You are currently viewing  Cufróg Leyland <br><span style='font-size:16px;'>Cupressus x leylandii</span>

Cufróg Leyland
Cupressus x leylandii

Cineál Planda: ,
Ord:
Fine:
Géineas:
Duilleog:
Stádas:
Airde:

Béarla: Leyland Cypress, Leylandii

Tréithe Suntasacha an Chrainn

  • Buaircíneach Síorghlas.
  • Ráta fáis an-tapa.
  • Duilliúr dlúth.
  • Is annamh go mbíonn torthaí air.

Fál leylandii.

Tuismitheoirí na hibride

Is buaircíneach síorghlas é cufróg Leyland, nó leylandii, mar a thugtar níos minice air. Cuirtear go príomha mar sceach fáil i ngairdíní príobháideacha é, ach scaití cuirtear mar chrann ornáide é. Is hibrid atá sa gcufróg seo idir cufróg Monterey (Hesperocyparis macrocarpa) agus cufróg Nootka (Callitropsis nootkatensis). Mar gur ar chósta California a fhásann cufróg Monterey, agus gur ó British Columbia suas go Alaska, ar chósta iarthuaisceart Mheiriceá Thuaidh, a fhásann cufróg Nootka, ní thagann an dá chrann sách gar sa nádúr le go bpailníonn siad a chéile.

Stair an leylandii

Cuireadh an dá chrann in aice le chéile ar eastáit Leighton, sa mBreatain Bheag, agus nuair a thóg CJ Leyland roinnt síolta ón gcufróg Nootka sin in 1888, ba léir, nuair a thosaigh siad ag fás, go raibh sé cinn de na plandaí a d’fhás éagsúil ó na ceanna eile. Tógadh go Haggerston Castle in Northumberland iad, agus tosaíodh ag tógáil gearrthóga uathu ó 1897 ar aghaidh. Is ó cheann de na crainnte seo a tháinig an saothróg coitianta leylandii, Haggerston Grey. In 1911, chuir neach le Leyland, JM Naylor buaircín a phioc sé ó chufróg Monterey a bhí ag fás in aice le cufróg Nootka. Is ó na plandaí seo a tháinig an tsaothróg Leighton Green agus Naylor’s Blue. Tháinig an tsaothróg Castlewellan Gold – le dath buí ar an duilliúr – ó bhuaircín ón gcufróg Monterey ‘Lutea’ a bhí ag fás gar don chufróg Nootka ‘Aurea’ i gCaisleán Uidhilín, Co. an Dúin. Is saothróga le duilliúr buí iad an dá thuismitheoir atá ag Castlewellan Gold.[1]

Tá saothróg cháiliúil eile luaite le Co. an Dúin – ‘Rostrevor’. Maítear go bhfuil an crann leylandii as a dtáinig na saothróga seo níos sine (1870) ná na buncheanna a tháinig ó eastáit Leighton, ach níl aon fhianaise crua ann go bhfuil sé seo amhlaidh.[2, 3] Leagadh an crann i gCo. an Dúin i stoirm roimh an gcéad chogadh domhanda, ach tógadh gearrthóga uaidh roimh ré agus is iad na gearrthóga sin is cúis leis an tsaothróg ‘Rostrevor’ atá chomh coitianta anois.

Ba léir gur comhtharlú seirindipíochta agus spontáineach iad na crosphailnithe rathúla seo go léir. Theip ar gach iarracht chun an hibrid a chruthú trí phailniú rialaithe idir cufróga Nootka agus cufróga Monterey.

Spreacadh Hibrideach

Is sampla maith den spreacadh hibrideach – nuair dhéantar feabhsú sa hibrid ar thréithe na dtuismitheoirí – é an leylandii. Amhail cufróg Monterey, tá an leylandii in ann ag aeráid chósta. Cosúil leis an gcrann sin, fásann sé go tapa. Go deimhin, fásann an leylandii níos tapúla ná cufróg ar bith eile – 2m in aon bhliain amháin.[4] Is ón gcufróg Monterey, freisin, a fhaigheann sé an chuma chraobhach.

Is ó thaobh na cufróige Nootka a fhaigheann sé an cruth. Bíonn cruth leathancholúnach go caolchónach ag an gcrann, agus fásann sé go 30m mura ngearrtar siar é. Is ón Nootka a fhaigheann sé an duilliúr dlúth, agus is ón gcrann sin freisin a fhaigheann sé an cumas in aghaidh seaca.

Duilliúr an leylandii.

Cur Síos ar an leylandii

Is dath deargdhonn a bhíonn ar an gcoirt ghainneach. Bíonn dath donn ar na géaga solúbtha. Is iondúil go mbíonn an duilliúr leacaithe. Bíonn taobh íochtair na nduilleog gainneach níos gile ná an taobh uachtair, agus ní iondúil go mbíonn marcanna bána ar an taobh íochtair.[3] Ag brath ar an saothróg, d’fhéadfadh go mbeadh an duilliúr cosúil le cufróg Monterey – ag gobadh amach ag uilleannacha difriúla ón ngéag – nó leacaithe, cosúil le cufróg Nootka. Cibé cineál duilliúir a bhíonn ag an leylandii, bíonn an duilliúr chomh dlúth sin go gclúdaíonn sé an stoc go minic.

Duilleoga gainneacha an leylandii.

Ní bhláthaíonn ach an tsaothróg ‘Leighton Green’, cé nach mbíonn na síolta inmharthana mar gur hibrid atá sa gcrann.[5] Bíonn dath donn ar bhuaircíní na saothróige sin. Bíonn siad 2cm trasna, le 8 scála an ceann orthu, agus spíce beag ag teacht amach as lár gach scála.

Níl mórán crainnte a tharraingíonn níos mó airde ó na meáin ná cufróg Leyland. Is minic go mbíonn comharsana in árach a chéile faoin gcrann seo mar go n-úsáidtear i bhfálta é, mar go bhfuil an duilliúr chomh dlúth, agus mar go bhfásann sé chomh sciobtha. Ní léir go gcuirfidh an achrann nó an aird seo stop leis an leylandii. Chuimsigh cufróg Leyland 10% de dhíolacháin phlandlanna sa Riocht Aontaithe in 2008,[6] agus tá sé ar cheann de na crainnte is mó a dhíoltar san Eoraip.

Tuilleadh Íomhánna

Tagairtí

1. Adams, R.P., K. Rushforth, and S.N. Trimble, The origins of Leyland’s cypresses (x Cupressocyparis leylandii) based on DNA data. Phytologia, 2006. 88(1): p. 1-16.

2.  Sturrock, J., Leyland cypress introduction to New Zealand. NZ Forestry, 1989. 34(3): p. 18-20.

3.  Johnson, O., Collins tree guide. 2004: HarperCollins Publishers.

4. Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.

5. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

6. Danti, R., et al., The Epidemic Spread of Seiridium cardinale on Leyland Cypress Severely Limits Its Use in the Mediterranean. Plant Disease, 2014. 98(8): p. 1081-1087.