Cupressales

Céadar na Liobáine (Cedrus libani) ag fás i nGarraithe Náisiúnta na Lus.

An t-ord Cupressales

De réir an gcóras rangaithe is déanaí, tá trí fhine san ord Cupressales – Taxaceae, fine na n-iúr, Cupressaceae, fine na gcéadar agus na gcufróg, agus Sciadopityaceae, fine gan inti ach speiceas amháin, Sciadopitys verticillate, an péine clochra, crann nach bhfásann ach sa tSeapáin, ach a raibh fairsing ar rud an domhain le linn tréimhse na ndineasár.[1] Is crainnte agus sceacha síorghlasa, buaircíneacha iad gach planda san ord seo.

Is í Cupressaceae an fhine is mó san ord, le 149 speiceas difriúla scaipthe idir 29 géineas. Ina measc siúd tá na crainnte is mó ar domhan – an chrónghiúis (Sequoia sempervirens) agus fathach na gcrainnte, an mhórghiúis dhúdach (Sequoiadendron giganteum). Tá mórghiúis dhúdach amháin 95m ar airde, agus tá ceann eile, an General Sherman, atá 84m ar airde, ar an gcrann is mó toirte sa domhan.

Cufróg Monterey (Hesperocyparis macrocarpa) i gCo. na Gaillimhe. Éiríonn go maith leis na crainnte seo in iarthar na tíre.

Is iomaí speiceas de chrann ón bhfine Cupressaceae atá ag fás in Éirinn. Tá cuid acu dúchasach agus ag fás go fiáin, agus tá cuid eile curtha mar chrainnte ornáide, crainnte fáil, nó i bhfáschoillte. Tá tréithe éagsúla i gcoiteann acu lena chéile. Is iondúil gur crainnte moinéiciacha iad, bíonn siad síorghlas, le spíonlacha gainneacha mar dhuilleoga, agus bíonn buaircíní acu mar thorthaí. Bíonn formhór na dtorthaí adhmadach, ach bíonn ceanna eile cosúil le caora feolmhara.

Is fine bhuaircíneach í Taxaceae freisin, nó clann na n-iúr, mar a thugtar go minic air. Tá sé ghéineas sa bhfine seo (agus 27 speiceas),[1] ach is é Taxus, géineas na n-iúr, agus ina bhfuil an t-iúr (Taxus baccata) mar bhall de, an ceann is ábhartha mar a bhaineann sé le flóra na hÉireann.

Níltear cinnte cén t-ord plandaí is feiliúnaí don fhine Taxaceae. Is buaircíneacha iad atá éagsúil ó na crainnte san ord Pinales (na péiní agus giúiseanna, ina measc) agus ó na na crainnte san ord Cupressales (na cufróga agus na céadair). Go dtí le déanaí, cuireadh Taxaceae isteach in ord aige fhéin, Taxales,[2] ach táthar anois ag ceapadh go bhfuil gaol níos gaire ag Taxaceae le finte eile san ord Cupressales.[3] Amhail na crainnte eile san ord Cupressales, cosúil leis céadair mhóra na Meánmhara agus cufróga arda Mheiriceá Thuaidh, is plandaí buaircíneacha, síorghlasa iad na plandaí sa bhfine Taxaceae freisin. Ach ní buaircíní adhmadacha atá acu, ach arail, buaircíní feolmhara a bhreathnaíonn cosúil leis na caora a bhíonn ar leithéidí an draighean (Prunus spinosa) nó an sceach gheal (Cratagea monogyna).

Tagairtí

  1. Christenhusz, M.J. and J.W. Byng, The number of known plants species in the world and its annual increase. Phytotaxa, 2016. 261(3): p. 201–217-201–217.
  2. Pant, D., Inclusion of Taxaceae in a separate order, Taxales. Current Science, 2000. 79(3): p. 278-279.
  3. Yang, Y., et al., Recent advances on phylogenomics of gymnosperms and a new classification. Plant Diversity, 2022. 44(4): p. 340-350.

Plandaí san ord Cupressales