Taxaceae

An tIúr Éireannach (Taxus baccata ‘fastigiata’) agus torthaí air, i nGarraithe Náisiúnta na Lus.

An fhine Taxaceae

Is fine bhuaircíneach í Taxaceae, nó clann na n-iúr, mar a thugtar go minic air. Tá sé ghéineas sa bhfine seo (agus 27 speiceas),[1] ach is é Taxus, géineas na n-iúr, agus ina bhfuil an t-iúr (Taxus baccata) mar bhall de, an ceann is ábhartha mar a bhaineann sé le flóra na hÉireann.

Níltear cinnte cén t-ord plandaí is feiliúnaí don fhine Taxaceae. Is buaircíneacha iad atá éagsúil ó na crainnte san ord Pinales (na péiní agus giúiseanna, ina measc) agus ó na na crainnte san ord Cupressales (na cufróga agus na céadair). Go dtí le déanaí, cuireadh Taxaceae isteach in ord aige fhéin, Taxales,[2] ach táthar anois ag ceapadh go bhfuil gaol níos gaire ag Taxaceae le finte eile san ord Cupressales.[3]

Amhail na crainnte eile san ord Cupressales, cosúil leis céadair mhóra na Meánmhara agus cufróga arda Mheiriceá Thuaidh, is plandaí buaircíneacha, síorghlasa iad na plandaí sa bhfine Taxaceae freisin. Ach ní buaircíní adhmadacha atá acu, ach arail, buaircíní feolmhara a bhreathnaíonn cosúil leis na caora a bhíonn ar leithéidí an draighean (Prunus spinosa) nó an sceach gheal (Cratagea monogyna).

Chomh maith leis an iúr choiteann (Taxus baccata), tá iúir eile sa ngéineas Taxus. Fásann an t-iúr Ciúin-Aigéanach (Taxus brevifolia) ar chósta iarthuaiscirt Mheiriceá Thuaidh. Maraon leis an iúr coiteann, is planda nimhneach é, cé n-itheann éanacha na caora. Is ó nimh an chrainn seo a sintéisíodh paclitaxel, druga tábhachtach ceimiteiripe. Is féidir an ceimiceach céanna a asbhaint ó speicis eile d’iúir. Chuir an tAontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra (IUCN) an t-iúr Síneach (Taxus chinensis) ar an liosta plandaí atá i mbaol  mar gheall ar an méid crann atá á ghearradh chun freastal ar an éileamh atá ar paclitaxel.[4]

Is é an luibheolaí agus sealgaire plandaí, Robert Fortune (1812-1880), a thug an t-iúr Seapánach (Taxus cuspidata) go dtí an Bhreatain in 1855.[5] Bhí baint mhór ag Fortune in aistriú plandaí tae (Camellia sinensis) ón tSín go dtí an India freisin, ar son Comhlacht Briotanach na hIndiacha Thoir.[6] Is craobhacha den iúr Ceanadach (Taxus canadensis) a úsáidtear mar mhaisiúchán Nollag in ionad cuilinn i dteaghlaigh i Meiriceá Thuaidh.[7]

Tá iúir eile sa bhfine seo freisin, na hiúir phlumaí (Cephalotaxus spp.), le torthaí móra feolmhara, na hiúir chaitíneacha (Amentotaxus spp.), le buaircíní fireanna a bhreathnaíonn cosúil le caitíní, agus na hiúir noitmige (Torreya spp.), le torthaí a bhreathnaíonn cosúil le noitmige.

Tagairtí

  1. Christenhusz, M.J. and J.W. Byng, The number of known plants species in the world and its annual increase. Phytotaxa, 2016. 261(3): p. 201–217-201–217.
  2. Pant, D., Inclusion of Taxaceae in a separate order, Taxales. Current Science, 2000. 79(3): p. 278-279.
  3. Yang, Y., et al., Recent advances on phylogenomics of gymnosperms and a new classification. Plant Diversity, 2022. 44(4): p. 340-350.
  4. Jia, X.-M. and X.-P. Liu, Characterization of the complete chloroplast genome of the Chinese yew Taxus chinensis (Taxaceae), an endangered and medicinally important tree species in China. Conservation Genetics Resources, 2017. 9: p. 197-199.
  5. Russell, T., The Illustrated Encyclopedia of Trees of Britain & Europe. 2005: Lorenz Books.
  6. Gardener, W., Robert Fortune and the Cultivation of Tea in the United States. Arnoldia, 1971. 31(1): p. 1-19.
  7. Lee, M., The yew tree (Taxus baccata) in mythology and medicine. Journal of the Royal College of Physicians of Edinburgh, 1998. 28(4): p. 569-575.

Plandaí sa bhfine Taxaceae