bhíodh coillearnaí cuillinn ar fheirmeacha le freastal ar an éileamh seo. Lean an cleachtas ar aghaidh go dtí an 18ú aois.[9] B’fhéidir gur seo an cúis gur áiríodh an cuileann mar cheann de huaisle na coille (airig fedo). Is léir go raibh an t-adhmad crua an chuilinn in oiriúint le húsáid i bhfulachta fianna freisin. [18]

Ceaptar gur tosaíodh ag úsáid cuilinn le linn féile Saturnalia na Rómhánaigh, seachtain de dhamhsa agus ceol a bhí ar siúil le linn ghrianstad an gheimhridh. Nuair a tháinig féile na Nollag i gcomharba ar Saturnalia, thug sé cleachtas an chuilinn leis[9], agus chuirtí cuileann agus eibheann (Hedera hibernia) ar fhuinneoga agus leac doirse ag an am sin. Ach níor mhór a bheith cúramach, mar, de réir taifead ó Mhaigh Eo, “má thuiteann an eidhneán agus an cuileann beidh droch-rath ar an teach go ceann bliana.”

Luaitear i mBailiúchán na Scol, in iontráil ó Co. Chabháin, an nasc idir deilgne an chraoibh agus crón deilgne Íosa, agus dath dearg na gcaora agus ‘an fhuil a rith ó na Gonta Naomhtha’. Bhaintí úsáid as an gcuileann freisin a lá le Stiofáin, nuair a théadh daoine amach le dreoilín marbh ceangailte le píosa cuilinn (agus uaireanta labhras (Laurus nobilis)) ag bailiú airgid chun an dreoilín a chur.

Tá scéal eile sa mBáiliúchán ó Co. na Gaillimhe a mhíníonn tréith shíorghlas an chrainn. Chuaigh Íosa i bhfolach i gcrann troim (Sambuca nigra) agus na Iúdaigh ar a thóir. D’oscail an trom agus chonaic na chonaiceadar é. Theith sé, agus chuaigh sé faoi chrann cuileann. Chlúdaigh an crann sin é, agus d’éalaigh sé. Ó sin i leith tá an trom ar an gcrann deireadh a chuireann bileoga amach san earrach agus an chéad crann a chaillfidh iad sa bhfómhar. Mar chomhartha buíochais don chuileann “bíonn sméara dearga ag fás ar chuile bhliadhain agus ní chailleann sé ach corr bhilleóg agus bíonn sé glas chuile lá sa mbliadhain.” (Tá leagan eile den scéal seo ina bhfuil an t-aiteann, nó an ‘crann aitinne’ (Ulex spp), luaite in áit an chuilinn, agus go dtagann duilleoga an aitinn amach  

Ach bhí lámh ag an gcrann i gcéasadh an Tiarna freisin, dar le muintir Thír Chonaill. De réir an taifid eile ó Thír Chonaill, deirtear gurbh as crann cuileann a déanadh an chrois ar a céasadh an slánaitheoir, agus nár cheart ainmhithe ar bith a bhualadh le slat cuilinn. Tá an mí-ádh céanna leis an gcrann i gCo. an Chláir – má bhuailtear duine (duine óg, is dócha) le bata cuilinn, ní mhéadóidh siad.


Ainmneacha

Tá cuileann na gcaortha ar an gcuileann nuair atá torthaí air, agus cuileann Muire atá ar an gcuileann atá feoite tar éis na Nollag.[19] Thugtaí clochaí dearga ar na caora i mBailiúchán na Scol sa gCreig Mhór, Co. na Gaillimhe.

Tá an focal cuilleanach, i Sciobairín, Co. Chorcaí, d’áit ina mbíonn cuileann ag fás. Tá seanfhocal i mBáiliúchán na Scol “mas árd an crann cuileann tá sé searbh ar a bharr” agus ceann eile “Bíonn béal eidhin agus croidhe cuilinn ag an bplámásuidhe”. Is gealbhán cuilinn ainm eile ar an gcorcrán coille (Pyrrhula pyrrhula).

Is ainmneacha eile iad cuileann dubha, cuileann dumhcha, nó cuileann duimhche, ar chuileann trá (Eryngium maritimum) planda deilgneach a fhásann ar thránna cladaigh agus atá sa bhfine Apiaceae.



Tagairtí

1.           Manen, J.-F., et al., The history of extant Ilex species (Aquifoliaceae): Evidence of hybridization within a Miocene radiation. Molecular Phylogenetics and Evolution, 2010. 57(3): p. 961-977.

2.           Loizeau, P.-A., et al., Towards an understanding of the distribution of Ilex L.(Aquifoliaceae) on a world-wide scale. Biol. Skr, 2005. 55: p. 501-520.

3.           Hogan, E., Luibhleabhrán: Irish and Scottish Gaelic Names of Herbs, Plants. Trees (Dublin, 1900). 50.

4.           Guerrero-Hue, N., G. Caudullo, and D. de Rigo, Ilex aquifolium in Europe: Distribution, habitat, usage and threats. European Atlas of Forest Tree Species; San-Miguel-Ayanz, J., de Rigo, D., Caudullo, G., Houston Durrant, T., Mauri, A., Eds, 2016: p. 102.

5.           Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

6.           The Tree Register of Britain and Ireland. 2024.

7.           Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.

8.           Obeso, J., The induction of spinescence in European holly leaves by browsing ungulates. Plant Ecology, 1997. 129: p. 149-156.

9.           Peterken, G.F. and P.S. Lloyd, Ilex Aquifolium L. Journal of Ecology, 1967. 55(3): p. 841-858.

10.         Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.

11.         Fossitt, J.A., A Guide to Habitats in Ireland, A.C. Oidhreachta, Editor. 2000.

12.         Barstow, M. and S. Khela Ilex aquifolium. The IUCN Red List of Threatened Species, 2018.

13.         Aranda, I., et al., Limited capacity to cope with excessive light in the open and with seasonal drought in the shade in Mediterranean Ilex aquifolium populations. Trees, 2008. 22(3): p. 375-384.

14.         Skou, A.-M.T., F. Toneatto, and J. Kollmann, Are plant populations in expanding ranges made up of escaped cultivars? The case of Ilex aquifolium in Denmark. Plant Ecology, 2012. 213: p. 1131-1144.

15.         Peterken, G.F., Ecological effects of introduced tree species in Britain. Forest Ecology and Management, 2001. 141(1): p. 31-42.

16.         Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.

17.         Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.

18.         Kelly, F., Trees in early Ireland. Irish Forestry, 1999.

19.         Ó Dónaill, N. and T. De Bhaldraithe, Foclóir Gaeilge-Béarla. 1992: An Gúm.