Populus

Poibleoga balsaim.

Poibleoga -an géineas Populus

Is géineas é Populus de phlandaí duillsilteacha – tugtar poibleoga orthu – sa bhfine Salicaceae le tréithe ar leith i gcoitinn. Is crainnte dé-éiciacha iad na poibleoga – bíonn bláthanna baineanna agus fireanna ar chrainnte difriúla. Bíonn duilleoga ailtéarnacha acu go léir, agus bíonn fad suntasach i ngas na duilleoige. Déantar na bláthanna a phailniú sa ngaoth. Crochann na caitíní anuas ón ngéag agus tagann siad ar an gcrann sula n-osclaíonn na duilleoga.[1] Cosúil leis na saileacha (Salix spp.), hibridíonn poibleoga lena chéile go héasca.

Tugtar cottonwoods ar na poibleoga Populus deltoides (Eastern Cottonwood) agus Populus fremontii (Fremont’s Cottonwood), crainnte atá coitianta i Meiriceá Thuaidh. Ceaptar go bhfuil gaol gar ag poibleog dhubh (Populus nigra) na hEorpa leis na crainnte seo.

Tugtar poibleoga balsam ar speicis de phoibleoga atá dúchasach do Mheiriceá Thuaidh agus an Áis agus a bhfuil cumhra láidir uaidh na bachlóga. Tá an Wester Balsam-poplar (Populus trichocarpa) agus an Eastern Balsam-poplar (Populus balsamifera) curtha anseo agus ansiúd in Éirinn. Tá P. trichocarpa ag scaipeadh go fiáin sa mBreatain.[2]

Ní cheaptar go bhfuil dúchasach in Éirinn ach speiceas amháin, an crann creathach (Populus tremula), cé go bhfuil comhartha ceiste faoi stádas na poibleoige duibhe (Populus nigra ssp. Betulifolia), ach cuirtear go leor speiceas eile de phoibleoga ar an oileán. Fásann an phoibleog gheal, nó an phoibleog bhán (Populus alba) go 30m ná mar sin agus maireann sí ar feadh 300-400 bliain.[3] Is crann bruachánach é a fhásann go dúchasach sa gceantar Meánmhara agus in oirthear na hEorpa, ach tá sé curtha go forleathan in Éirinn.

Is iondúil gur crainnte fireanna de phoibleog liath (Populus x canescens) a chuirtear in Éirinn. Is hibrid é den phoibleog gheal agus an crann creathach. Tá an phoibleog dhubh hibrideach (Populus x canadensis), hibrid den phoibleog dhubh agus Populus deltoides, níos fairsinge arís.

Is iomaí poibleoga uasfhásmhara difriúla a chuirtear mar chrainnte ornáide in Éirinn anois. Ina measc tá an  phoibleog bhalsaim hibrideach, hibrid den phoibleog bhalsaim (Populus balsamifera) agus Populus trichocarpa, dhá phoibleog ó Mheiriceá Thuaidh, agus crainnte atá curtha in Éirinn freisin.

Tagairtí

  1. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.
  2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
  3. Caudullo, G. and D. De Rigo, Populus alba in Europe: Distribution, habitat, usage and threats. European Atlas of Forest Tree Species; San-Miguel-Ayanz, J., de Rigo, D., Caudullo, G., Houston Durrant, T., Mauri, A., Eds, 2016: p. 134-135.

Crainnte sa ngéineas Populus