An chuid struchtúrtha sin den phlanda as a bhfásann duilleoga, fréamhacha agus bláthanna. Iompraíonn agus stórálann an gas uisce agus cothaithigh eile.
Is tréith thábhachtach an gas chun plandaí a aithint óna chéile. Mar tá gas cuasach ar an gCaisearbhán (Taraxacum officinale), ach tá gas soladach ar bhláth a bhreathnaíonn an chosúil leis, an Chluas Chait (Hypochaeris radicata).