You are currently viewing Eibheann

Eibheann

Dath Bláth:
Cineál Planda:
Fine:
Géineas:
Gnáthóg: , , ,
Faoi Bhláth:
Stádas:
Inite?:

Eidheann; Eidhneán

Hedera hibernica nó Hedera helix

Ivy

Tá Eibheann (Eidheann; Eidhneán; Hedera hibernica) le fáil i roinnt mhaith gnáthóga i gCois Fharraige – ar chlaíocha, i bhfothracha, ar chrainnte agus sna sceacha, agus tá sé feicthe fiú ag fás i measc na gclocha duirlinge thíos ar an gcladach.  

Ligtear i ndearmad, scaití, go mbíonn bláthanna agus caora air. Is foinse beatha tábhachtach iad na caora do na héin sa ngeimhreadh, nuair nach mbíonn mórán eile le fáil. Tá siad tábhachtach mar ghnáthóg d’fheithidí freisin.

Tá speiceas (nó fospeiceas) eile, Hedera helix (Common Ivy, i measc ainmneacha eile, i mBéarla) in Éirinn freisin, cé nach bhfuil sé chomh forleathan leis an (bhfo)speiceas Hibernica. Níl sé éasca idirdhealú a dhéanamh eatarthu, agus is cosúil go bhfuil an t-ainm céanna acu i nGaeilge (go fóilleach, ar aon chaoi).