Salicaceae

Saileach rua (Salix cinerea fosp. oleifolia) ag fás in uisce Loch Coirib.

Salicaceae – Poibleoga agus Saileacha

Tá tuairim is 1220 speiceas i 56 géineas sa bhfine Salicaceae,[1]fine na saileacha, mar a thugtar air, ach níl ag fás dúchasach in Éirinn ach plandaí ó phéire acu – Salix agus Populus, cé gur crainnte thar a bheith coitianta iad na saileacha. Is crainnte nó sceacha duillsilteach iad na specis seo, le duilleoga simplí, a fhásann go hailteárnach ar an ngéag. Bhíodh Salicaceae curtha san ord Salicales, ach nuair a chonacthas go bhfuil gaol idir plandaí i Salicaceae agus plandaí amhail na sailchuacha (Viola spp.) agus plandaí eile atá san ord Malpighiales, cuireadh san ord sin gach a raibh i Salicales.

Is iomaí cineál planda iad na saileacha (Salix spp.). Tá an tsaileach bhán (Salix alba) in ann 30m a bhaint amach, is sceacha móra iad na saileacha liath (Salix cinerea), agus is planda sínte atá sa tsaileach Ghaelach (Salix phylicifolia). Tá go leor speiceas de shaileacha ag fás in Éirinn – cuid acu dúchasach, cuid acu nádúraithe, agus cuid eile curtha. Tá sé deacair an méid iomlán a mheas, mar go hibridíonn siad lena chéile. Mar gur minic go mbíonn na hibridí seo torthúil, hibridíonn na hibridí lena chéile freisin. Is deacair iad a aithint óna chéile ar an gcúis seo freisin, mar go bhfuil cosúlachtaí idir na hibridí agus na tuismitheoirí. Fásann go leor acu ar thalamh atá tais, fliuch nó leathbháite. Is crainnte bruachánacha a bhformhór acu, a fhaightear go háirithe ar bhruacha aibhneacha agus cuidíonn a gcuid fréamhacha leis an mbruach a chobhsú, rud a thugann deis d’ainmhithe amhail an madra uisce a tearmann a fháil sna poill laistigh. Fásann saileacha beaga, sínte ar shléibhte na tíre.

Poibleoga uasfhásmhara ag fás ar thaobh an bhóthair.

Mar chrainnte dé-éiciacha duillsilleacha, le caitíní mar bhláthanna, is plandaí comhchosúla iad na poibleoga (Populus spp.) leis na saileacha. Ach tá difríochtaí suntasacha idir na saileacha agus na poibleoga. Ní bhíonn bachlóg mhullaigh ag an tsaileach, agus bíonn ceann ag an bpoibleog. Ní bhíonn ach gainne amháin ar bachlóga na sailí, bíonn níos mó ná ceann ar bhachlóg duille na poibleoige. Bíonn caitíní na sailí ceartingearach ar an ngéag, crochann caitíní na poibleoige anuas ón gcraobh. Déanann feithidí na saileacha a phailniú, ach pailnítear na poibleoga le cúnamh ón ngaoth.[2]

Níl dúchasach in Éirinn ach poibleog amháin, an crann creathach (Populus tremula). Fásann an crann creathach in áiteanna le haeráid mheasartha agus i réigiúin bóireacha. Chuige sin, is é an dara crann is fairsinge sa domhain (an péine Albanach (Pinus sylvestris) an ceann is fairsinge) agus feictear é ó Leithinis na hIbéire soir chomh le Leithinis Kamchatka, agus ó thuaidh chomh fada leis an gCiorcal Artach.[3] Tá an crann creathach fairsing freisin in Éirinn – cé is moite de phortaigh an iarthair agus lár na tíre[4] – ach ní fhéadfá a rá go bhfuil sé líonmhar in Éirinn. Is i Meiriceá Thuaidh atá gaol gar leis, Populus tremuloides, crann ar an dtugtar aspen i mBéarla air freisin.

Tagairtí

  1. Christenhusz, M.J. and J.W. Byng, The number of known plants species in the world and its annual increase. Phytotaxa, 2016. 261(3): p. 201–217-201–217.
  2. Milner, J.E., Trees of Britain and Ireland: History, Folklore, Products and Ecology. 2011: Natural History Museum.
  3. Caudullo, G. and D. de Rigo, Populus tremula in Europe: distribution, habitat, usage and threats, in European Atlas of Forest Tree Species, J. San-Miguel-Ayanz, et al., Editors. 2016. p. 138-139.
  4. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

Plandaí sa bhfine Salicaceae