Is sa bhfine Betulaceae atá cuid de na speicis dhúchasacha is coitianta agus is fairsinge in Éirinn — an coll (Corylus avellana), an fhearnóg choiteann (Alnus glutinosa), agus na beitheanna (Betula spp.). Is iondúil gur sa leathsféar thuaidh, i gceantair le haeráid mheasartha, a fhásann crainnte sa bhfine seo, cé go bhfuil roinnt speiceas tar éis a mbealach a dhéanamh síos go dtí na hAindéis i Meiriceá Theas.[1]

Is crainnte moinéiciacha, duillsilteacha iad na plandaí atá sa bhfine seo. Bíonn tréithe i gcoiteann acu – bíonn na duilleoga simplí, fásann siad go hailtéarnach ar an ngas, agus bíonn imill na nduilleog fiaclach (agus go minic défhiaclach). Is caitíní a bhíonn ag na crainnte seo mar bhláthanna agus is minic go dtagann siad amach luath sa mbliain, sula dtagann duilleoga ar na géaga. Is í an ghaoth an príomhbhealach a phailnítear na bláthanna. Is síol beag sciathánach ar a dtugtar samár (i gcás na mbeitheanna) nó cnó (an crann coill) a bhíonn mar thoradh ar an gcrann.

Is iondúil go ndéantar dhá fhofhine de Betulaceae — Betuloideae agus Coryloideae (is finte astu fhéin a bhí iontu seo go dtí le gairid). Is sa bhfofhine Betuloideae atá na beitheanna agus na fearnóga. Tá dhá bheith dhúchasach in Éirinn — an bheith gheal (Betula pendula) agus an bheith chlúmhach (Betula pubescens). Tá an fhearnóg choiteann dúchasach in Éirinn agus tá dhá fhearnóg neamhdhúchasacha — an fhearnóg Iodálach (Alnus cordata) agus an fhearnóg liath (Alnus incana) — ag scaipeadh go fiáin in Éirinn freisin.

Is sa bhfhofhine Coryloides atá an coll — crann le stair fhada agus traidisiún mhór in Éirinn. Bíonn tóir ag daoine agus ag ainmhithe ar chnónna an chrainn seo, agus bhí úsáid mhór á baint as adhmad an chrainn coill i gceird na caoladóireachta san am atá caite. Cé go bhfásann sé go minic sa sraith mheánach i gcoillte in éineacht le crainnte móra cosúil leis an dair (Quercus spp) agus an fhuinseog (Fraxinus excelsior), tá coillearnaigh freisin ar aolchloch na tíre — go háirithe sa mboireann i gCo. an Chláir — nach bhfuil ag fás iontu ach crainnte coill.

Is a bhfofhine Coryloideas freisin atá an crann sleamhain (Carpinus betulus). Tugadh isteach go hÉirinn an crann seo ach tá sé fairsing anois. Cuirtear go minic mar chrann ornáide é agus mar sceach fáil. Tá cuma cosúil leis an bhfeá (Fagus sylvatica) ar an gcrann sleamhain agus, cosúil leis an gcrann sin, coinníonn sé na duilleoga feoite sa ngeimhreadh.
Plandaí sa bhfine Betulaceae