An roilleog (Myrica gale) ar an bportach i gConamara i mí Eanáir.

An Fhine Myricaceae

Is fine bheag de chrainnte agus plandaí éagsúla é Myricaceae, ina bhfuil 3 ghéineas agus timpeall 57 speiceas ann. Níl sa ngéineas Comptonia ach planda amháin, Comptonia peregrina, a fhásann in oirthear Mheiriceá Thuaidh. Is sceach dhuillsilteach é seo a bhfuil boladh cumhra uaidh na duilleoga nuair a bhrúitear iad (cosúil leis an roilleog, thíos). Déantar tae as na duilleoga.

Níl i Canacomyrica freisin ach speiceas amháin, Canacomyrica monticola, planda atá dúchasach don Nua-Chaladóin. Ní fhásfaidh an sceach bheag seo ach i gcréafóg nathairíneach, a bhfuil leibhéil arda de chróimiam agus de nicil ann. Tá an speiceas faoi bhagairt.[1]

Tá timpeall 50 speiceas den ghéineas Myrica ag fás ar fud an domhain, cé go ndéanann luibheolaithe dhá ghéineas de uaireanta, Myrica agus Morella, le formhór na speiceas sa ngéineas Morella.[2] Is sa ngéineas Myrica atá an roilleog, Myrica gale, planda atá an-choitianta ar phortaigh na hÉireann.

Tagairtí

  1. Herbert, J., Systematics and biogeography of Myricaceae. 2005, University of St Andrews.
  2. Huguet, V., et al., Molecular phylogeny of Myricaceae: a reexamination of host–symbiont specificity. Molecular Phylogenetics and Evolution, 2005. 34(3): p. 557-568.

Plandaí sa bhfine Myricaceae