Fraoch na haon choise (Daboecia cantabrica) i gConamara sa samhradh.

An fhine Ericaceae

Is sa bhfine Ericaceae atá plandaí – dúchasach agus neamhdhúchasach – atá compordach ag fás i gcréafóg aigéadach phortaigh na hÉireann. Bíonn formhór acu síorghlas. Tá crann amháin sa bhfine seo atá dúchasacha in Éirinn– an chaithnea (Arbutus unedo), planda Lúsatánach atá ar cheann de fíor-bheagán plandaí atá dúchasach in Éirinn ach nach bhfuil sa mBreatain. Is gaol gar don chaithne é lus na stalóg (Arctostaphylos uva-ursi), nó lusra na geire-boirnigh.[1] ilbhliantóg adhmadach a fhásann in iarthar agus in iarthuaisceart na tíre.[2] Tá an fhraochóg (Vaccinium myrtillus), sceach bheag a tháirgeann torthaí beaga inite, coitianta ar phortaigh na hÉireann freisin. Is sa bhfine seo freisin atá an géineas Rhododendron, géineas mór le os cionn 600 speiceas.[3] Tá ceann amháin acu, an róslabhras (Rhododendron ponticum), ionrach agus tar éis greim a fháil ar stráicí móra d’iarthar na hÉireann.

Bláth ar an róslabhras.

Is ón ngéineas Erica a thagann an t-ainm Ericaceae. Is sa ngéineas seo atá cineálacha fraoch amhail an fraoch cloigíneach (Erica cinerea) agus an fraoch naosctha (Erica tetralix). Ní fhásann an fraoch camógach (Erica erigena), fraoch a bhláthaíonn sa ngeimhreadh, ach in iarthar Mhaigh Eo agus Gaillimh. Ceapadh le fada gur planda dúchasach a bhí ann, ach anois síltear gur tháinig sé isteach go hÉireann sa 15ú aois.[4] Is planda uathúil freisin é fraoch na haon choise (Daboecia cantabrica), planda Lúsatánach eile nach bhfásann in Éirinn ach in iarthar na Gaillimhe agus iarthar Mhaigh Eo, agus nach bhfásann fiáin sa mBreatain ar chor ar bith. Tá an-éileamh ar fraoch na haon choise agus ar an bhfraoch camógach i bplandlanna agus in ionaid gharraíodóireachta ar fud an domhain. Ní sa ngéineas Erica atá ceann de na cineálacha fraoch is coitianta in Éirinn, an fraoch mór (Calluna vulgaris). Tugann an fraoch seo clúdach d’éanacha amhail an chearc fhraoigh agus an fhuiseog. Baintear úsáid as na géaga adhmadacha i gcaoladóireacht.

Tagairtí

  1. Cameron, J., The Gaelic Names of Plants: (Scottish, Irish and Manx). 1883, Dún Éireann, Londain: William Blackwood and Sons.
  2. Hanrahan, S.A. and M.S. Skeffington, Arctostaphylos heath community ecology in the Burren, Western Ireland. Ecological Questions, 2015. 21: p. 9-12.
  3. Cross, J.R., Rhododendron Ponticum L. Journal of Ecology, 1975. 63(1): p. 345-364.
  4. Foss, P.J. and G.J. Doyle, The history of Erica erigena R. Ross, an Irish plant with a disjunct European distribution. Journal of Quaternary Science, 1990. 5(1): p. 1-16.

Plandaí sa bhfine Ericaceae