Is í an chaor chon, sceach bheag le caora dearga sa bhfómhar, an t-aon speiceas ón ngéineas Viburnum atá dúchasach in Éirinn. Ach tá tá speicis eile sa ngéineas Viburnum ag fás in Éirinn chomh maith leis an gcaor chon. Tá Viburnum tinus (nó Viburnum laurustinus) ar cheann acu, sceach síorghlas a bhfuil an-tóir air i ngairdíní na tíre mar gheall ar na bláthanna geimhridh a bhíonn air. D’éalaigh sé ó na gairdíní sin agus é ag fás go fiáin anois in oirdheisceart na tíre.[1]

Tá an chraobh fhiáin (Viburnum lantana) neamhdhúchasach agus annamh in Éirinn. Is Viburnum an Laidin atá ar an gcraobh fhiáin, seach 3m (nó crann 6m i gcoinníollacha maithe)[7] a fhásann ar fud na hEorpa agus sa mBreatain. Bláthra de bhláthanna beaga bána a bhíonn air agus braislí de chaora a athraíonn ó ghlas go dearg go dubh de réir mar a aibíonn siad.[2] Is de dhéanamh na craoibhe fiáine a bhí saigheada Ötzi, fear a mhair sa tréimhse Neoiliteach agus a fritheadh sna sléibhte idir an Ostair agus an Iodáil. Bhí ábhar plandaí eile ar a phearsa. Bhí a chuid bróga ceangailte le sreangán ón gcrann teilinn (Tilia spp.), is as an iúr (Taxus baccata) a bhí bhogha agus lámh a thua déanta, bhí a bholg saighead treisithe le coll (Corylus avellana), agus bhí feirc fuinseoige (Fraxinus excelsior) a bhí ar a mhiodóg. Bhí soitheach déanta as coirt beithe (Betula spp.) aige, slata learóige (Larix spp) a bhí mar chuid dá mhála droma, agus sa soitheach bhí fioghual de phéine (Pinus spp.) agus fearnóg ghlas (Alnus viridis) fillte i nduilleoga den mhailp Lochlannach (Acer platanoides).[8] Léiriú é seo ar thábhacht na gcrainnte do na daoine a mhair níos mó ná 5000 bliain ó shin.