Hypericum

Lus na Maighdine Muire (Hypericum perforatum) faoi bhláth.

Na Beathnuanna: An géineas Hypericum

De réir an taifid is déanaí, tá 6 ghéineas agus 570 speiceas de phlandaí sa bhfine Hypericaceae.[1] Tugtar fine Eoin Baiste air mar gur ann atá an géineas Hypericum, nó géineas na mbeathnuanna. Tá 490 speiceas sa ngéineas seo, agus tá timpeall 11 speiceas ag fás in Éirinn. Astu seo, tá 8 gcinn acu dúchasach. Is plandaí ilghnéitheacha iad na beathnuanna agus tá idir sceacha, bhliantóga, agus ilbhliantóga ina measc. Tá trí sceach sa ngéineas Hypericum a fhásann go fairsing in Éirinn – an meas torc allta (Hypericum androsaemum), lus buí Mhanannáin (Hypericum calycinum), agus an beathnua bréan (Hypericum hircinum).

An Beathnua Sraoilleach (Hypericum humifusum), beathnua íseal, sínte.

Is furasta na plandaí sa géineas Hypericum go léir a aithint mar go mbíonn dath buí ar bhláthanna suntasacha na bplandaí seo ar fad. Bíonn cúig pheiteal ar chaon bhláth. Tugtar luibh Eoin Bhaiste ar an mbeathnua freisin mar gur iondúil go mbíonn siad faoi bhláth Oíche Sin Seáin (23 Meitheamh), an dáta céanna le Féile Naomh Eoin. Deirtear freisin gur siombail iad na spotaí dearga, a bhíonn ar pheitil chuid de na beathnuanna, den fhuil a shil Eoin Baiste nuair a dícheannaíodh é.[2]

Is dóigh gurb é lus na Maighdine Muire (Hypericum perforatum) an beathnua is aitheanta dóibh ar fad. Is ilbhliantóg choitianta in Éirinn é. Tagann bláth buí air sa samhradh, agus fásann sé i móinéir agus cúiseanna bóthair, go hiondúil ar chréafóg thirim, alcaileach.[3] Tá tagairt de Mhuire ar ainmneacha an phlanda in Albain agus sa mBreatain Bheag freisin.[2] Tugtar lus Cholm Cille ar an bplanda seo in Éirinn (agus san Albain), freisin, agus tá allas Mhuire air chomh maith.[4] Is cosúil go raibh an-chion ag Colm Cille ar Eoin Baiste, agus thugadh sé leis píosa de lus na Maighdine Mhuire agus é ag dul thart. Más fíor sin, bhí nasc cheana fhéin idir an planda agus Eoin Baiste sa 6ú aois, tráth a raibh Naomh Colm Cille beo.[2]

Luibh an chiorraithe (Hypericum elodes) ag fás ar bhruach sruthán portaigh.

Bhaintí úsáid lus na Maighdine Muire sa luibhliacht ón gcianaimsir. Tá clú ar an mbeathnua sin mar chógas leighis ó aimsir na nGréagach agus bhaintí úsáid as mar leigheas ar an ngalar dubhach, i measc tinnis eile. Léiríonn taighde go bhfuil lus na Maighdine Muire níos éifeachtaí ná placebo chun dúlagar a bhainistiú, agus go bhféadfaí é a úsáid chun cóireáil a chur ar dhaoine atá dúlagar éadrom nó measartha orthu. Ach tá sé soiléir freisin go bhféadfaí go mbeadh idirghníomhú contúirteach ag an mbeathnua sin le cógais éagsúla eile.[5]

Tá planda beag eile sa bhfine, an beathnua Gaelach (Hypericum candense), nach bhfásann in Éirinn ach ar shuíomh amháin in aice le Loch Measca agus ceann eile sa nGleann Garbh i gContae Chorcaigh.[6] Nil sé le fáil in aon áit eile san Eoraip, seachas san Ísiltír. Is í Meiriceá Thuaidh ceantar dúchais an phlanda, agus ceaptar gur thug éan imirceach an planda go hÉireann. Ardaíonn sé sin ceisteanna faoi céard é planda dúchasach agus céard is ceann neamhdhúchasach ann.[7] Bíodh sé dúchasach nó ionrach, tá an beathnua Gaelach, in éineacht le 67 speiceas eile, anois faoi chosaint reachtaíochta ag an Ordú um Flora (Cosaint) 2022.

Tagairtí

  1. Christenhusz, M.J. and J.W. Byng, The number of known plants species in the world and its annual increase. Phytotaxa, 2016. 261(3): p. 201–217-201–217.
  2. Vickery, A.R., Traditional Uses and Folklore of Hypericum in the British Isles. Economic Botany, 1981. 35(3): p. 289-295.
  3. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
  4. Cameron, J., The Gaelic Names of Plants: (Scottish, Irish and Manx). 1883, Dún Éireann, Londain: William Blackwood and Sons.
  5. Canenguez Benitez, J.S., et al., Advantages and disadvantages of using St. John’s wort as a treatment for depression. Cureus, 2022. 14(9): p. 29468.
  6. Webb, D. and G. Halliday, The distribution, habitat and status of Hypericum canadense L. in Ireland. Watsoma, 1973. 9: p. 333-344.
  7. Webb, D.A., What are the criteria for presuming native status? Watsonia, 1985. 15(3): p. 231-236.

Plandaí sa bhfine Hypericaceae