Malpighiales

An tsaileach rua (Salix cinerea fosp. oleifolia) ag fás ar bhruach abhann i gConamara. Tá na saileacha sa bhfine Salicaceae, ceann de finte Malpighiales.

An t-ord Malpighiales

Tá an t-ord Malpighiales ar cheann de na hoird plandaí is mó, le beagnach 16,000 speiceas éagsúla ann.[1] Tá speiceas ó cúig fhine san ord – Hypericaceae, Euphorbiaceae, Linaceae, Salicaceae, agus Violaceae.- coitianta in Éirinn.

Tugtar spuirsí ar na plandaí atá sa bhfine Euphorbiaceae. Is plandaí luibheacha iad na spuirsí atá ag fás fiáin in Éirinn, ach is crainnte móra iad cuid de na spuirsí atá ag fás sna trópaicí. Maidir le spuirsí na hÉireann, is plandaí cósta dúchasacha iad péire acu, an bainne léana (Euphorbia paralias) agus an Spuirse ghainimh (Euphorbia portlandica).[2] Is planda Lúsatánach é an bainne caoin (Euphorbia hyberna), atá fairsing i gContae Chiarraí, agus anseo agus ansiúd in áiteanna eile in Éirinn. Tugadh isteach go hÉireann  speicis eile de spuirsí, agus tá cuid acu, amhail an gearr nimhe (Euphorbia peplus) agus lus na bhfaithní (Euphorbia helioscopia), an-choitianta anois ar fud na tíre.

Lus na mban sí (Linum catharticum) faoi bhláth.

Níl in Éirinn ón bhfine Linaceae ach speicis ó ghéineas amháin, Linum. Is é lus na mban sí (Linum catharticum) an ceann is fairsinge in Éirinn. Is bliantóg bheag é le bláthanna beaga bána a bhfuil dath buí i lár an bhlátha. In Éirinn, freisin, tá an planda neamhdhúchasach Linum usitatissimum ag fás. Is as an planda seo a dhéantar, líon, éadach a úsáidtear go minic chun braillíní a dhéanamh. Déantar ola rois as síolta brúite Linum usitatissimum freisin.

An tsailchuach chorraigh (Viola palustris) ag fás ar an bportach.

Tá 31 géineas agus 980 speiceas sa bhfine Violaceae. Is sa géineas Viola atá na sailchuachanna, plandaí corcra sin a thagann amach luath san Earrach, agus na goirmíní, plandaí le bláthanna móra ildaite atá an-choitianta mar bhláthanna gairdín. Tá seacht gcineál sailchuach dúchasach in Éirinn, ach is í an tsailchuach chon (Viola riviniana) an ceann is coitianta. Bíonn an-éileamh ar phlandaí sa ngéineas Viola, agus díolann ionaid gharraíodóireachta go leor saothróg ildaite de shailchuachanna agus goirmíní gach bliain.

An crann sníofa (Salix aurita), ceann de na saileacha sa bhfine Salicaceae.

Is iad na crainnte ón ngéinis Salix – na saileacha – agus ón ngéineas Populus – na poibleoga -cuid de na phlandaí is suntasaí ón bhfine Salicaceae, agus tá go leor acu le fáil ag fás fiáin in Éirinn. Tá timpeall 20 species éagsúla de shaileacha ag fás in Éirinn. Is ó na crainnte seo, ach go háirithe an saileánach (Salix viminalis), a thagann na géaga láidre, solúbtha a úsáidtear i gceird na caoladóireachta. Tagann aigéad salicylic, as a dhéantar aspairín, ó choirt an tsaileach bháin (Salix alba).

Tagairtí

  1. Christenhusz, M.J. and J.W. Byng, The number of known plants species in the world and its annual increase. Phytotaxa, 2016. 261(3): p. 201–217-201–217.
  2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.