An fhine Platanaceae

Níl sa bhfine Platanaceae ach géineas amháin, Platanus, le hocht species ann.[1] Is sa ngéineas seo atá na plánaí, crainnte arda, duillsilteacha a fhásann i gceantair fhothropaiceacha agus i gceantair le haeráid mheasartha sa leathsféar thuaidh.

An plána oirthearach (Platanus orientalis) ag fás i bPáirc na Cúile, Co. na Gaillimhe.

Fásann an plána oirthearach (Platanus orientalis) sa nGréig agus san Meánoirthear. Cuireadh an crann seo sa gcianaois le scáth a thabhairt do dhaoine ón ngrian. Tá cáil mhór ar phlána oirthearach ar leith, Crann Hippocrates, atá ag fás ar oileán Kos na Gréige. De réir an tseanchais, is faoin gcrann seo a mhúin Hippocrates, athair an leighis, mar a thugtar air, a chuid scoláirí leighis.[2]

Is i Stáit Aontaithe Mheiriceá a fhásann an seiceamóir Meiriceánach (Platanus occidentalis). Tugann Meiriceánaigh seiceamóir (nó buttonwoods) ar na plánaí, ach ní thugann na hÉireannaigh seiceamóir ach ar an gcrann Acer pseudoplatanus, atá i ngéineas na mailpeanna. Faigheann an crann sin an t-ainm pseudoplatanus (“plána bréagach”) mar go bhfuil duilleoga agus coirt an chrainn cosúil leo siúd atá ag na plánaí. Le rudaí a dhéanamh níos casta fós, tá seiceamóir luaite sa mBíobla freisin (Dúirt Amós le hAmaiziá á fhreagairt: “Ní fáidh mé ná mac fáidh, ach aoire agus coimeádaí seiceamar”) ach is crann figí atá i gceist ansin.[3]

Cosúil leis an bplána oirthearach, cuireadh an seiceamóir Meiriceánach go forleathan sa tír sin chun scáth a thabhairt. Ach mar go bhfuil an crann sin leochaileach d’ionraí ó fhungais, tosaíodh ag cur plána Londan (Platanus x hispanica) hibrid idir an plána oirthearach agus an seiceamóir Meirceanach, ina áit.[4] Tá plána London curtha ag fás anois i gcathracha ar fud an domhain.

Tagairtí

  1. Christenhusz, M.J. and J.W. Byng, The number of known plants species in the world and its annual increase. Phytotaxa, 2016. 261(3): p. 201–217-201–217.
  2. Major, R.H., Hippocrates and the Island of Cos. The Yale Journal of Biology and Medicine, 1941. 14(1): p. 1.
  3. Tudge, C., The secret life of trees: How they live and why they matter. 2006: Penguin UK.
  4. Roman, L.A. and T.S. Eisenman, Drivers of street tree species selection: The case of London planetrees in Philadelphia, in The politics of street trees. 2022, Routledge. p. 83-96.

Plandaí sa bhfine Platanaceae