Tá an fraoch cloigíneach ar cheann de níos mó ná 12,000 speiceas difriúla de phlandaí san ord Ericales.

An t-ord Ericales

Is iomaí planda ilghnéitheach atá san ord Ericales. Tá os cionn 12,000 speiceas de phlandaí san ord, in os cionn 20 fine difriúla.

Tagann 4250 speiceas in Ericales ó fhine amháin, Ericaceae.[1] Is sa bhfine seo atá plandaí – dúchasach agus neamhdhúchasach- atá compordach ag fás i gcréafóg aigéadach phortaigh na hÉireann. Tá formhór acu síorghlas. Tá crann amháin sa bhfine seo atá dúchasacha in Éirinn– an chaithne (Arbutus unedo), planda Lúsatánach atá ar cheann de fíor-bheagán plandaí atá dúchasach in Éirinn ach nach bhfuil sa mBreatain. Is gaol gar don chaithne é lus na stalóg (Arctostaphylos uva-ursi), nó lusra na geire-boirnigh.[2] ilbhliantóg adhmadach a fhásann in iarthar agus in iarthuaisceart na tíre.[3]

Breathnaíonn bláthanna na fraochóige cosúil leis na bláthanna a bhíonn ar an bhfraoch, plandaí atá sa bhfine céanna, Ericaceae, leo.

Tá an fraochóg (Vaccinium myrtillus), sceach bheag a tháirgeann torthaí beaga inite, coitianta ar phortaigh na hÉireann freisin. Is sa bhfine Ericaceae freisin atá an géineas Rhododendron. Is géineas mór é, le os cionn 600 speiceas.[4] Tá ceann amháin acu, an róslabhras (Rhododendron ponticum), ionrach, agus tá tar éis greim a fháil ar stráicí móra d’iarthar na hÉireann.

Cé go bhfuil crúibíní cait ag éirí gann in Éirinn, tá siad fós flúirseach i gCois Fharraige, Co. na Gaillimhe.

Is san ord Ericales, freisin, atá fine mhór eile, Primulaceae. Is é an dara fine is mó san ord, le 2790 speiceas, i 53 géineas éagsúla. Is sa bhfine seo atá cuid de bhláthanna coitianta na hÉireann, ina measc crúibíní cait (Primula veris) agus an bainne bó bleachtáin (Primula vulgaris), mar a thugtar orthu i gConamara. Maraon le go leor plandaí in Éirinn, tugtar ainmneacha difriúla ar na plandaí seo i gceantair éagsúla. Sna háiteanna a thugtar an sabhaircín ar Primula vulgaris, tugtar bainne bó bleachtáin ar Primula veris. Léiríonn sé seo an éagsúlacht ainmneacha Gaeilge atá ar phlandaí na hÉireann, chomh maith leis na castachtaí a bhaineann le hainmneacha na bplandaí. Hibridíonn an dá phlanda le chéile, agus faightear an baisleach bréige (Primula x polyantha) mar thoradh air seo.

Fásann lus an tsailte ar chósta na tíre.

Tá roinnt plandaí ó Lysimachia, géineas eile atá sa bhfine Primulaceae, dúchasach in Éirinn. I measc siúd tá an falcaire fiáin (Lysimachia arvensis), planda le bláth beag dearg nach mbíonn le feiceáil ach nuair a bhíonn an ghrian ag scaladh. Sa ngéineas seo freisin tá an bláth beag íseal cladaigh, lus an tsailte (Lysimachia maritima), nó lus bainne mara. Is planda ramhardhuilleach é, mar aon le go leor plandaí cósta eile. Tugann an tréith seo cosaint don phlanda mar go mbíonn siad tumtha go minic in uisce sáile.

Tagairtí

  1. Christenhusz, M.J. and J.W. Byng, The number of known plants species in the world and its annual increase. Phytotaxa, 2016. 261(3): p. 201–217-201–217.
  2. Cameron, J., The Gaelic Names of Plants: (Scottish, Irish and Manx). 1883, Dún Éireann, Londain: William Blackwood and Sons.
  3. Hanrahan, S.A. and M.S. Skeffington, Arctostaphylos heath community ecology in the Burren, Western Ireland. Ecological Questions, 2015. 21: p. 9-12.
  4. Cross, J.R., Rhododendron Ponticum L. Journal of Ecology, 1975. 63(1): p. 345-364.

Plandaí san ord Ericales