An Bheith Gheal
Betula pendula
Téarmaí Gaolmhara: Beitheach/Beitheachán/Doire bheithe (áit ina…
Is é Betula géineas na mbeitheanna. Tá sé aitheanta go ginearálta go bhfuil dhá speiceas den bheith dúchasach in Éirinn, an bheith chlúmhach (Betula pubescens) agus an bheith gheal (Betula pendula). Bíonn difríochtaí moirfeolaíocha idir beitheanna agus glactar leis go hibridíonn an dá speiceas lena chéile freisin, cé go bhfuil éiginnteacht ann faoi cé chomh forleathan a tharlaíonn sé seo. Bíonn crainnte le tréithe atá idirmheánach idir an dá speiceas forleathan dá thoradh seo, agus bíonn sé deacair uaireanta na speicis éagsúla a aithint óna chéile.
Is crainnte duillsilteacha iad beitheanna atá sa bhfine céanna, Betulaceae, le crainnte dúchasacha eile amhail an crann coille agus an fhearnóg (an gaol is gaire dóibh). Tá gaol gar acu freisin le crainnte sa bhfine Fagaceae, ina measc an fheá (Fagus sylvatica) agus an dair (Quercus spp.). Is iondúil gur féidir an dá speiceas de bheith a aithint óna chéile mar go bhfuil ribí beaga gruaige ar ghéaga an bheith chlúmhaigh agus tá géaga an bheith gheal neamhchlúmhach. Tá difríochtaí beaga i gcruth na duilleoige agus i ndath na coirte freisin.
Is crainnte moinéiciacha iad na beitheanna, cosúil leis na crainnte eile sa bhfine Betulaceae. Fásann na caitíní fireanna sa bhfómhar, agus osclaíonn siad san Earrach, ag an am céanna leis na duilleoga, chun pailin a scaipeadh. Is crainnte caola, oscailte iad na beitheanna le duilleoga beaga, i gcomparáid le crainnte eile. Mar sin, bíonn go leor solais i gcoillte beithe, agus dá thoradh seo fásann féar agus plandaí eile le bláthanna go flúirseach. Tá an timpeallacht thais na bhforaoise seo go maith do raon leathan caonaigh agus fungas freisin.
Bhí na beitheanna i measc na gcéad chrainnte a tháinig go hÉirinn tar éis an oighrithe dheiridh. Léiríonn taifid pailine ón am sin gur scaip beitheanna go tapaidh ar fud an oileáin ag tús na tréimhse Holaicéineach.[2] Maraon le crainnte téiscleime eile, fásann an dá speiceas dúchasacha in ithir bhocht, aigéadach[3]. Tá tréithe eile acu a chuidíonn leo greim a fháil ar thalamh lom — fásann siad go tapaigh, tá crann amháin in ann na mílte síol a scaipeadh, agus péacann siad go héasca. Anuas ar sin, tá crainnte atá 10 mbliana d’aois in ann crainnte nua a shíolrú. Ach ní mhaireann siad ach tuairim is 100 bliain nó mar sin (cur i gcomparáid go maireann crann seiceamóir os cionn 400 bliain). Bíonn beitheanna ag brath go mór ar sholas na gréine agus ní éiríonn go maith leo nuair a bhíonn orthu dul gcomórtas le crainnte eile amhail an dair chun an solas sin a fháil.
Tá an bheith bheag (Betula nana), sceach bheag a fhásann in aeráid fhuar fheannta, le fáil sa mBreatain agus i dtuaisceart na hEorpa, ach níl sé in Éirinn. Is léir go raibh sé in Éirinn tar éis an oighearaoise dheiridh, ach díothaíodh é nuair a d’ardaigh teocht na haeráide.[4] Fásann sé ar shléibhte portaigh, i gcoinníollacha fliucha agus aigéadacha. Ní bhíonn sé mórán níos mó ná 30m in airde in Albain, seans mar ar an mbrú ó fianna agus caora, mar go bhfuil an planda in ann 1m a bhaint amach sna críocha Lochlannacha.. Cé go bhfuil sé i bhfad níos mó ná na beitheanna eile sa ngéineas, is planda crua í an bheith bheag, atá in ann ag coinníollacha feannta, agus ceaptar go maireann na sceacha seo níos faide ná na crainnte mór eile sa ngéineas céanna.[3] A bhuíochas don ardú teochta san Artach de thoradh an athrú aeráide, tá an bheith bheag ag scaipeadh go treán anois i dtundra na Graonlainne.[5]
Tá tóir ar Betula papyrifera (Paper Birch i mBéarla), a thagann as Meiriceá Thuaidh, mar gheall ar choirt bhán an chrainn, a bhfuil cuma an pháipéir air nuair a scamhann sé ón stoc. Mura bhfuil an dath bán ar an gcoirt, is furasta é aithint mar bheith chlúmhach tr thimpiste.[6]
Téarmaí Gaolmhara: Beitheach/Beitheachán/Doire bheithe (áit ina…
Ainmneacha Eile: Crann Beithe, Beith Téarmaí…