You are currently viewing  An Ghiolcach Shléibhe <br><span style='font-size:16px;'>Cytisus scoparius</span>

An Ghiolcach Shléibhe
Cytisus scoparius

Dath Bláth:
Cineál Planda: , ,
Ord:
Fine:
Faoi Bhláth: ,
Stádas:
Airde:
Pailniú: ,
Scaipeadh Síolta:

Tréithe Suntasach na Sceiche

  • Sceach ingearach, duillsilteach.
  • Bláthanna cosúil le bláthanna an aitinn.
  • Ní bhíonn sé deilgneach.

An ghiolcach shléibhe ar an bportach.

Cur Síos ar an bPlanda

Is sceach ingearach, duillsilteach í an ghiolcach shléibhe atá le feiceáil ar fud na hÉireann, seachas i lár na tíre.[1] Tá cosúlachtaí idir í agus an t-aiteann, ach ní planda deilgneach í. Bíonn na géaga fada, glas, agus eiteach. Is duilleoga trídhuilleacha, le duillíní lansacha, a bhíonn ar an bplanda.[2]

Duilliúr ar an ngiolcach shléibhe.

Dath órbhuí a bhíonn ar na bláthanna, a bhíonn ar ghas 1cm ar fhad.  Bíonn na síolta istigh i bhfaighneoga clúmhacha, dubha.[2] Pléascann an fhaighneog nuair a bhíonn sí aibí agus caitear na síolta amach as. Tarlaíonn an rud céanna le síolta an aitinn (Ulex spp.). Fásann an ghiolcach shléibhe ar chréafóg tirim, aigéadach, go 250m.[3]

Bláth ar an ngiolcach shléibhe.

An Ghiolcach Shléibhe sa bPobal

Amhail an t-aiteann gallda (Ulex europaeus), chuirtí an ghiolcach shléibhe sa mBreatain mar bheathú (do chaora sa gcás sin),[4] agus cosúil leis an aiteann freisin, is iomaí leighis a cheaptaí a bhí sa ngiolcach shléibhe. Ba leigheas í do chasacht, at (uisce bruite na nduilleog a ól), fuil sróna (tae an phlanda a ól), na duáin, scoilteacha (uisce feochta na nduilleog a chuimilt ar an gcorp), slaghdán, tinnis duáin agus ae (an fréamh a úsáid), pian sa mbolg, íorpais (in éineacht le caisearbhán (Taraxacum spp.)  agus aiteal (Juniperus communis)), agus tinneas cinn.[5]

Torthaí (faighneoga) ar an ngiolcach shléibhe.
Bíonn faighneoga leacaithe ar an ngiolcach shléibhe.

Leigheas eile do na duáin ab ea an fhraochóg (Vaccinium myrtillus), cogail (Agrostemma githago), agus giolcach shléibhe a bhruith le salann agus siúcra. D’óltaí an deoch chuile mhaidin ar feadh 9 lá i ndiaidh a chéile.[6] Amhail an t-aiteann, thugtaí an ghiolcach shléibhe d’ainmhithe freisin le péisteanna agus galracha eile a leigheas.[5]

Tá fospeiceas, Cytisus scoparius fosp. Maritimus ann a bhíonn cuma shínte air, agus a fhásann ar ailltreacha in iardheisceart na Breataine. In Éirinn, tá sé feicthe i gContae Chiarraí agus anseo agus ansiúd ar chósta oirthear na tíre. [1] Cosúil leis an aiteann, is planda ionrach í an ghiolcach shléibhe i dtíortha eile, go háirithe an Astráil agus an Nua Shéalainn. Glacann siad seilbh ar dhrochthalamh sna tíortha sin mar gur féidir leo nítrigin ón aer a fhosú sna fréamhacha, tréithe a thugann buntáiste iomaíoch dóibh i gcomparáid le plandaí dúchasacha na dtíortha sin.[7]

Tuilleadh Íomhánna

Tagairtí

1.  Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

2.  Rose, F., et al., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. (No Title), 2006.

3.  Uí Chonchubhair, M., Flóra Chorca Dhuibhne: Aspects of the flora of Corca Dhuibhne. 1998: Oidhreacht Corca Dhuibhne.

4.  Rymer, L., Ethnobotany and Native Distribution of Gorse (Ulex europaeus L.) in Britain. Environmental Conservation, 1979. 6(3): p. 211-213.

5.  Bhreathnach, Ú., An introduction to the National Folklore Collection and Meitheal Dúchas. ie. 2019.

6.  Williams, N., Díolaim Luibheanna. 1993, Sáirséal-Ó Marcaigh: Baile Átha Cliath.

7.  Fogarty, G. and J.M. Facelli, Growth and competition of Cytisus scoparius, an invasive shrub, and Australian native shrubs. Plant Ecology, 1999. 144(1): p. 27-35.