An Ghiolcach Shléibhe
Cytisus scoparius
Tréithe Suntasach na Sceiche Sceach ingearach,…
Le os cionn 750 géineas agus beagnach 20,000 speiceas, tá an fhine Fabaceae ar an tríú fhine de phlandaí talún is mó -níl níos mó ná é ach Asteraceae – le plandaí coitianta amhail an nóinín (Bellis perennis) agus an Caisearbhán (Taraxacum spp.) – agus Orchidaceae – fine na magairlíní.[1]
Tugtar fine na léagúim, nó fine na bpiseanna, ar an fine seo mar is ann atá plandaí piseanna agus pónairí. Is ann freisin atá go leor de bhláthanna fiáine coitianta na hÉireann, ina measc na peasairí (Vicia spp.), croibh éin (Lotus spp.), agus na seamair (Trifolium spp.). Is iad na seamra is mó atá i gceist nuair a dhéantar tagairt den tseamróg. De réir an tseanchais, d’úsáid Naomh Pádraig cruth trídhuilleach dhuilleog na seamróige chun an Tríonóid Naofa a léiriú.
Tá fosú nítrigine, ina mbaineann na plandaí leas as nítrigin san aer chun comhdhúile nítrigine a tháirgeadh, ar cheann de thréithe na bplandaí seo. Saibhríonn an próiseas seo an ithir nuair a lobhann an planda agus mar gheall air seo baintear úsáid as speicis éagsúla seamair mar leasú talún agus mar fhodar do bheithígh.
Is féidir plandaí sa bhfine Fabaceae a aithint ó chruth na mbláthanna. Cúig pheiteal a bhíonn orthu go léir. Tugtar an bratach ar an bpeiteal uachtarach, bíonn na sciatháin ar chaon taobh den bhratach, agus is iad na cílí an dá pheiteal íochtaracha. Forbraítear síolta na bplandaí i bhfaighneoga (cosúil leis na faighneoga ina mbíonn piseanna). Is minic go ndúnann na peitil feoite isteach ar an bhfaighneog de réir mar a théann an séasúr ar aghaidh.
Cé gur ilbhliantóga luibheacha formhór na bplandaí sa bhfine, tá seacha ann freisin. Tá an cuid is mó acu sa treabh Genisteae, sa bhfo-fhine Faboideae. Tá an labarnam sa treabh seo, crann beag atá dúchasach i ndeisceart na hEorpa agus a chuirtear mar chrann ornáide in Éirinn de dheasca na mbláthanna buí a chrochann anuas ón na craobhacha i raicéimí fada i mí Bealtaine. Is iad na beallaí Albanach (Laburnum alpinum), na beallaí Francach (Laburnum anagyroides) nó hibrid den dá chrann (Laburnum x wateri) is mó a chuirtear i ngairdíní in Éirinn.
Tá sceacha sa treabh Genisteae atá dúchasach in Éirinn freisin. Is ann atá an t-aiteann (Ulex spp.) sceach síorghlas dheilgneach atá an-choitianta ar an oileán. Tá an ghiolcach shléibhe (Cytisus scoparius) sa bhfine seo freisin, sceach dúchasach eile le bláthanna buí, cé nach bhfuil sé deilgneach.
Tréithe Suntasach na Sceiche Sceach ingearach,…
Ainmneacha Eile: Mionaiteann, Aiteann Mín; Mínaiteann[1];…
Ainmneacha Eile: Aiteann Francach, Aitinn uaibhreach[1]…