Fearnóg sa bportach in iarthar na Gaillimhe sa ngeimhreadh.

Fearnóga in Éirinn

Is fearnóga a thugtar ar na crainnte atá sa ngéineas Alnus. Faightear crainnte ón ngéineas seo ar fud an leathsféir thuaidh agus fásann speiceas amháin, Alnus accuminata, chomh fada ó dheas leis an Airgintín. Cé go bhfuil os cionn 30 speiceas éagsúla sa ngéineas, níl dúchasach in Éirinn ach an fhearnóg (Alnus glutinosa). In ainneoin go dtugtar Common Alder ar an speiceas seo i mBéarla chun idirdhealú a dhéanamh idir é agus crainnte eile sa ngéineas céanna, ní léir go bhfuil an ainmníocht seo amhlaidh sa nGaeilge. Már sin fhéin, tabharfar an fhearnóg choiteann ar Alnus glutinosa anseo más gá an t-idirdhealú sin a dhéanamh. Tá dhá speiceas eile a fhásann go fiáin ar fud na hEorpa, an fhearnóg liath (Alnus incana) agus an fhearnóg Iodálach (Alnus cordata), curtha go forleathan mar chrainnte ornáide in Éirinn agus síolraíonn siad sa tír seo freisin.

Tá na fearnóga go léir sa bhfine Betulaceae, fine a roinneann siad le crainnte atá sa ngéineas Betula cosúil leis an mbeith chlúmhach (Betula pubescens) agus an bheith gheal (Betula pendula). Is minic go bhfásann na crainnte dúchasacha seo sna gnáthóga céanna le fearnóga in Éirinn. Is ón tréimhse Chailceach Dhéanach (os cionn 66 milliún bliain ó shin) a thosaigh na beitheanna agus na fearnóga ag éabhlóidiú ar chosáin dhifriúla óna chéile.[1]

Cur Síos ar Fhearnóga

Is crainnte duillsilteacha iad formhór na bhfearnóg (seachas an crann síorghlas, A. jorullensis, a fhásann i Meiriceá Láir), le duilleoga simplí, fiaclacha. Is crainnte moinéiciacha iad — bíonn bláthanna baineanna agus fireanna ar an gcrann céanna — agus, amhail na beitheanna, is caitíní iad na bláthanna a bhíonn orthu. Pailníonn an ghaoth iad den chuid is mó, cé go bhfuil neachtar sna bláthanna agus is foinse bhia iad do phailneoirí nuair nach mbíonn mórán bláthanna eile amuigh chomh luath sin sa mbliain (tagann na bláthanna luath sa mbliain, agus sula n-osclaíonn na duilleoga). Tá na torthaí adhmadach — breathnaíonn siad cosúil leis na buaircíní a bhíonn ar chrainnte buaircíneacha — agus mar go bhfanann siad ar an gcrann, fiú tar éis do na síolta scaipeadh, is furasta fearnóga aithint ó speicis eile sa ngeimhreadh.

Fásann an fhearnóg go tréan in Éirinn agus meastar go gcuimsíonn fearnóga (A. glutinosa a bhformhór) 2.7% de chrainnte na hÉireann anois.[2] Táthar ag iarraidh níos nó béime a chur ar chrainnte duillsilteacha i dtionscadal na foraoiseachta. Mar gheall ar seo, cuirtear deontais ar fáil chun ar a laghad 20% de chrainnte leathandhuilleacha cosúil le fearnóga a chur in éineacht leis na crainnte síorghlasa — sprúis (Picea spp.) den chuid is mó — a chuimsíonn formhór na gcrainnte sna fáschoillte.

Fosú Nítrigine

Saibhríonn fearnóga an talamh ar a bhfásann siad trí phróiseas ar a dtugtar fosú nítrigine. Fásann an baictéir Frankia alni ar nóidíní i rútaí na fearnóige.[3] Súnn an baictéir seo nítrigin ón aer agus stóráiltear sna nóidíní é — acmhainn thábhachtach gur féidir leis an gcrann leas a bhaint as agus é ag fás. Is mar gheall ar an tréith seo gur crainnte téisclime iad na fearnóga — tá said in ann fás in ithir mhianrach gan mórán cothaithigh. Cuireann an crann táirgí carbóin ar fáil don bhaictéir mar chúiteamh na hoibre seo. Lobhann na nóidíní isteach sa gcréafóg nuair a fhaigheann an crann bás agus saibhrítear an ithir mar thoradh ar an gcaidrimh siombóiseach seo idir an dá orgánach.

Cuirtear fearnóga chun an talamh a leasú mar go bhfuil an bua seo acu. Ach ní ag fearnóga amháin atá an ábaltacht seo — baineann plandaí sa bhfine Fabaceae, an t-aiteann (Ulex spp.), peasairí (Vicia spp.), agus seamair (Trifolium spp.) san áireamh, leas as fosú nítrigine freisin agus iad ag fás.

Súnn fearnóga dúile eile — ór san áireamh — isteach ina gcuid géaga, coirt, agus duilleoga. Dá thoradh seo, is féidir níos mó a foghlaim faoi chomhdhéanamh na créafóige ina bhfuil siad ag fás tríd anailís a dhéanamh ar chodanna an chrainn. Táthar á fhiosrú seo mar bhealach chun fosú óir nua a aimsiú, go háirithe i suíomhanna nach dtugann a gcomhdhéanamh geolaíoch le fios go bhfuil na mianraí sin ann.[4]

Bhaintí úsáide as fearnóga (san áireamh an fhearnóg choiteann in Éirinn) mar chógas leighis, agus léiríonn taighde go bhfuil comhdhúile sna crainnte seo le tréithe frith-athlastacha a d’fhéadfaí cabhrú le raon leathan breoiteachtaí.[5, 6]

An fhearnóg Iodálach ag fás ar thalamh thréigthe.

Fearnóga Eile

Is ar chósta iarthair Meiriceá Thuaidh a fhásann an fhearnóg dhearg (Alnus rubra), an speiceas fearnóige is mó ar domhain (tá cuid de chrainnte an speicis seo os cionn 30m ard). Mar go dtáirgeann fhearnóg dhearg adhmad éadrom, neamhdhlúth, le tréithe maithe fuaime, is as adhmad an chrainn seo a dhéantar giotáir leictreacha, an Fender Stratocaster san áireamh. Ní crann coitianta é seo in Éirinn, ach tá an fhearnóg dhearg curtha i bhfáschoillte i gCo. Chiarraí agus i gCo. Chorcaigh, agus tá crainnte óga ag scaipeadh dá thoradh ar thalamh tréigthe sa gceantar sin.[7] Ina cheantar dúchais, fásann an fhearnóg rua in éineacht le crainnte atá coitianta anois ar fháschoillte na hÉireann, amhail an sprús Sitceach (Picea sitchensis) agus an ghiúis mhór (Abies grandis), agus speicis amhail an himlic iartharach (Tsuga heterophylla) agus an céadar crón iartharach (Thuja plicata) a chuirtear anois mar chrainnte ornáide ar eastáit mhóra na tíre. Luíonn sé le réasún go n-éireodh go maith leis an fhearnóg rua in aeráid thais an oileáin seo freisin. Tá speiceas eile, an fhearnóg ghlas (Alnus viridis), dúchasach san Eoraip ach níl sé fairsing in Éirinn.[8]

Tagairtí

  1. Chen, Z. and J. Li, Phylogenetics and Biogeography of Alnus (Betulaceae) Inferred from Sequences of Nuclear Ribosomal DNA ITS Region. International Journal of Plant Sciences – INT J PLANT SCI, 2004. 165: p. 325-335.
  2. An Roinn Talmhaíochta, B.a.M., Forest Statistics Ireland 2020, B.a.M. An Roinn Talmhaíochta, Editor. 2020, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara: Loch Garman. p. 89.
  3. Bond, G., Evidence for fixation of nitrogen by root nodules of alder (Alnus) under field conditions. The New Phytologist, 1956. 55(2): p. 147-153.
  4. Cohen, D.R., E. Hoffman, and I. Nichol, Biogeochemistry: A geochemical method for gold exploration in the Canadian Shield. Journal of Geochemical Exploration, 1987. 29(1-3): p. 49-73.
  5. Ren, X., et al., The Genus Alnus, A Comprehensive Outline of Its Chemical Constituents and Biological Activities. Molecules, 2017. 22(8): p. 1383.
  6. Smeriglio, A., et al., New Insights on Phytochemical Features and Biological Properties of Alnus glutinosa Stem Bark. Plants, 2022. 11(19): p. 2499.
  7. Buckley, D.J., Observations on two non-native Alder species (Betulaceae) naturalising in Ireland. British & Irish Botany, 2021. 3(1).
  8. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

Crainnte sa ngéineas Alnus