Bláthcheann an troim.

An géineas Sambucus

Tá dhá phlanda sa ngéineas Sambucus fairsing in Éirinn: an trom (Sambucus nigra) agus an tromán (Sambucus ebulus), agus cé gur crann é ceann acu agus planda luibheach an ceann eile, breathnaíonn siad cosúil lena chéile.

Is sceach nó crann beag é an trom le duilleoga cleiteacha agus bláthanna móra bána. Tagann caora dubha air sa bhfómhar. Tá an trom ar cheann de bheagán plandaí a bhfuil níos mó tóir ar na bláthanna ná atá ar na caora. Déantar fíon, tae agus coirdial as na bláthanna.[1, 2] Tá mianraí agus vitimíní sna caora ach moltar gan iad ithe gan próiseáil a dhéanamh orthu roimh ré. Tá duilleoga agus gas an chrainn nimhneach.[3] Bhí úsáidí eile seachas seo don trom fadó. D’úsáidtí an sceach níos minice, agus níos fairsinge, chun breoiteachtaí a leigheas ná aon chrann eile, in Éirinn agus sa mBreatain.[4]

Tá duilleoga cleiteacha agus bláthcheann mór, bán ag an tromán.

Cé gur planda neamhdhúchasach atá sa tromán, tá sé ag éirí níos coitianta in Éirinn. Tá sé scaipthe ar fud na hÉireann, agus is túisce go bhfeicfí é timpeall ar abhantrach na Sionainne.[5] Is cosúil le duilleoga agus bláthanna an troim atá duilleoga agus bláthanna an tromáin. Faightear an ilbhliantóg seo ar thaobh an bhóthair, i sceacha fáil, agus scaití timpeall ar fhothracha.[3]

Is iomaí ainmneacha atá ar an tromán: péith, péith bhog, moluirt, fliodh an bhalla, ballghuirt[6] agus lusbholurt[7] ina measc. Tháinig an ilbhliantóg luibheach seo isteach go hÉirinn i bhfad ó shin.[5] Tugadh Lus na nDanar air mar go raibh sé ráite go bhfásadh sé sna áiteanna ar throid na Danmhargaigh.[6]

“Tinneas mo chinn agus tinneas mo chroí i lár do chroí, a chrann tromáin” atá ag Dineen,[8] nath cainte ag impí ar an tromán tinneas an duine a thógáil air fhéin, cé go mb’fhéidir gurbh é an trom a bhí i gceist aige, mar ní mórán de chrann a dhéanann an tromán. D’úsáidtí é mar chógas leighis agus le dath gorm a chur ar olann.[5] Is leigheas ar íorpais a bhí ann i gCill Chainnigh, ach chaithfí é a mheascadh le fuisce le go bhféadfaí é a ól.

Bhí an géineas Sambucus sa bhfine Caprifoliaceae, in éineacht le plandaí coitianta amhail an fhéithleog (Lonicera periclymenum) agus an odhrach bhallach (Succisa pratensis), nó gur bogadh é, ar chúiseanna moirfeolaíocha, go Adoxaceae. Spéisiúil go leor, is tromán na habhna atá ag Dinneen ar an bhféithleog.[8]

Tagairtí

  1. Jarić, S., et al., An ethnobotanical study on the usage of wild medicinal herbs from Kopaonik Mountain (Central Serbia). Journal of Ethnopharmacology, 2007. 111(1): p. 160-175.
  2. Atkinson, M.D. and E. Atkinson, Sambucus nigra L. Journal of Ecology, 2002. 90(5): p. 895-923.
  3. Jackson, P.W. and M.B. Garden, Ireland’s Generous Nature: The Past and Present Uses of Wild Plants in Ireland. 2014: Missouri Botanical Garden Press.
  4. Vickery, R., Vickery’s Folk Flora: An AZ of the Folklore and Uses of British and Irish Plants. 2019: Hachette UK.
  5. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
  6. Moloney, M.F., Irish ethno-botany and the evolution of medicine in Ireland. 1919: MH Gill.
  7. Hogan, E., Luibhleabhrán: Irish and Scottish Gaelic Names of Herbs, Plants. Trees (Dublin, 1900). 50.
  8. Dinneen, P.S., An Irish-English Dictionary. 1927: Educational Company of Ireland.

Plandaí sa ngéineas Sambucus