Salix

An tsaileach rua (Salix cinerea fosp. oleifolia) i Ros Muc, Co. na Gaillimhe.

Na Saileacha – an géineas Salix

Tugtar saileacha (nó sail agus saileog freisin) ar na sceacha agus na crainnte atá sa ngéineas Salix. Tá cumaí an-éagsúil ag saileacha difriúla thar a chéile – tá an tsaileach bhán (Salix alba) in ann 30m in airde a bhaint amach, is sceacha móra iad na saileacha rua agus liatha (Salix cinerea), agus is planda sínte atá sa tsaileach Ghaelach (Salix phylicifolia).

Ina iomlán, tá thart ar 20 speiceas nó hibrid de shaileach ag fás in Éirinn[1] – tá cuid acu dúchasach, tá cuid acu nádúraithe, agus tá cuid eile curtha. Tá sé deacair an méid iomlán a mheas mar go hibridíonn siad lena chéile. Hibridíonn na hibridí lena chéile freisin, mar gur minic a bhíonn na hibridí torthúil. Is deacair na cineálacha saileach seo go léir a aithint óna chéile, mar go mbreathnaíonn na hibridí cosúil leis na tuismitheoirí.

Dóibh siúd go léir atá in Éirinn, ceaptar go bhfuil 7 gcinn acu seo dúchasach – Salix cinerea, Salix pentandra, Salix purpurea, Salix caprea, Salix aurita, Salix repens, agus Salix phylicifolia. Is aircéifítí, plandaí a thug daoine isteach ach atá in Éirinn le fada, nó plandaí núíosacha, plandaí a tugadh isteach tar éis 1500AD, an chuid eile acu.

Grúpaí Saileacha

Is iondúil go ndéantar saileacha a ghrúpáil bunaithe ar thréithe éagsúla na bplandaí, agus ar na gnáthóga ina bhfásann siad.[2] Tugtar saileacha neamh-ghláracha ar na plandaí sceachacha sin a fhásann ar thalamh fhliuch, i mbogaigh, agus mar seacha fáil. Áirítear anseo leithéidí an tsaileach rua (Salix cinerea fosp. oleifolia) agus an crann sníofa (Salix aurita), crainnte dúchasacha in Éirinn.

An tsaileach bhán (Salix alba).

I measc na saileacha gláracha, crainnte móra a fhásann ar bhruacha aibhneacha, tá an tsaileach bhán (Salix alba) agus an tsaileach bhriosc (Salix fragilis). Cuidíonn a gcuid fréamhacha leis an mbruach a chobhsú, rud a thugann deis d’ainmhithe amhail an madra uisce tearmann a fháil sna poill laistigh.

Baintear úsáid as na saileacha ciseoige, amhail an saighleánach (Salix viminalis) agus an tsaileach chorcra (Salix purpurea) i gceird na caoladóireachta. Ní dhéanann na plandaí seo crainnte móra, ach sceacha ilstocacha. Fásann siad seo go nádúrtha sna tuilemhánna agus sna bruacha gairbhéil ar imill locha. Níl cheaptar go bhfuil aon cheann de na saileacha gláracha ná na saileacha ciseoige dúchasach in Éirinn, cé go bhfuil siad ar an oileán ar feadh achar an-fhada.

Is sa ngrúpa deiridh, na saileacha sléibhe agus na saileacha beaga, atá raon leathan de shaileacha éagsúla. Is iondúil go gur plandaí ísle, sínte iad seo. Tá an tsaileach reatha (Salix repens), ar an gceann is coitianta in Éirinn ón ngrúpa seo. Is sa ngrúpa seo freisin atá cuid de na saileach is annaimhe in Éirinn, an tsaileach Ghaelach (Salix phylicifolia) san áireamh, sceach nach bhfásann ach timpeall ar shliabh Bhinn Ghulbain, i gContae Shligigh.

An tsaileach reatha (Salix repens).

Cur Síos ar na Saileacha

Is iondúil go dtagann bláthanna ar na saileacha sula n-osclaíonn na duilleoga, cé nach bhfuil sé seo amhlaidh le gach speiceas. Is duilleoga lansacha nó éilipseacha a bhíonn acu, le himill fhiaclacha.[3]

Is plandaí dé-éiciacha iad na saileacha – bíonn bláthanna fireanna agus baineanna ar phlandaí difriúla. Is caitíní – spící sorcóireacha de bhláthanna beaga bídeacha – a thugtar ar bhláthanna na saileacha.

Tá meáchan pailine saileacha éagsúil ó speiceas go speiceas. I gcás plandaí le pailin mhór, throm, nach rachaidh i bhfad sa ngaoth, tá ról tábhachtach ag meachain á scaipeadh chuig na caitíní baineanna.[2] Tá pailin phlandaí eile, amhail an tsailchearnach (Salix caprea), le gráinní pailine atá níos éadroime agus a imíonn sa ngaoth níos éasca.[4] I gcás na sailchearnaí, ceaptar go n-athraíonn na plandaí sin cumhra na mbláthanna idir lá agus oíche, le go mealltar leamhain san oíche agus meachain sa lá.[5] Ceaptar go bhfuil boladh na mbláthanna tábhachtach go shaileacha mar nach bhfuil dathanna suntasacha acu chun pailneoirí a mhealladh.[4]

Osclaíonn caitíní fireanna saileacha ar leith chomh luath le mí Feabhra in áiteanna in Éirinn, cúis faoisimh do mheachain agus do héin bheaga amhail an meantán gorm, a bhíonn ag brath ar neachtar na gcaitíní mar fhoinse bheatha chomh luath sin san Earrach.

Forbraíonn saileacha meall mór síolta beaga le ribí beaga clúmhacha a chabhraíonn leo scaipeadh sa ngaoth. Ní síolta fadmharthanacha iad, agus bíonn talamh lom, fhliuch ag teastáil uathu sula bpéacann siad.[2]

Scaipeann saileacha go héasca in Éirinn, le síol nó tríd atáirgeadh fásúil. Ní chuireann siad meatháin aníos ó fréamhacha faoi thalamh, mar a dhéanann poibleoga, ach is furasta do ghéag óg a bhriseann ó chrann sailí fréamhacha a chur síos agus planda nua a dhéanamh. Tarlaíonn sé seo mar go bhfuil cealla ar leith, atá cosúil le gaschille, i bhfíochán na géige. Is féidir leis na cealla seo athrú go cealla a dhéanann fréamhacha.

Mar phlandaí téisclime a tháinig isteach go gairid tar éis na hoighearaoise, is plandaí rudaracha freisin iad – glacann siad seilbh sciobtha ar thalamh bhriste nó ar thalamh thréigthe. Fásann siad go tapa, agus is iondúil gur crainnte gearrmharthanacha iad.

Tá cineálacha saileach ar na crainnte is cruaite sa domhan – ní fhásann aon phlanda adhmadach eile níos faide ó thuaidh ná an tsaileach Artach (Salix arctica), sceach bheag, shínte a fhásann i dtuaisceart na Graonlainne.[6] Tá saileacha ar na crainnte is lú freisin (ag brath ar an sainmhíniú atá ar chrann). Tá Salix hernacea 5-10cm ard agus níl Salix nivalis in ann níos mó ná 1cm in airde a bhaint amach.[2]

Úsáid na Saileach

Cé nach adhmad d’ardchaighdeán atá ag an saileach – tá sé bog, éadrom, agus solúbtha – bhí sé fairsing agus éasca le fás. Chuige sin, b’iomaí úsáid a bhaintí as adhmad crann a bhí chomh flúirseach. D’úsáidtí é chun cruiteanna a dhéanamh in Éirinn go dtí an 19ú aois.[2] Dhéantaí frámaí doirse as an bpéine Albanach (Pinus sylvestris) agus is as maidí saileacha a bhí an chuid eile den doras déanta.[7]

D’úsáidtí géaga solúbtha na saileach in go leor ceirdeanna difriúla – caoladóireacht, déantúsaíocht troscán, chun currachaí a dhéanamh, agus go leor eile. Dhéantaí rópaí as coirt na saileach freisin. Thugtaí gad ar an rópa a dhéantaí as an saileach.[8] Bhaintí úsáid as coirt na sailí i gceird na súdaireachta. B’iad an saighleánach (Salix viminalis), an tsaileach chorcra (Salix purpurea), an tsaileach bhriosc (Salix fragilis), saileach na dtrí bhall (Salix triandra), agus an tsaileach bhán (Salix alba) is mó a d’úsáidtí don obair seo.[7] Tá rian na dtraidisiún so fós le feiceáil sna cineálacha saileach seo atá fós ag fás ar thaobh an bhóthair, i ngarrantaí, agus ar bhruacha aibhneacha.

Is go minic ag fás in aice an tí, sa ngarraí sailí, a bhíodh na saighleánaigh sna teaghlaigh sin a raibh úsáid acu dóibh. D’fhéadfaí go mbíodh speicis nó saothróga éagsúla ag fás ann, agus tréithe agus dathanna éagsúla acu go léir.[7] Déantar tagairt den Golden Osier, cineál ar leith saighleánach le géaga a bhí chomh solúbtha sin go bhféadfaí iad a úsáid in ionad snáth cnáib nó snáth lín.[7] Cé go bhfuil saothróg den tsaileach bhán ann, Salix alba fosp. vitellina, ar a dtugtar Golden Willow, agus a úsáideadh i gcaoladóireacht, tugtar le fios gur saothróg den saighleánach (Salix viminalis) a bhí san Golden Osier. Bhíodh an tsaileach bhriosc (Salix fragilis) i measc na speiceas a bhíodh ag fás sa ngarraí sailí freisin.[7]

Cé gur iomaí rud a dhéantaí as saileacha fadó, ní adhmad láidir, trom cosúil le adhmad darach a thairgeann sé. Bíonn sláine na n-ábhar ag brath ar chaighdeán na caoladóireachta, nó na rópaí a choinníonn na slata sailí le chéile. Ní i gcónaí a bhíonn an sláine sin thar mholadh beirte.

Fadó bhíodh muinntir na léime ag dul treasna na h-abhann Rife ag baint fraoich. Ní raibh aon droichead ann fadó agus thiubhradh siad saileach casta ar a chéile leobh agus nuair a shroichidís an abhainn chaithidís ceann d’en phlanc a bhíodh casta de na seiligh go dtí an bruach eile. Lá amháin bhí baintreach bhocht ag dul treasna air agus bhí ualach trom fraoich ar a druim aici. Nuair a bhí sí leath-bhealaigh treasna thosuigh na saileach ag imtheacht ón na chéile thuit an bhean bhocht san uisce agus báthadh í. Tugtar “Corra Saileach” ar an áit sin ó shoin.

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 071

An tSaileach Dhubh

Is minic a dhéantar tagairt don tsaileach dhubh. Ní Salix myrsinifolia, speiceas annamh ar a dtugtar an tsaileach dhubh, atá i gceist anseo ach tagairt do na saileacha dúchasacha sin nach mbaintí úsáid rialta astu i gceird na caoladóireachta.[7] Tá sé sin follasach an méid seo a leanas, nuair a dhéantar idirdhealú idir an tsaileach dhubh agus an tsaileach órga:

Creel making. There are two kinds of rods employed – black sally and golden sally. The latter is much the best and grows in profusion in marshy places. It is often cultivated. It grows in bunches and must be attended annually or the results will be disappointing.

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0229, Leathanach 135

Ní hí an tsaileach amháin a bhí ag teastáil sa gcaoladóireacht. Bhaintí úsáid as plandaí eile de réir mar a bhí siad ag teastáil.

When a basket would be needed by the people long ago, they would first get black sally rods and a thick seasoned briar from which the basket was made.

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0219, Leathanach 193

Tugtar black osiers freisin ar shaileach na dtí bhall (Salix triandra).[9]

An saighleánach (Salix viminalis).

Earraí Caoladóireachta

Is iomaí speiceas, hibrid, agus saothróg a úsáidtear i gceird na caoladóireachta. Mar shampla, is hibrid é an Fine Basket Osier[9] (Salix x forbyana) den tsaighleánach (Salix viminalis), an tsaileach rua (Salix cinerea fosp. oleifolia) agus an tsaileach chorcra (Salix purpurea). Déantar earraí láidre as géaga a ghearrtar sa ngeimhreadh.[10]

Go stairiúil dhéantaí cléibh, ciseoga, ciseáin, agus neart rudaí eile ag géaga sailí. Dhéanfaidí potaí portáin agus gliomaigh as an tsaileach. Tá cur síos deas i mbailiúchán na scol ar an gceird seo mar a bhí sé dhá chleachtadh i gCo. Chorcaí:

An dtaca so bhliain- sa gheimhre bhíodh griothal agus geóch ar gach aon chriú naomhóige ag bailiú sliotarnaighe chun potaí na ngliomach do dhéanamh. Gaibhidís thíos ar Currach na Min Áirde é nó ar Churrach na Gairbhtheanaighe – seadh mhuise agus is minic a theighidís comh fada leis an gCam thoir agus nuair théigheadh diobh an saileach d’fhághail na comhangar teighidís go taobh na leitriúig. Bhídís ag ruith le chéile mar bhíodh cuid maith ag teastáil d’fhonn 40 nó as san go 60 pota a dhéanamh. Bhíodh suas le 40 pota ag gach naomhóg. Ní cuiridís amach (ar an bhfarraige) ach cuid acu-san, d’fhágaidís cuid acu istig spartha mar bheadh ceann ag imtheacht gach stoirm a tagadh sguabadh sé cuid acu chur siubhail leis. Bhíodh céard ar na potaí dhéanamh agus caithidís tosach an Earraig ar dú’dalla leó a ndéanamh. Ní mór an maith a bhíodh ins na seana-photaí. Bhídís dreóidhte briosg taréis an bhiadhaiste a bheith caidhte ar an bhfarraige acu agus an cuid eile de’n mbliain ar lochta ag dreó.

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 134

Tá cur síos eile sa mBailiúchán ar an gcaoi go ndéantar scib:

Conas a déantar scib. Geibhtear bata de fhuinnseóg agus lúbtar é.Ceangailtear an dá críoc le saileóg. Geibhtear cúpla saileóg annsin chun na h-easna a dhéanamh. Geibhtear cúpla saileóg eile agus snaoimtear isteach is amach tríd na h-easna íad go dtí go mbíonn se ar fad clúadaighthe. Gearrtar na giotaí a bhíonn ro-fhada de agus annsin bíonn sé críocnuighthe.

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0059, Leathanach 0206

agus cliabh:

Cionnus déantar clíabh. Geibhtear dha shaileóg déag agus saithtear síos in a bréiri íad ins an talamh.Geibhtear saileóga ele agus lubtar isteach is amach íad tríd na h-easnaí go dtí go mbíonn sé clúadaighthe. Lubtar na giota fada agus snaoimtear tríd a cheile íad chun an tóin a dhéanamh. Geibhtear cúpla saileóg agus castar íad le chéile chun na lámha a dhéanamh agus annsin bíonn sé críochnuighthe.

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0059, Leathanach 0206

Cé gur mó éilimh a bhí ar an saighleánach i gceird na caoladóireachta, bhaintí úsáid as an gcoll (Corylus avellana), as fraoch, nó fiú as driseacha mura mbeadh an dara rogha ag an gcaoladóir.

Úsáid eile

Is as maide sailí, lúbtha le cúr a dhéanamh, a dhéantaí an cúl do chluiche iomána. Dhéantaí na camáin as an bhfuinseog (Fraxinus excelsior) go hiondúil, ach freisin as an tsaileach dhubh agus as an leamhán sléibhe (Ulma glabra).0884:024

Hurling cross country was a favourite game long ago. The hurleys were made of black Sally – they were very heavy. The ball was of hard wood – generally the root of the Blackthorn.

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0206, Leathanach 655

D’fhéadfaí gruaig a dhathú leis an tsaileach dhubh:

When the “black sally” is boiled for a long time the water that comes off it will dye grey hair black.

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0160, Leathanach 148

Saileacha Inniu

Fásann saileacha go héasca – ní gá ach slat óg a shá sa talamh agus déanfaidh sé crann nua in achar gearr ama. Is é an ceimiceach aigéad indole-3-butyric (IBA) is cúis leis seo, agus tá go leor de i gcoirt na saileach. Is hormón é seo a úsáidtear mar substaint spreagtha fréamhacha.

Cuirtear saileacha inniu chun bruacha aibhneacha agus locha a chobhsú. Baintear úsáid astu freisin mar bhithmais do thionsclaíocht an fhuinnimh in-athnuaite. Baintear úsáid as saileacha chomh maith mar fhítileasúcháin – cuirtear iad chun talamh atá truaillithe a ghlanadh siad. Tá saileacha in ann miotail throma agus truailleáin eile a shú isteach sna fréamhacha.[11]

Béaloideas

Luaitear an tsaileach sa mBíobla (Salm 137) i gcomhthéacs na deoraíochta agus ó shin i leith luaitear an géineas Salix leis an mbrón, in ainneoin gur poibleog (Populus euphratica) a bhí ann, ní an tsaileach shilte (Salix babylonica).[12] Is poibleoga atá luaite sa leagan nua idirnáisiúnta den Bhíobla.

An tsailchearnach (Salix caprea).

Bhaintí úsáid as craobhacha na sailchearnaí (Salix caprea) ar Dhomhnach na Pailme ar fud na hEorpa. Bhí sé seo amhlaidh i Ráth Maoláin, Contae Dhún na nGall:

In olden times if a person was going to Mass on Palm Sunday and had no palms with them he would take black sally with him. We always take palms with us.

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1089, Leathanach 101

Bhaintí úsáid as craobhacha ó raon leathan crainnte don úsáid seo, an t-iúr (Taxus baccata) agus an t-aiteal (Juniperus communis) ina measc. Bhí traidisiúin eile a bhain leis an tsaileach dhá chleachtadh in Éirinn:

Long ago the old people on St. Patrick’s Day morning used to put a cross on the cows’ foreheads, and burn a saileach in the fire and when it would get black they used to make the sign of the cross on their shoulders.

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0275, Leathanach 151

Is crainnte ‘maithe’ a bhí sna saileacha agus an caorthann agus an coll i Sasana – choinnídís caillí amach ó dhuine.[12] D’fhéadfaí go raibh an rud céanna amhlaidh leis an gcaorthann in Éirinn. In Essex Shasana bheadh ádh leis an té a thugadh isteach craobh sailí ar Lá Bealtaine.[12] Dhéantaí an rud céanna le craobhacha ó phlandaí éagsúla eile in Éirinn.

In Herefordhshire Shasana, stopadh duine ag fás dá mbuailfí iad le maide sailí. Bhí an traidisiún céanna anseo leis an trom (Sambucus nigra) agus an cuileann (Ilex aquifolium). In ainneoin sin, is minic a bhuailtí gasúir leis an tsaileach chun iad a smachtú.[12]

Leigheas

Ar feadh na mílte bliain, bhí an-tóir mar acmhainn leighis ar chrainnte i ngéineas na saileach, agus tá údar maith leis sin. Cé gur san airgead luachra (Filipendula ulmaria) a aimsíodh an t-aigéad salicylic, fritheadh an cheimiceach céanna i sú agus i gcoirt na saileach, agus is mar gheall seo a tugadh salicin air. Is ón gceimiceach seo a dhéantar aspairín.[12]

Cé nach raibh a fhios ag daoine an chúis eolaíoch gur oibrigh leigheas déanta as saileacha chun pian a mhaolú, bhí a fhios acu go raibh údar maith ann chun é a úsáid mar seo. Is í an tsaileach bhán is mó atá luaite leis an gceimiceach salicin, ach tá sé le fáil i ngach planda den ngéineas seo, agus d’úsáid daoine pé cineál saileach a bhí in aice láimhe. Mar shampla, d’úsáidtí an tsaileach reatha mar leigheas ar thinneas cinn i gCo. Dhún na nGall.[12]

Níl fianaise eolaíoch le gach úsáid a bhaintí as an tsaileach. Luaite i mBailiúchán na Scol, níos mó ná uair amháin, gur leigheas ar ghruaig a chailleadh a bhí sa tsaileach dhubh:

To grow the hair burn a black sally and mix with unsalted butter. Keep rubbing it into the scalp for five weeks.

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0095, Leathanach 223

It is said if your head is bald, to make ointment by boiling the marrow of a bone and the bark of a black sally together. This is supposed to be rubbed on the head regularly and in a short time the hair will grow.

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0146, Leathanach 231

Tá leigheas eile spéisiúil don scáthánach:

Leigheas don Scáthach: Ar maidín lá bealtaine tabhair leat leanbh go dtí an áit a bhfuil slatacha saileóige ag fas. Scoilt saileóg le d’ordóg agus tarraing ón a chéile í ionnus go dtig leat an leanbh agus a aghaidh soir a chur fríd trí huaire ar éirigh na gréine in ainm and Athar agus an Mhic agus an Spioraid naomh. Annsin ceangaltar an saileóg le snáth dearg agus de réir mar ghreamochas an scoilt sa chrann arais léigheasfaidh an leanbh.

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0787, Leathanach 94

Tá an cur chuige céanna luaite leis an bhfuinseog (Fraxinus excelsior), mar leigheas ar maidhm sheicne, nó heirne. I gcás na fuinseoige, bhí ceangaltas ar úinéir na talún ar a raibh an crann ag fás gan í a ghearradh ina dhiaidh sin (nó ar a laghad fanacht go gcaillfí an othar, ar aon chaoi).[12]

Bhí leigheas sa tsaileach dhubh ar bhreoiteachtaí a bhí ar ainmhithe freisin.

Casachtach. Le linn iad a bheith comh bocht as bhíodh thigeadh casastach ar mhórán de’n eallach ins an earrach agus le seo a leigheas bhaineadh na sean daoine rútai na saileóige duibhe. Bhíodh an t-saileóg dubh seo a’fás in-a tuir bheaga ghoiride fá na carraigeacha agus bhíodh rútai móra fada aicí bhruithfidh na rútai agus bhéarfaidh an súgh le h-ól dó na h-ainmhidhthe.

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 340

Eiceolaíocht na Saileach

Éiríonn go maith le saileacha i talamh fhliuch agus i gcréafóg bhocht, coinníollacha atá fairsing in Éirinn. Chuige sin, is cuid thábhacht de bhithéagsúlacht na tíre iad. Bíonn go leor feithidí ag brath orthu. Tá 839 cineál inveirteabrach luaite leis an tsaileach, níos mó ná aon chrann eile, an dair san áireamh. Tá 360 luaite leis an tsailchearnach (Salix caprea), agus ní fhaightear 129 de na speicis seo ach ar an tsailchearnach.[2] Meallann na feithidí seo éin eile, an ceolaire sailí (Phylloscopus trochilus) ach go háirithe. Bíonn fungais agus baictéir ag fás ar shaileacha freisin. Itheann meachain pailin na mbláthanna, freisin.

Tagairtí

  1. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
  2. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
  3. Stace, C., New Flora of the British Isles. 4ú ed. 2019: C&M Floristics.
  4. Ohashi, K. and A. Jürgens, Three options are better than two: compensatory nature of different pollination modes in Salix caprea L. Journal of Pollination Ecology, 2021. 28: p. 75-90.
  5. Jürgens, A., et al., Diel fragrance pattern correlates with olfactory preferences of diurnal and nocturnal flower visitors in Salix caprea (Salicaceae). Botanical Journal of the Linnean Society, 2014. 175(4): p. 624-640.
  6. Boulanger‐Lapointe, N., et al., Population structure and dynamics of Arctic willow (Salix arctica) in the High Arctic. Journal of Biogeography, 2014. 41(10): p. 1967-1978.
  7. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
  8. Cameron, J., The Gaelic Names of Plants: (Scottish, Irish and Manx). 1883, Dún Éireann, Londain: William Blackwood and Sons.
  9. Wilkinson, G., A History of Britain’s Trees. 1981: Hutchinson.
  10. Stace, C.A., C.D. Preston, and D. Pearman, Hybrid Flora of the British Isles. 2015: Botanical Society of Britain & Ireland.
  11. Landberg, T. and M. Greger, Phytoremediation Using Willow in Industrial Contaminated Soil. Sustainability, 2022. 14(14): p. 8449.
  12. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.

Plandaí sa ngéineas Salix