An plána oirthearach i bPáirc na Cúile, Co. na Gaillimhe

An t-ord Proteales

Tá ceithre fhine san ord Proteales. Is í an áis ceantar dúchais na bplandaí sa bhfine Sabiaceae, le timpeall 60 speiceas.[1] Is plandaí uisceacha atá sa bhfine Nelumbonaceae (níl ann ach géineas amháin, Nelumbo) agus iad go léir dúchasach do Mheiriceá Thuaidh. Bhíodh na plandaí seo curtha sa bhfine Nymphaeaceae, tráth, in éineacht le plandaí dúchasacha amhail an duilleog bháite bhán (Nymphaea alba) agus an duilleog bháite (Nuphar lutea). Ach cruthaíodh ord faoi leith, Nymphaeales, dóibh siúd.

Is ón leathsféar theas a thagann na plandaí sa bhfine Proteaceae, agus is san Afraic Theas atá formhór acu. Fásann plandaí sa ngéineas Macadamia san Astráil, agus is uathu a thagann cnónna macadaimia. Tá cáil dhomhanda ar na plandaí sa ngéineas Protea. Fásann tromlach dóibh siúd i réimse beag timpeall ar Cape Town agus Rinn an Dóchais na hAfraice Theas. Is é an luibheolaí aitheanta, Carl Linnaeus, a d’ainmnigh an géineas, in onóir dia Gréigeach na na-aibhneacha, Proteus.

Níl sa bhfine Platanaceae ach géineas amháin, Platanus. Tá 8 speiceas de chrainnte arda sa ngéineas. Fásann an bplána oirthearach (Platanus orientalis) san nGréig agus san Meánoirthear. Cuireadh an crann seo sa gcianaois le scáth a thabhairt ón grian. Tá cáil ar phlána oirthearach ar leith, Crann Hippocrates, atá ag fás ar oileán Kos na Gréige. Is faoin gcrann seo a mhúin Hippocrates, athair an leighis mar a thugtar air, a chuid scoláirí leighis.[2] Is hibrid é Plána Londan (Platanus x hispanica) den phlána oirthearach agus an I seiceamóir Meiriceánach (Platanus occidentalis), atá dúchasach d’oirthear agus lár Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tagairtí

  1. Christenhusz, M.J. and J.W. Byng, The number of known plants species in the world and its annual increase. Phytotaxa, 2016. 261(3): p. 201–217-201–217.
  2. Major, R.H., Hippocrates and the Island of Cos. The Yale Journal of Biology and Medicine, 1941. 14(1): p. 1.

Plandaí san ord Proteales