Is daracha a thugtar ar na plandaí adhmadacha sin, crainnte nó sceacha, atá sa ngéineas Quercus. Ta tuairim is 600 speiceas (RF), nó cineálacha dair, ar fud an domhain, agus tá siad ar chuid de na crainnte is tábhachtaí – go héiceolaíoch, go eacnamaíoch, agus go cultúrtha – ar domhan. Tá tréithe i gcoiteann ag daracha ar fud an domhain: tá duilleoga simplí acu, is dearcáin iad a gcuid torthaí, agus is crainnte fadsaolacha iad, den chuid is mó.

Tá dhá speiceas dúchasach in Éirinn, an dair Ghaelach (Quercus petraea) agus an dair ghallda (Quercus robur). Ní i gcónaí atá sé éasca idirdhealú a dhéanamh eatarthu mar go mbíonn difríochtaí moirfeolaíochta (sna duilleoga agus sna dearcáin) idir plandaí sa speiceas céanna. Anuas ar sin, hibridíonn siad lena chéile agus bíonn tréithe ag na hibridí (Quercus x rosacea) atá idirmheánach idir an dá chrann.[1]

Tá speicis neamhdhúchasacha den dair ag fás in Éirinn freisin. Tá an searbhdhair (Quercus cerris), a thagann ó oirdheisceart na hEorpa, curtha go forleathan in Éirinn freisin, go háirithe san oirdheisceart agus san oirthuaisceart.[2] Ta sé ionrach sa mBreatain agus scéimeanna díothaithe ar bun lena tionchar ar phlandaí dúchasacha a mhaolú.

Tá an dair dhearg (Quercus rubra) ar cheann de na crainnte ionracha is coitianta i gcoillte aeráid mheasartha na hEorpa.[3] Tugadh isteach é óna cheantar dúchais, oirthear Mheiriceá Thuaidh, sa 17ú aois mar chrann ornáide agus mar chrann tráchtála.[2, 4] Tá an dair seo anois ar cheann de na crainnte ionracha is coitianta i gcoillte mheasartha na hEorpa.[3] B’as an dair dhearg, nó American Oak, mar a thugtaí air, a dhéantaí easnacha currachaí i gCois Fharraige, Co. na Gaillimhe, sna 1950aí.[5]

Ní fhásann an corcdharach (Quercus suber) in Éirinn. Is as coirt an chrainn seo, dair a fhásann ar fud cheantar na Meánmhara, ach atá flúirseach ar Leithinis na hIbéire, a dhéantar corcanna do bhuidéil fíona. Cuirtear an dair seo i gcoillearnaí oscailte ar a dtugtar sabhána corchdharach.[6] Cé gur gnáthóga antrapaigineacha iad na sabhánaí seo (sé sin le rá, tá lámh ag an duine á gcruthú agus á mbainistiú), is ceantair uathúla ó thaobh na bithéagsúlachta iad. Tá na sabhánaí seo, agus na héiceachórais atá iontu, faoi bhagairt anois go bhfuil praghas coirc tite mar go bhfuil níos mó úsáide á bhaint as claibíní plaisteacha do bhuidéil fíona.[7]

  1. Eaton, E., et al., Quercus robur and Quercus petraea in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European atlas of forest tree species, 2016: p. 160-163.
  2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
  3. Stanek, M., Ł. Piechnik, and A.M. Stefanowicz, Invasive red oak (Quercus rubra L.) modifies soil physicochemical properties and forest understory vegetation. Forest Ecology and Management, 2020. 472: p. 118253.
  4. Dyderski, M.K., et al., Biological Flora of the British Isles: Quercus rubra. Journal of Ecology, 2020. 108(3): p. 1199-1225.
  5. Ó Tuairisg, S., Cumarsáid Phearsanta. 2024.
  6. Durrant, T.H., D. De Rigo, and G. Caudullo, Quercus suber in Europe: distribution, habitat, usage and threats. European atlas of forest tree species, 2016: p. 164-165.
  7. Bugalho, M.N., et al., Mediterranean cork oak savannas require human use to sustain biodiversity and ecosystem services. Frontiers in Ecology and the Environment, 2011. 9(5): p. 278-286.