Crann cuillinn sa samhradh.

An Géineas Ilex

Is crainnte nó sceacha dé-éiciacha iad na plandaí sa bhfine seo, atá go hiondúil mall ag fás. Fásann siad go 4000m sna hAindéis agus sna hHimiléithe, ach ní fhaightear iad i gceantair thirime.[2] Bíonn duilleoga lonracha deilgneacha acu (is ón bhfocal aquifolium, a chiallaíonn duilleoga deilgneacha, a fuair an fine an t-ainm) agus is drúip iad na torthaí beaga – séard is drúp ann ná síol atá clúdaithe le chlúdach crua, atá taobh istigh de chlúdach feolmhar. Níl gach cuileann síorghlas. Is crainnte duillsilteacha iad Ilex decidua (possumhaw) agus Ilex verticillate (winterberry) a fhásann i Mheiriceá Thuaidh. Bíonn caora dearga na gcrann seo níos suntasaí ar an ngéag mar go gcailleann siad na duilleoga sa ngeimhreadh.

Fásann an cuileann Meiriceánach (Ilex opaca) i Meiriceá Thuaidh freisin. Tá an-éileamh ar an bplanda mar chrann ornáide (tá os cionn 100 saothróg de ann) agus mar mhaisiúcháin Nollag. Úsáidtear an t-adhmad i caibinéadacht agus freisin úsáidtear an t-adhmad, daite dubh, in ionad éabainn. Tá caiféin sa gcuileann Ilex paraguariensis, a fhásann i Meiriceá Theas, agus is as duilleoga an chrainn seo a dhéantar an deoch yerba maté.

Tugadh an t-ainm Ilex do ghéineas na gcuileann mar ar na cosúlachtaí idir an cuileann agus an dair thoilm (Quercus ilex), crann a dtugtar ilex ar sa Laidin. Bíonn duilleoga deilgneacha ar an gcineál dair seo, a thagann ó cheantar na Meánmhara ach a chuirtear go fairsing in Éirinn. Is ionann holm agus holly i mBéarla, agus tá Holm Oak agus Holly Oak ar an dair thoilm i mBéarla.

Crainnte sa ngéineas Ilex