Is sa bhfine Adoxaceae atá dhá chrann (ach is níos minice a thugann muid sceacha orthu) a fhásann go dúchasach in Éirinn, an trom (Sambucus nigra) agus an chaor chon (Viburnum opulus). Tá an trom ar an planda ón bhfine Adoxaceae is coitianta in Éirinn, agus is ba phlanda tábhachtach a bhí ann do shochaí na tíre fadó.

Bíonn imeall na nduilleog fiaclach i bplandaí na fine seo agus bíonn na duilleoga (agus na bachlóga sa ngeimhreadh) ar aghaidh a chéile ar an ngéag. Bíonn bláthra de bhláthanna beaga le cúig pheitil acu. Is drúp é toradh na sceiche – síol le clúdach crua adhmadach atá timpeallaithe ag ábhar bog feolmhar (an chaor).

Is ó phlanda beag eile sa bhfine, moscadal (Adoxa moschatellina), ilbhliantóg atá coitianta sa mBreatain ach an-annamh in Éirinn, a fuair an fine an t-ainm Adoxaceae. Níl sé le fáil ach ar dhá shuíomh in Éirinn – in aice le Béal Feirste agus in aice le Baile Átha Cliath –  agus ceaptar gur tugadh isteach sa tír é. Is í an tSín ceantar dúchais na bplandaí atá sa dá ghéineas eile in Adoxaceae, Sinadoxa, agus Tetradoxa.