Ainmneacha Eile: Cupraisc Lásanach[1]
Béarla: Lawson Cypress, Port Orford Cedar, Port Orford White-Cedar
Tréithe Suntasacha an Chrainn
- Buaircíneach síorghlas.
- Duilleoga gainneacha.
- Pátrún bán i bhfoirm ‘X’ ar na duilleoga.
- Boladh peirsile uaidh na duilleoga brúite.
Réamhrá
Is buaircíneach síorghlas é an chufróg bhréagach seo, le duilliúr dlútha agus cruth colúnach.[2] Tugtar cufróg bréagach air mar, cé go mbreathnaíonn sé cosúil leis na fíorchufróga sa ngéineas Cupressus, ní sa ngéineas sin atá sé mar gheall go bhfuil tréithe difriúla ag an gcrann. Is réimse beag i ndeisceart Oregon agus tuaisceart California, ón gcósta go 80km intíre, é a cheantar dúchais. Tugadh chun na Breataine an chufróg seo in 1854, agus scaip sé go tapa ar fud an domhain ina dhiaidh sin. Tá an crann curtha anois go forleathan in Éirinn mar chrann ornáide nó mar sceach fáil. Tá sé in ann féin-síolrú agus tá sé nádúraithe in áiteanna sa mBreatain.[3]
Cuma na Cufróige
Is cruth caol, cónach, a bhíonn ar chrainnte lánfhásta agus is minic go mbíonn an stoc gabhlach. Is crann ard é atá in ann 45m in airde a bhaint amach. Bíonn an choirt dhonn, spúinseach scoilte ina bplátaí ingearacha.[2] Is duilleoga beaga gainneacha (2-3mm) a bhíonn air, duilleoga a bhíonn brúite in aghaidh na géige, i bpéirí trasna óna chéile. Is ar éigean go bhfuil an fhaireog roisín, atá i lár gach duilleog, infheicthe ag an tsúil. Bíonn an ghéag clúdaithe ag na duilleoga.
Is dath glas a bhíonn ar thaobh uachtair na nduilleog. Bíonn an taobh íochtair níos gile, agus le línte bána i gcruth X ar na duilleoga. Bíonn boladh peirsile ar na duilleoga má bhrúitear iad (is boladh milis, citris a bhíonn ar an gcéadar crón iartharach (Thuja plicata), crann a bhreathnaíonn cosúil leis). Leacaithe go cothrománach a bhíonn an duilliúr. Bíonn duilliúr i gcrainnte óga colgach, ach bíonn sé bog i gcrainnte a bhíonn níos sine.
Buaircíní an Chrainn
Is buaircíní beaga a bhíonn ar dheiridh na géaga. Is dath dearg a bhíonn ar na buaircíní pailine (fireanna) – tagann dath buí an phailin orthu nuair a osclaíonn siad san Earrach. Is dath gormghlas a bhíonn na buaircíní baineanna. Forbraíonn na buaircíní baineanna go buaircíní síolta beaga (8mm) sféaracha le dath gormghlas a athraíonn go donn. Bíonn scálaí ar na buaircíní, le spíca beag i lár gach ceann. Is minic go mbíonn go leor buaircíní le chéile ar an ngéag.
Cufróg Lawson, Cufróg Nootka, agus Cufróg Leyland
Bíonn sé deacair scaití idirdhealú a dhéanamh idir na cufróga bréagacha. Breathnaíonn cufróg Lawson an-chosúil le cufróg Nootka (Callitropsis nootkatensis). Níl an fhaireog roisín feiceálach ar dhuilleoga chufróg Nootka, ná marcanna bána ar thaobh íochtair na nduilleog ach an oiread. Bíonn an spíce ar bhuaircíní chufróg Nootka níos géire (agus beagnach crúcach) ná ceann chufróg Lawson. Breathnaíonn cufróg Lawson an-chosúil le cufróg Leyland freisin. Is iondúil nach mbíonn an X bán ar thaobh íochtar na duilleoige ar an leylandii, agus bíonn duilliúr an leylandii níos dlúth.
Cufróg Lawson sa tSochaí
D’úsáid bundúchasaigh cheantar dúchais na cufróige seo adhmad an chrainn chun canúnna, uirlisí, agus saigheadanna a dhéanamh. Dhéanfaidís coirt snáithíneach an chrainn a shníomh chun éadaí a dhéanamh.[4] Rinne na hEorpaigh a tháinig chuig an gceantar i lár 19ú aois tithe agus troscáin as an adhmad. Dhóidís an t-adhmad freisin.
D’úsáidtí an t-adhmad in eitleáin le linn an Chéad Chogadh Domhanda, ach sa Dara Cogadh Domhanda d’úsáidtí an t-adhmad i gcadhnairí (bhí sé in ann aigéad na gcadhnairí a sheasamh). Bhí na Stáit Aontaithe ag brath an oiread sin ar chufróg Lawson le linn na tréimhse seo gur chuir siad ar an liosta de hábhair chriticiúla é.[5] Tá an-éileamh ar an adhmad sa tSeapáin inniu, áit a úsáidtear an t-adhmad chun cónraí agus scrínte a dhéanamh.[4]
Tugtar Port Orford Cedar ar an gcrann i Meiriceá. Glaoitear White-cedar ar freisin (is Yellow-cedar ar chufróg Nootka, a bhreathnaíonn cosúil leis agus a fhásann sa gceantar céanna). Fuair an chufróg an t-ainm eolaíoch, Chamaecyparis lawsoniana, in onóir Charles Lawson (1794-1873), Albanach a d’fhásfadh crainnte, go háirithe buaircíneacha, ina phlandlann. Sheolfadh sé bailitheoirí síolta ar fud an domhain le síolta a sheoladh ar ais chuige, agus is eisean a roinn an chufróg seo leis an domhan. Ciallaíonn Chamaecyparis cufróg (cyparis) atá ‘ar an talamh’ nó ‘beag’ (Chamae), in ainneoin nach crainnte beaga iad na cufróga seo.
Nuair a tháinig an crann seo go dtí an Bhreatain den chéad uair in 1854, thosaigh plandlanna ag aimsiú saothróga difriúla den phlanda, agus níorbh fhada go raibh cufróg Lawson ar cheann de na buaircíneacha ba shaoire a bhí le fáil, agus dá thoradh seo scaip sé go tapa ar fud na hEorpa. Is mar fhál fothana is mó a d’úsáidtí é ag an am.[4] Ó sin i leith forbraíodh os cionn 300 saothróg ón gcrann – níos mó ná aon chufróg eile. Mar gheall ar éagsúlacht na saothróg seo, tá sé níos deacra cufróga Lawson a aithint, go háirithe mar a éiríonn na crainnte níos sine. Tá an chufróg seo an-choitianta in Éirinn[3] agus faightear ag fás i bpáirceanna, fálta, agus mar chrann ornáide i ngairdíní.
Tá an crann faoi bhagairt ina cheantar dúchais, agus in Éirinn, ag an bhfungas Phytophthora lateralis,[6] orgánach atá gaolta leis an bhfungas a bhuaileann fataí agus ar mba chúis leis an nGorta Mór. Déanann sé damáiste de rútaí an chrainn le nach féidir leo uisce a shú aníos a thuilleadh, agus maraítear na crainnte go tapa.[7] Mar gheall ar ghalair mar seo, agus lománaíocht leanúnach ina cheantar dúchais, tá cufróg Lawson liostáilte mar “Faoi Bhagairt” ar liosta dearg de chuid an tAontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra.
Tuilleadh Íomhánna
Tagairtí
1. Tóibín, S., Troscán na mbánta: aistí simpli ar na crainn choitianta dúchais. 1967: Oifig an tSoláthair.
2. Johnson, O., Collins tree guide. 2004: HarperCollins Publishers.
3. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
4. Zobel, D.B., Port-Orford-Cedar: A Forgotten Species. Journal of Forest History, 1986. 30(1): p. 29-36.
5. Peakes Jr, L., et al., Wood for Storage Battery Separators. Industrial & Engineering Chemistry, 1946. 38(8): p. 780-788.
6. O’Hanlon, R., et al., Diversity and detections of Phytophthora species from trade and non-trade environments in Ireland. EPPO Bulletin, 2016. 46(3): p. 594-602.
7. Robin, C., et al., Root and aerial infections of Chamaecyparis lawsoniana by Phytophthora lateralis: a new threat for European countries. Forest Pathology, 2011. 41(5): p. 417-424.