An tAiteann Gaelach
Ulex gallii
Ainmneacha Eile: Mionaiteann, Aiteann Mín; Mínaiteann[1];…
Imeoidh a dtiocfaidh is a dtáinig riamh
Ach ní imeoidh na grásta ó Dhia;
Imeodsa is tusa as an áit seo
Is beidh an t-aiteann ag fás ‘nár ndiaidh.[1, 2]
Ainmneacha eile: Aitinn (Gaillimh)[1]; Aitinne (Gaillimh & Maigh Eo)[1]; Aiteannach (Dún na nGall)[1]
Tugtar aiteann ar na sceacha craobhacha, deilgneacha sin atá sa ngéineas Ulex. Ceaptar gur ón bPortaingéil a tháinig an géineas seo ó thús (tá gach speiceas den ghéineas, timpeall 20 acu, ag fás i Leithinis na hIbéire) agus is é iarthar na hEorpa agus tuaisceart na hAfraice a réimse dúchais anois.[3] Uaidh sin, tugadh aiteann go Meiriceá agus an Astraláise sa 19ú aois, áiteanna a bhfuil sé nádúraithe (agus ionrach) anois.[4] Dhá speiceas atá dúchasach in Éirinn, an t-aiteann gallda (Ulex europaeus) agus an t-aiteann Gaelach (Ulex gallii).
Tá an t-aiteann sa bhfine céanna, Fabaceae, le plandaí trídhuilleacha aitheanta amhail na seamra (nó seamróga mar a thugtar orthu i mí an Mhárta). Cé go bhfuil duilleoga an-difriúil anois ag an aiteann, tá iarsma de dhuilleoga trídhuilleacha na seamra, nod do bhunús sinseartha an aitinn, le feiceáil ar an bplanda nuair a phéacann sé i dtús a shaol, ach ní choinníonn sé na duilleoga seo ar feadh i bhfad.[4]
Ní ar aon dul le duilleoga plandaí eile iad duilleoga an aitinn. Is duilleoga maolaithe iad atá an-difriúil ó na duilleoga atá ar phlandaí eile sa bhfine Fabaceae. Bíonn siad beag, tanaí, le cruth lansach nó snáthaidiúil. Bíonn siad deacair le feiceáil, freisin, agus ní chabhraíonn sé gur dath glas atá ar duilleoga agus ar chraobhacha an aitinn agus é ag fás.
Is iad deilgní glasa an aitinn na tréithe is suntasaí atá ag an bplanda síorghlas seo. Ní duilleoga iad sin, ach géaga na sceiche. Tá struchtúr craobhach ar leith ag an aiteann. Is ar chraobhacha na sceiche (tugtar accessory branch orthu) a fhásann na deilgní príomha, a bhíonn timpeall 5cm ar fhad. Fásann duilleoga agus deilgní tánaisteacha (a bhíonn níos giorra) ar na deilgní príomha seo. Fásann bachlóg san ascaill idir na duilleoga agus na deilgní príomha as a dtagann craobh nua. Fásann an chraobh ar feadh bliana nó mar sin, agus bíonn sé idir 30cm agus 40cm ar fhad, ag brath ar an speiceas aitinn. Ansin cailltear an duilleog agus an dealg a bhíonn ag bun na craoibhe, cé go bhfanann siad ar an sceach ar feadh roinnt blianta. Is mar gheall ar sin a bhíonn an t-aiteann chomh tirim agus feoite laistigh den sceach, agus ní bhíonn ag fás ach an chuid ghlas ar an taobh amuigh den sceach.[5, 6] Is mar sin freisin go bhfuil sé chomh héasca ar an aiteann loscadh in aimsir thirim.
Mar go bhfuil na duilleoga fhéin chomh beag sin, níl mórán clóraifille iontu, an substaint a chuireann ar chumas an phlanda, trí phróiseas fótaisintéise, fuinneamh a ghiniúint as carbón an aeir. Mar chúiteamh ar seo, déanann na deilgní cúram den chuid is mó den fótaisintéis a dhéanann an planda.[7] Ní chailleann an t-aiteann mórán uisce tríd na duilleoga agus na deilgní spíonlacha trí thrasghalú, rud a chuireann ar a chumas maireachtáil in ithir thirim agus i ngnáthóga feannta.[4] Tugann na deilgní géara (idir dhuilleoga agus chraobhacha) cosaint don phlanda ó innilt ainmhithe freisin.
Bíonn an struchtúr céanna ar bhláthanna an aitinn agus a bhíonn ar bhláthanna na bplandaí eile atá sa bhfine Fabaceae. Cúig pheiteal a bhíonn ar an mbláth. Tugtar an bratach ar an bpeiteal uachtarach, bíonn na sciatháin ar chaon taobh den bhratach, agus is iad na cílí an dá pheiteal íochtaracha.[6] De réir mar a théann an séasúr ar aghaidh, filleann an bratach ina dhá leath agus clúdaíonn sé faighneog na síolta a fhásann taobh istigh. Bíonn dhá dhuilleog sa gcailís a fhanann ar an bplanda de réir mar a aibíonn na síolta.
Is meachain, den chuid is mó, a phailníonn bláthanna an aitinn. Téann na meachain isteach sna bláthanna ag cuartú neachtair (cé nach bhfuil neachtar iontu). Brúitear na cílí ar leataobh agus clúdaíonn an mheach an stíl (an chuid bhaineann den phlanda) le pailin ón staimín. Nuair a tharlaíonn sé seo, breathnaíonn an bláth míshlachtmhar agus seachnaíonn na meachain é. [6] Forbraítear na síolta taobh istigh d’fhaighneog. Tosaíonn sé an fhaighneog ag triomú, agus cuireann sé seo strus ar an dá thaobh den fhaighneog go dtí go bpléascann sé, ag caitheadh na síolta amach ón bplanda.[6]
Is planda é an t-aiteann atá in oiriúint do choinníollacha nach bhfuil feiliúnach do go leor plandaí eile. Amhail plandaí eile sa bhfine Fabaceae, fosaíonn an t-aiteann nítrigin ina chuid fréamacha, rud a chuireann ar a chumas fás i dtalamh bhocht, mhianrach.[1] Tairgeann an planda na mílte síolta gach séasúr, agus ní mórán plandaí eile atá in ann dul in iomaíocht leis sna gnáthóga sin.[1]
Is minic go mbíonn roinnt ainmneacha difriúla ar phlandaí a raibh an-úsáid ag baint leo, agus tá sé seo amhlaidh leis an aiteann. Tá ‘aiteannach’ air i dTír Chonaill, b’fhéidir gur athraigh an aidiacht ‘aiteannach’ (áit ina bhfuil aiteann ag fás ann) go ainmfhocal tar éis imeacht ama.[1] Is féidir tagairtí don fhocal aiteann (‘aittiun’) a fháil i lámhscríbhinní ón 8ú céad. Is eithin atá ar i mBreatainis. Maidir leis an mBéarla, is whins a bhíonn in úsáid ó thuaidh den líne ó Co. Mhaigh Eo go Co. an Lú, agus furze ar an aiteann ó dheas den líne sin. Is cosúil gur ainm Sasanach é gorse, agus nach mbíodh sé in úsáid ach ag daoine a d’fhoghlaim an focal sin ó leabhair (nó daoine a chonaic i Sasana é).[1]
Ainmneacha Eile: Mionaiteann, Aiteann Mín; Mínaiteann[1];…
Ainmneacha Eile: Aiteann Francach, Aitinn uaibhreach[1]…