An Ghiolcach Shléibhe
Cytisus scoparius
Tréithe Suntasach na Sceiche Sceach ingearach,…
Níl san ord Fabales ach ceithre fhine. Baineann ceann acu, Surianaceae, le plandaí a fhásann sna Tropaicí agus san Astráil. Is i Meiriceá Theas a fhásann plandaí ón bhfine Quillajaceae. Fásann dhá phlanda ón bhfine Polygalaceae go dúchasach in Éirinn – is iad sin lus an bhainne (Polygala vulgaris) agus na deirfiúiríní (Polygala serpyllifolia). Cheaptaí gur mhéadaigh na plandaí seo táirgiúlacht bainne i mbeithígh, agus is mar gheall ar sin a fuair siad an t-ainm géiniteach Polygala (go leor bainne), focal atá le feiceáil in ainm na fine, Polygalaceae. Tugtar milkworts orthu i mBéarla. Tá 20 géineas sa bhfine agus as an 900 speiceas iomlán atá sa bhfine seo, is sa ngéineas Polygala atá timpeall a leath acu.[1]
Tá sé an-deacair na deirfiúiríní (níl mórán plandaí eile san uimhir iolra) agus lus an bhainne a aithint óna chéile. Is plandaí beag iad le bláthanna corcra, gorma, nó bándearga. Fásann na deirfiúiríní ar thalamh aigéadach – tá siad an-choitianta ar phortaigh an iarthair – agus taitníonn créafóg alcaileach níos fearr le lus an bhainne. Is ag bun an ghais atá an difríocht moirfeolaíochta eatarthu. Bíonn duilleoga íochtair na deirfiúiríní urchomhaireach (ar aghaidh a chéile) ar an ngas, agus bíonn duilleoga íochtair lus an bhainne ailtéarnach ar an ngas. Is minic go mbíonn sé deacair é sin a dhéanamh amach, mar go mbíonn na duilleoga an-ghar dá chéile ag íochtar an ghais (in aice leis an talamh) agus is minic do dhuilleoga a bheith in easnamh freisin.
Is ón bhfine Fabaceae a fuair an t-ord Fabales a ainm. Is í an tríú fine is mó ar domhan, le 751 géineas agus 19,500 speiceas.[1] Níl níos mó ná é ach Asteraceae – le plandaí coitianta amhail an nóinín (Bellis perennis) agus an Caisearbhán (Taraxacum spp.) – agus Orchidaceae – fine na magairlíní. Tugtar Leguminosae ar an bhfine Fabaceae freisin, fine na léagúm, mar gur ann atá na piseanna agus na pónairí go léir. Tá tréithe i gcoitinn ag plandaí sa bhfine seo – duilleoga cleiteacha, torthaí i bhfaighneog, stípeoga suntasacha, agus an cumas iontu go léir nítrigin a fhosú sa talamh.
Tréithe Suntasach na Sceiche Sceach ingearach,…
Ainmneacha Eile: Mionaiteann, Aiteann Mín; Mínaiteann[1];…
Ainmneacha Eile: Aiteann Francach, Aitinn uaibhreach[1]…