Is crainnte agus sceacha, den chuid is mó, atá san ord Fagales. Ina measc tá cuid de na crainnte is mó agus is tábhachtaí in Éirinn. Tá seacht bhfine san ord faoi láthair: Betulaceae, Juglandaceae, Casuarinaceae, Nothofagaceae, Myricaceae, Rhoipteleaceae, agus Ticodendraceae. Tá plandaí ó trí cinn de na finte – Betulaceae, Fagaceae, Myricaceae – coitianta in Éirinn.

Is a bhfine Betulaceae a fhaightear na beitheanna agus an crann coille (Corylus avellana). Tá an dá chrann darach atá dúchasach in Éirinn, an dair Ghaelach (Quercus petrea) agus an dair ghallda (Quercus robur), chomh maith leis an bhfeá (Fagus sylvatica), sa bhfine Fagaceae. Tá na castáin, crainnte le cnónna inite, sa bhfine seo freisin. Tá an roilleog (Myrica gale), sceach bheag chumhra atá fairsing ar phortaigh na tíre, sa bhfine Myricaceae.
Plandaí san ord Fagales