Hesperocyparis macrocarpa
Béarla: Monterey Cypress
Ainmneacha Eolaíocha Eile: Callitropsis macrocarpa, Cupressus macrocarpa
Tréithe Suntasacha an Chrainn
- Buaircíneach ard, síorghlas.
- Craobhacha leacaithe ag barr an chrainn.
- Buaircíní sfeáracha le spíce ar gach pláta.
- Boladh citris uaidh na duilleoga brúite.
Leithinis Monterey
Is buaircíneach síorghlas atá sa gcufróg seo a thagann ó leithinis Monterey, ar chósta California. Níl fágtha ach dhá ghrúpa fiáin de na cufróga seo ina cheantar dúchais[1] – níl aon bhuaircíneach sa domhan atá coibhrithe in achar chomh beag[2] – agus tá an crann beagnach díothaithe sa bhfiántas. Níl ann ach an póca beag seo mar gheall ar na hoighearsruthanna a chlúdaigh an chuid sin de Mheiriceá Thuaidh san oighearaois dheiridh. Mhair na cufróga sa bpíosa beag talún mar go raibh siad coinnithe sách te ag teocht na bhfarraige lena dtaobh. Tá ceantar dúchais na cufróige seo ceomhar agus feannta, agus is ar clocha cósta scoilte, fánaí géara, agus cinn tíre ailleacha a fhásann sí. Is crann é a bhíonn múnlaithe, casta, agus lúbtha ag gaoth agus sáile na farraige. Chuige sin, is buaircíneach é atá in oiriúint do chósta iarthar na hÉireann.
Cuma na Cufróige
Tá cufróg Monterey ar an bhfíorchufróg is airde agus is coitianta in Éirinn.[3] Is furasta crainnte lánfhásta den speiceas seo a aithint. Cé go mbíonn cruth caolchónach nó leathanchónach ar chrainnte óga, leathnaíonn na craobhacha fada amach le haois agus éiríonn barr an chrainn leacaithe. Mar nach bíonn an duilliúr chomh dlúth ar an mbarr, bíonn na craobhacha in uachtar níos feiceálaí. Go deimhin, ní ionann cruth na gcufróga a fhásann in Éirinn agus iad siúd atá sa mBreatain. Cónach nó colúnach a bhíonn a siad sa mBreatain, ach in oirthear na Éireann leathann siad amach go drámatúil, agus in iarthar na tíre tá siad níos leithne fós.[4] Ina gceantar dúchais, fásann cufróga Monterey i gclampaí leo fhéin, nó in éineacht leis an bpéine Monterey (Pinus radiata), crann eile a fhásann go maith ar chósta fiáin iarthar na hÉireann.
Is crann é a fhásann go tapa ar an gcósta agus cé nach ndéanann sé crann ard ina cheantar dúchais (25m nó mar sin), tá crainnte a bhíonn curtha in ann airde suntasach a bhaint amach i gcoinníollacha fabhracha. Tá crann i gCúirt an Phaoraigh, Co. Chill Mhantáin, atá 41m in airde agus 6m timpeall an stoic. In ainneoin stoc na gcrainnte seo a bheith san an-mhéid, ceaptar nach maireann cufróga Monterey mórán níos sine ná 300 bliain nó mar sin.[2]
Coirt agus Duilleoga an Chrainn
Is í coirt an chrainn ceann de na codanna is suntasaí den chufróg. Is dath deargdhonn a bhíonn ar an gcoirt ar dtús, nó go dtagann sé liath le haois. Bíonn an stoc i gcrainnte móra cuislithe, casta, agus snáithíneach, agus bíonn íochtar an chrainn taca. Cé go mbíonn an choirt garbh, ní bhíonn sé chomh scoilteach le crainnte amhail an péine Albanach (Pinus slyvestris). Is minic go mbíonn cufróga Monterey in Éirinn ilstocach.
Bíonn na duilleoga beaga gainneacha (2mm -10mm ar fhad) i cheithre ró ar an ngéag, ina luí thar a chéile, agus iad brúite isteach in aghaidh na géige. Ní leacaithe ar phlána amháin a bhíonn géaga óga an duilliúr, ach fásann siad ón ngéag ag uilleannacha difriúla. Is é seo ceann de na cúiseanna go mbreathnaítear ar an chufróg Monterey mar fíor-chufróg. Bíonn duilliúr na gcufróga bréagacha, cosúil le cufróg Lawson (Chamaecyparis lawsoniana), leacaithe.[5] Is dath glas a bhíonn ar na duilleoga agus bíonn boladh láidir citris uathu nuair a bhrúitear iad.
Buaircíní na Cufróige
Is dath buíghlas a bhíonn na buaircíní pailine (fireanna), a bhíonn suite ag deiridh na ngéag. Bíonn dath glas geal ar na buaircíní beaga baineanna. Bíonn na buaircíní sféaracha adhmadacha 2.5-3.5cm trasna. Bíonn idir 8-12 scála orthu agus síneann spíce nó bior beag amach ó lár gach scala. Bíonn dath glas ar bhuaircíní óga, agus tagann dath donn orthu de réir mar a thagann siad chun aibíochta (tréimhse a thógann dhá bhliain). Tairgeann gach buaircín timpeall 150 síol.[2] Osclaíonn na buaircíní nuair a shroicheann siad teocht ar leith – tarlaíonn sé sin in aimsir the, nó nuair a théann tine orthu.[6] Is minic go bhfanann na buaircíní ar na crainnte ar feadh roinnt blianta.
Stádas Chufróg Monterey
Cabhraíonn tinte le cufróg Monterey ina cheantar dúchais. Nochtann tine an chréafóg mhianrach atá ag teastáil le go bpéacadh na síolta, glanann tine an suíomh fáis le níos mó solais a scaoileadh anuas, agus osclaíonn teas na tine na buaircíní leis na síolta a scaoileadh. Ach má bhíonn tinte ann go ró-mhinic déantar damáiste de na crainnte óga. Tá líon na gcrann seasmhach faoi láthair ach níltear ach ag fás in achar an-bheag. Mar ar an mbagairt ó thinte, agus mar go n-ardóidh an bhagairt seo le hathrú aeráide, tá stádas “Leochaileach” ag cufróg Monterey ar liosta dearg de chuid an tAontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra.
An Chufróg agus an tSochaí
Is iomaí úsáide atá á baint as cufróg Monterey. Mar go bhfuil adhmad na cufróige láidir agus marthanach, baintear úsáid as i dtionscail na tógála.[5] Déantar cuaillí sconsaí agus troscán as freisin. Cosúil le roinnt cufróga eile, tá tréithe cógaisíochta, amhail frith-athlastach, frith-víris, agus feithidicídeach, ag an planda seo.[7, 8]
Ach is mar chrann ornáide is mó a úsáidtear in Éirinn é. Tosaíodh á chur go forleathan in 1850.[4] Chuirtí in Éirinn é mar sceacha fáil sular tháinig éileamh mór ar chufróg Leyland sna 70aí. Tá iarsmaí den chleachtas seo le feiceáil timpeall na tíre – crainnte cufróga arda Monterey ag fás timpeall ar shean-tithe agus fothracha. Tá an chufróg fós curtha mar chrann ornáide agus mar fhál fhothana.
Saothróga chufróg Monterey
Is furasta cufróg Monterey a shíolrú lena chuid síolta – péacann siad tar éis coicís nó trí seachtainí.[2] Mar gheall ar sin níor thóg sé i bhfad ar an gcrann scaipeadh amach ón cheantar dúchais. Tugadh isteach sa mBreatain é in 1838[9] agus tá roinnt saothróg de chufróg Monterey saothraithe shin.
Is ó 1892 a thagann ‘Lutea’, le dath líoma-ghlas ar an duilliúr. Is dath buí atá ar dhuilleoga ‘Goldcrest’, ó 1946, agus bíonn na crainnte óga ard agus caol. Tá duilliúr órga freisin ar an saothróg ‘Donard Gold’, planda a saothraíodh i bplandlann in aice le Sliabh Dónairt, Co. an Dúin, in 1935. Tá na saothróga seo ar fad, agus cuid eile nach iad, ag fás i ngairdíní agus i bpáirceanna ar fud na hÉireann agus na Breataine.
Cufróg Monterey agus cufróg Leyland
Tá cufróg Monterey ar cheann de thuismitheoirí chufróg Leyland (Cupressus x leylandii) – cufróg mhór-éilimh mar sceach fáil in Éirinn agus thar lear. Is í Cufróg Nootka (Callitropsis nootkatensis) an tuismitheoir eile. Mar gur ar chósta California a fhásann cufróg Monterey, agus gur ó British Columbia suas go Alaska, ar chósta iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh, a fhásann cufróg Nootka, ní thagann an dá chrann sách gar le go bpailníonn siad a chéile. Ach cuireadh an dá chrann in aice le chéile ar eastáit Leighton, sa mBreatain Bheag, agus nuair a thóg CJ Leyland roinnt síolta ón gcufróg Nootka sin in 1888, ba léir, nuair a thosaigh siad ag fás, go raibh plandaí saothraithe nár bhreathnaigh cosúil le ceachtar tuismitheoir. Ba chufróga Leyland iad.
Tuilleadh Íomhánna
Tagairtí
1. Kafton, D.L., ISOZYME VARIABILITY AND REPRODUCTIVE PHENOLOGY OF MONTEREY CYPRESS. 1977: University of California, Berkeley.
2. Jepson, W.L., The silva of California. Vol. 2. 1910: The University Press.
3. Johnson, O., Collins tree guide. 2004: HarperCollins Publishers.
4. Mitchell, A., Some Monterey trees in Ireland. Irish Forestry, 1968.
5. Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.
6. van Mantgem, C.F., 3D imaging as a method of measuring serotiny. Fire Ecology, 2024. 20(1): p. 60.
7. Al-Sayed, E., et al., Cytotoxic and anti-inflammatory effects of lignans and diterpenes from Cupressus macrocarpa. Bioorganic & Medicinal Chemistry Letters, 2020. 30(10): p. 127127.
8. Elmongy, E.I., et al., Antidiarrheal and Antibacterial Activities of Monterey Cypress Phytochemicals: In Vivo and In Vitro Approach. Molecules, 2022. 27(2).
9. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.