Béarla: Hidcote Tutsan; St John’s-wort ‘Hidcote’
Tréithe na Sceiche
- Sceach shíorghlas nó leath-shíorghlas
- Bláthanna móra buí
- Hibrid saothraithe de bheathnua éigean.
Cur Síos ar an Sceach
Is éalaitheach gairdín é seo a fheictear ó am go ham timpeall na tíre. Is saothróg é de bheathnua éigean. Maraon leis na beathnuanna eile, bíonn duilleoga ubhacha nó éilipseacha ar an bplanda. Fásann siad urchomhaireach óna chéile ar an ngas. Is bláthanna móra buí a bhíonn air, a mhaireann agus bláthaíonn an planda ó lár an tsamhraidh go lár an fhómhair. Baineann amach sé idir 1-2m in airde.
*Ní fhacthas an planda seo i gCois Fharraige.