Cupressaceae

An Crón Iartharach (Thuja plicata) ag fás i measc cufróga eile in iarthar na hÉireann. Feileann aeráid mheasartha, fhliuch an oileáin na crainnte seo. Bíonn fréamhacha thaca ar chrainnte móra cosúil leis an gceann seo, i bPáirc na Cúile. Co. na Gaillimhe.

An fhine Cupressaceae

Is iomaí speiceas de chrann ón bhfine Cupressaceae atá ag fás in Éirinn. Tá cuid acu dúchasach agus ag fás go fiáin, agus tá cuid eile curtha mar chrainnte ornáide, crainnte fáil, nó i bhfáschoillte. Tá tréithe éagsúla i gcoiteann acu lena chéile. Is iondúil gur crainnte moinéiciacha iad, bíonn siad síorghlas, le spíonlacha gainneacha mar dhuilleoga, agus bíonn buaircíní acu mar thorthaí. Bíonn formhór na dtorthaí adhmadach, ach bíonn ceanna eile cosúil le caora feolmhara.

Tugtar cufróga (tá cufar agus crann cuphair ag Foclóir Lane[1], agus cupraisc ag Ó Dónaill[2]) ar speicis éagsúla de phlandaí buaircíneacha sa bhfine Cupressaceae, ina n-áirítear cuid de na crainnte is mó ar domhain. Is iondúil gur crainnte síorghlasa iad, cé go bhfuil an chufróg mhaol (Taxodium distichum), a fhásann i seascainn oirdheisceart na Stáit Aontaithe, duillsilteach. Faightear ar fud an domhain iad, ach is sa leathsféar thuadh atá formhór na speiceas. Is minic a ndéantar na cufróga a rangú i dhá chatagóir. Is “fíor-chufróga” a thugtar ar na plandaí sin atá sa ngéineas Cupressus. Ar an speiceas is cáiliúla dóibh siúd tá an chufróg Iodálach (Cupressus sempervirens), a fhásann ar fud na Meánmhara agus chomh fada soir leis an Iaráin. Is bunchuid de chultúr agus traidisiúin na Meánmhara agus an Mheánoirthir é Cupressus sempervirens. Spreag cruth caol, cónach an chrainn seo ealaíontóirí ar feadh na céadta blianta agus is íomhá steiréitipiciúil é anois de thírdhreach Thuscáin na hIodáile. Tá an chufróg Iodálach feiceálach i gcuid de na saothair is cáiliúla a phéinteáil Vincent van Gogh — De sterrennacht, Korenveld met cipressen, agus Cipressen, a phéinteáil sé in 1889, agus a léiríonn cufróga Iodálacha ag fás i ndeisceart na Fraince.

Tá cáil ar dhuilliúr dlúth na cufróige Leyland (Cupressus x leylandii) agus tá sé coitianta mar sceach fáil in Éirinn.

Tugtar cufróga bréagacha ar chrainnte atá sa ngéineas Chameacyparis. Ina measc siúd tá cuid de na cufróga is coitianta in Éirinn — cufróg Lawson (Chamaecyparis lawsoniana) agus cufróg Leyland (Cupressus x leylandii). Is níos minice a ghlaoitear leylandii ar chufróg Leyland, agus cáil bainte amach ag luas tapa fáis agus duilliúr dlúth an chrainn. Is hibrid an leylandii idir dhá chufróg — cufróg Nootka (Chamaecyparis nootkatensis) agus cufróg Lawson. Níl ceantar dúchais an dá speiceas seo i Meiriceá Thuaidh gar dá chéile agus cé gur féidir leo hibridiú má bhabhtálann siad pailin, ní fhaigheann siad an deis sa bhfiántas. Tá éiginnteacht faoi cár fhás an chéad leylandii. Bhí an dá thuismitheoir ag fás in aice le chéile i Leighton Hall, eastáit sa mBreatain Bheag a bhí faoi úinéireacht Christopher Leyland. Bailíodh buaircíní ón gcufróg Nootka in 1888 agus b’iad na crainnte a d’fhás astu seo na chéad phlandaí leylandii, agus is uaidh sin a tháinig ainm an chrainn.[3] Ar an lámh eile maítear gur fhás leylandii i Ros Treabhair, Co. an Dúin in 1870.[4]

Is crainnte buaircíneacha freisin iad na céadair agus, maraon leis na cufróga, tá fíor-chéadair ann agus céadair bhréagacha. Is iondúil go sainmhínítear céadair mar chrainnte síorghlasa le hadhmad cumhra, agus mar gheall ar an sainmhíniú leathan sin tá céadair scaipthe idir ghéinis agus fhinte éagsúla.

Céadar na Liobáine (Cedrus libani), i nGarraithe Náisiúnta na Lus.

Is san ord Pinales, agus sa bhfine Pinaceae — an fhine céanna ina bhfuil crainnte amhail an Péine Albanach (Pinus sylvestris) — atá na fíor-céadair, cosúil le céadar cáiliúil na Liobáine (Cedrus libani). Is léiriú ar thábhacht na gcrainnte seo don Mheánoirthear go luaitear sa mBíobla gur bhronntanas ó Dhia do mhuintir na Liobáine a bhí sna crainnte móra seo:

“Tá crainn an Tiarna lán de shúlach; na crainn chéadair a phlandaigh sé sa Liobáin.”

Salm 104:16

Is léiriú freisin ar éileamh na gcrainnte seo go bhfuil formhór na bhforaoiseacha céadair bainte anois, agus anuas ar seo tá an líon beag crainnte atá fágtha faoi léigear ag an athrú aeráide.[5] Aithníodh tábhacht na gcrainnte seo nuair a áireodh Céadair an Tiarna, forais ársa chéadair na Liobáine atá suite i dtuaisceart na tíre sin, mar cheann de Láithreáin Oidhreachta Domhanda de chuid an UNESCO in 1998. Cé go bhfuil tóir ar chéadair na Liobáine mar chrainnte ornáide i ndeisceart na Breataine, ní léir go bhfuil na céadair seo curtha go forleathan in Éirinn, seans mar go bhfuil coinníollacha níos tirime ag teastáil uathu ná crainnte síorghlasa eile. Tugadh isteach sa mBreatain é in 1638, ach ní raibh an t-éileamh céanna ar le linn réimeas bhanríon Victoria. Tá go leor de na crainnte a cuireadh luath sa 19ú aois ag fáil bháis. Is in oirthuaisceart na hÉireann atá an líon is mó de na crainnte seo le fáil ar an oileán seo.[6]

Is sa bhfine Cupressaceae atá na céadair bhréagacha, ina measc an céadar crón iartharach (Thuja plicata), crann atá réasúnta fairsing in Éirinn. Tugtar céadair bhréagacha orthu mar nach bhfuil na crainnte seo sa ngéineas Cedrus, ach tá tréithe comónta acu leis na fíor-chéadair. Bíonn duilleoga beaga gainneacha acu a luíonn anuas ar a chéile ar nó slinnte adhmaid, bíonn buaircíní comhchosúla acu, agus bíonn adhmad cumhra acu. Is ruaigtheach nádúrtha do leamhain é adhmad cumhra an chéadair, agus is as a dhéantar cófraí éadaigh dá thoradh seo. Déantar ola céadair, a úsáidtear i dtionscail na cumhradóireachta agus mar lotnaidicíd, as na gcrainnte seo freisin a. Is iad na céadair bhréagacha is mó a úsáidtear chun ola céadair a ghiniúint mar ar an mbaol ina bhfuil na fíorchéadair.

Tá dhá speiceas de na crainnte is mó sa domhan, an dá cheann acu sa bhfine Cupressaceae, ag fás in Éirinn. Is ó chósta thuaidh-thiar Mheiriceá Thuaidh a thagann an chrónghiúis (Sequoia sempervirens), agus feileann aeráid thais na hÉireann an crann seo. Is crann de speiceas seo an ceann is airde ar an domhain (115.9m). Is mhórghiúiseanna Dhúdacha (Sequoiadendron giganteum) an crann is mó toirte (1,487 m3) ar domhain. Maraon leis an gcrónghiúis, is ó iarthar Mheiriceá Thuaidh a thagann na mórghiúsieanna dúdacha. Fásann siad in Éirinn, cé nach mbaineann siad amach an airde céanna in Éirinn agus a bhíonn acu in a gceantar dúchais. Tá ceann i gCo. Phort Láirge atá 56m ar airde.

An t-aiteal (Juniperis communis), an cineál sínte, ag fás ar chloch i Leitir Móir, Co. na Gaillimhe.

Tá crann dúchasach Éireannach amháin sa bhfine Cupressaceae— an t-aiteal (Juniper communis) — crann atá fairsing in Éirinn. Tháinig an t-aiteal go hÉirinn go luath tar éis an oighearaoise dheiridh, timpeall 15,000 bliain ó shin.[7] Is i dtorthaí an chrainn atá an difríocht is mó atá idir an t-aiteal agus na céadair agus na cufróga le feiceáil. Is níos cosúla le caora beaga dearga atá na torthaí seo, le hais na buaircíní crua adhmadacha a bhíonn ar na crainnte eile atá sa bhfine céanna leo.

Tá buaircíneach eile in Éirinn, an t-iúr (Taxus baccata). Tá tréithe i gcoitinn ag an iúr leis an aiteal — tá sé síorghlas, bíonn duilleoga spíonlacha air agus is buaircíní feolmhara torthaí an chrainn. Ní comhtharlú é seo — cé gur sa bhfine Taxaceae atá an t-iúr, tá an fhine sin agus Cupreassaceae san ord Cupressales, agus tá gaol i bhfad amach ag an dá chrann lena chéile.

Tagairtí

  1. Lane, T.O.N., Lane’s English-Irish Dictionary…: Compiled from the Most Authentic Sources. 1904: D. Nutt.
  2. Ó Dónaill, N. and T. De Bhaldraithe, Foclóir Gaeilge-Béarla. 1992: An Gúm.
  3. Adams, R.P., K. Rushforth, and S.N. Trimble, The origins of Leyland’s cypresses (x Cupressocyparis leylandii) based on DNA data. Phytologia, 2006. 88(1): p. 1-16.
  4. Savill, P.S., The silviculture of trees used in British forestry. 2019: CABI.
  5. Sattout, E.J. and N. Nemer, Managing climate change effects on relic forest ecosystems: A program for Lebanese Cedar. Biodiversity, 2008. 9(3-4): p. 122-130.
  6. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.
  7. Pilcher, J.R. and V.A. Hall, Flora hibernica. 2004: Collins Press.

Plandaí sa bhfine Cupressaceae