Cé nach fine mór é Fagaceae i gcomparáid le finte eile –  tá 8 ghéineas agus beagán os cionn 900 speiceas[1] ann – is sa bhfine seo atá cuid de na crainnte duillsilteacha is mó ar domhain. Go deimhin, is crainnte duillsilteacha iad formhór na bplandaí sa bhfine seo.

Léiríonn aicmiú fíliginiteach na fine seo go bhfuil trí threabh sa bhfine. Is i Quercoideae atá géinis na gcrainnte daracha (Quercus) agus na castáin (Castanea). Is crainnte agus sceacha síorghlasa atá dúchasacha don Áis atá sna géinis Castanopsis agus Trigonobalanus. Tugtar daracha clocha ar chrainnte sa ghéineas Lithocarpus, a fhásann san Áise Thoir Theas, mar go mbíonn na síolta timpeallaithe ag clúdach crua. Fásann na crainnte duillsilteacha atá ngéineas Notholithocarpus in iarthar Mheiriceá. Bhaintí úsáid as na gcrainnte seo i dtionscadal na súdaireachta, mar go mbíonn go leor tainnine i gcoirt na gcrainnte seo, go dtí gur tháinig laghdú suntasach ar líon na gcrann. Is in iarthar Mheiriceá Thuaidh a fhásann sceacha agus crainnte sa ngéineas Chrysolepis. Is plandaí síorghlasa iad le torthaí spíonlacha.

Níl sa bhfo-fhine Fagoideae ach géineas amháin, Fagus, ina bhfuil an fheá (Fagus sylvatica). Is crainnte moinéiciacha iad na feánna. Is sa leathsféar theas – san Astráil, sa Nua Shéalainn, agus i Meiriceá Theas – atá na feánna deiscirte (Southern Beeches), na crainnte atá sa ngéineas Nothofagus. Níl gaol gar acu leis na crainnte eile, agus scaití cuirtear iad i bhfine acu fhéin, Nothofagaceae. Fástar roinnt speiceas den ghéineas seo i ngairdíní, páirceanna agus estáit in Éirinn, go háirithe Nothofagus alpina agus Nothofagus obliqua.[2]

  1. Christenhusz, M.J. and J.W. Byng, The number of known plants species in the world and its annual increase. Phytotaxa, 2016. 261(3): p. 201–217-201–217.
  2. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.